YouVersion Logo
Search Icon

Irimia 2

2
Tréigeann Iosrael an Tiarna
1Tháinig briathar an Tiarna chugam: 2“Imigh agus fógair é seo in éisteacht Iarúsailéim: Seo mar a deir an Tiarna:
‘Cuimhním ar dhíograis dʼóige, do ghean brídeoige
an t‑am ar shiúil tú i mo dhiaidh san fhásach,
i bhfearann nár cuireadh.
3Bhí Iosrael coisricthe don Tiarna, céadtorthaí a fhómhair;
Ní raibh aon duine, dár bhlais de, nár íoc as;
tháinig an anachain orthu,
is é an Tiarna a labhraíonn.’ ”
4Éistigí le briathar an Tiarna, a theach Iacóib, agus sibhse, a mhuintir uile theach Iosrael. 5Seo mar a deir an Tiarna:
“Cén t‑easnamh a bhraith bhur n‑aithreacha ormsa
a thug orthu mise a thréigean?
Shiúladar ar lorg díomhaointis,
agus rinneadh díomhaoin iad.
6Ní dúirt siad riamh: ‘Cá bhfuil an Tiarna,
a thug aníos sinn as tír na hÉigipte,
a threoraigh sinn tríd an bhfiántas,
trí fhearann lom fásaigh,
tír thriomaigh dhorcha,
tír nach siúlann aon taistealaí
agus nach bhfuil cónaí duine ann?’
7Thug mé sibh go tír thorthúil,
a ithe a torthaí agus a maitheasa;
ach níor luaithe sibh ann ná gur thruailligh sibh mo dhúiche
go ndearna sibh mʼoidhreacht fuafar.
8Níor fhiafraigh na sagairt riamh: ‘Cá bhfuil an Tiarna?’
Lucht riartha an dlí ní eol dóibh mé.
Dʼéirigh na tréadaithe amach i mʼaghaidh;
rinne na fáithe tairngreacht trí Bhál,
ag leanúint nithe nach dtairbhíonn.
9Ar an ábhar sin cuirfidh mé triail arís oraibh
an Tiarna a labhraíonn–
agus ar chlann bhur gclainne cuirfidh mé triail.
10Seolaigí go hoileáin Chitím nó cuirigí fios go Céadár.
Meabhraígí go cúramach
féachaint ar tharla a leithéid seo riamh.
11An malartaíonn cine a ndéithe?
–agus ní déithe in aon chor iad seo!
Ach mhalartaigh mo phobalsa a nglóir
ar rud gan mhaith.
12Bíodh uafás oraibh, a neamha;
faoin ní seo bíodh uamhan oraibh
crithigí le heagla
–an Tiarna a labhraíonn.
13Mar rinne mo phobalsa coir dhúbalta:
thréig siad mise, foinse an uisce bheo,
agus thochail siad dabhcha dóibh féin,
dabhcha pollta nach gcoinníonn uisce.
14An sclábhaí mar sin Iosrael?
Nó an le haghaidh na daoirse a rugadh é,
go ndéantar é a chreachadh mar seo?
15Bhúir na leoin air,
thógadar a nguth in ard a gcinn.
Rinneadar fásach dá dhúiche;
tá a bhailte dóite, gan áitritheoirí.
16Bhearr muintir Nof agus Thachpanaes
fiú baithis do chinn!
17Nár tharraing tú é seo ort féin,
mar gur thréig tú an Tiarna do Dhia?
18Cén mhaith duit anois do thriall ar an Éigipt,
a ól uisce na Níle?
Cén mhaith duit do thriall ar an Asaír,
a ól uisce na hAbhann?
19Tá dʼolc féin do do smachtú,
do shleamhnú thar n‑ais do do cheartú;
bíodh a fhios go maith agat
gur searbh agus gurb olc an mhaise duit
an Tiarna do Dia a thréigean
agus gan mʼeagla a bheith ionat
–is é Tiarna na Slua a labhraíonn.
20Is fada ó shin anois ó bhris tú do chuing,
ó réab tú do chuibhreacha,
á rá: ‘Ní bheidh mise i mo shearbhónta.’
Ina dhiaidh sin, áfach, ar an uile chnoc ard
agus faoi gach crann craobhach
luigh tú siar mar a dhéanfadh meirdreach.
21Ach phlandaigh mise thú i dʼfhíniúin uasal,
ceap fírinneach tríd agus tríd.
Conas, más ea, ar éirigh tú i do phlanda fiáin,
a fhíniúin thruaillithe?
22Bíodh go nífeá thú féin i mbuac
agus go dtógfá chugat mórán gallúnaí,
bhraithfinn ina dhiaidh sin sal do choire
–is é an Tiarna Dia a labhraíonn.
23Conas a fhéadann tú a rá: ‘Níl mise truaillithe,
ní dheachaigh mise i ndiaidh na mBálaím’?
Féach, lorg do chos sa ghleann,
agus admhaigh céard tá déanta agat.
Camall baineann anonn agus anall,
24déanann sí ar an bhfásach
ag smúrthacht ar an ngaoth go macnasach.
Cé a fhéadann í siúd a smachtú agus í ar dáir?
Ní bheidh stró ar an té a bheidh á lorg.
Gheofar í [ag cúpláil].
25Fainic! Ní fada go siúla do chosa féin gan bhróga,
go mbeidh do theanga féin ina spalladh le tart.
Ach dúirt tú: ‘Nach cuma?
Óir táim i ngrá le strainséirí
agus is ar a lorg siúd a rachaidh mé.’
26Mar a bhíonn náire ar ghadaí nuair a bheirtear air,
is mar sin a bheidh ag teach Iosrael;
iad uile, a ríthe, a bprionsaí,
a sagairt, a bhfáithe,
27a deir le smután adhmaid: ‘Is tú mʼathair,’
le cloch: ‘Is tú a thug ar an saol mé.’
Iompaíonn siad a ndroim liomsa
agus ní hé a n‑aighthe;
ach in am a mbuartha béiceann siad:
‘Éirigh agus sábháil sinn.’
28Cá bhfuil na déithe sin leat a rinne tú duit féin?
Éirídís siúd, má fhéadann siad do shábháil in am do bhuartha!
Óir ní lia bailte agat, a Iúdá, ná déithe;
ní lia sráideanna ag Iarúsailéim ná altóirí ag Bál.
29Cén chúis ghearáin atá agaibh orm?
Dʼéirigh sibh uile amach i mʼaghaidh
–is é an Tiarna a labhraíonn.
30Is go díomhaoin a bhuail mé síos bhur gclann mhac;
níor ghabh sibh aon cheartú;
bhur gclaíomh féin, mar leon craosach,
a mharaigh bhur bhfáithe.
31A bhaicle gan náire! Éistigí le briathar an Tiarna Dia:
An raibh mise i mʼfhásach do Iosrael,
nó i mʼfhearann dlúth dorcha?
Cad chuige mar sin go n‑abrann mo phobalsa:
‘Tá cead ár gcos againn, ní thiocfaimid chugat feasta’?
32An ndéanann maighdean dearmad ar a hornáidí,
nó brídeog dearmad ar a feisteas pósta?
Ach ina dhiaidh sin dhearmad mo phobal mise
laethanta gan áireamh.
33Nach maith is eol duit an tslí ar lorg grá!
Go deimhin shiúil tú chomh eolach sin
i slí na gciontach,
34go léiríonn do lámha
lorg fola na neamhchiontach.
Agus ní i gcionn tochailte a rug tú orthu siúd!
Ach freagróidh tú astu seo uile go cinnte.
35Deir tú: ‘Táimse saor ó locht,
tá a fhearg iompaithe uaim.’
Agus féach anois mé ag tabhairt breithe ort
mar go n‑abrann tú: ‘Níor pheacaigh mé.’
36Nach guagach a thugann tú faoi mhalairt chúrsa!
Ach cuirfear as do dhóchas thú ag an Éigipt
díreach faoi mar cuireadh thú as do dhóchas ag an Asaír.
37Beidh ort imeacht as an áit sin freisin
agus do lámha ar do chloigeann agat,
mar tá fir do dhóchais caite uaidh ag an Tiarna,
agus ní dhéanfaidh tú biseach leo.”

Currently Selected:

Irimia 2: ABN

Highlight

Share

Compare

Copy

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in

Video for Irimia 2