Irimia 1
1
Teideal
1Briathra Irimia mac Hilciá, de chlann shagartúil i dtír Bhiniáimin. 2Tháinig briathar an Tiarna chuige i laethanta Ióisíá mac Amón, rí Iúdá, sa tríú bliain déag dá réim. 3Tháinig sé mar an gcéanna i laethanta Iahóiácaím mac Ióisíá, rí Iúdá, go deireadh an aonú bliain déag de Zidicíá mac Ióisíá, rí Iúdá, go breith Iarúsailéim ar shiúl i mbraighdeanas sa chúigiú mí.
Fáistiní in Aghaidh Iúdá agus Iarúsailéim
Glao Irimia
4Tháinig briathar an Tiarna chugam, á rá:
5“Sular chum mé thú sa bhroinn bhí aithne agam ort;
sular rugadh thú choisric mé thú;
dʼordaigh mé thú i dʼfháidh do na ciníocha.”
6Ansin dúirt mise: “Ó a Thiarna Dia, féach, ní fhéadaim labhairt, óir is leanbh mé.” 7Ach dúirt an Tiarna liom:
“Ná habair, ‘Is leanbh mé.’
Téigh anois chuig gach duine chuig a gcuirfidh mise thú,
agus cibé ní a ordóidh mise duit, déarfaidh tú é.
8Ná bíodh faitíos ort rompu,
óir tá mise leat agus tusa faoi mo choimirce,
is é an Tiarna a labhraíonn.”
9Ansin shín an Tiarna a lámh amach agus bhain le mo bhéal agus dúirt liom:
“Féach, táim ag cur mo bhriathra i do bhéal.
Ceapaim thú inniu os cionn ciníocha agus os cionn ríochtaí,
10a réabadh aníos agus a leagan síos,
a mhilleadh agus a scriosadh,
a thógáil agus a phlandú.”
11Tháinig briathar an Tiarna chugam: “rí Irimia, céard a fheiceann tú?” “Feicim slat almóinne,” arsa mise. 12Ansin dúirt an Tiarna liom: “Is maith a chonaic tú, óir déanaimse faire ar mo bhriathar go gcomhlíonfar é.” 13Tháinig briathar an Tiarna chugam an dara huair: “Céard a fheiceann tú?” Arsa mise: “Feicim pota ar fiuchadh agus a aghaidh anall ón Tuaisceart.” 14Ansin dúirt an Tiarna:
“Is é an Tuaisceart an áit a bhfuil an tubaiste ag cur thar maoil le haghaidh an uile dhuine a chónaíonn sa tír seo;
15óir táim anois ag cur fios ar threibheanna ríochtaí uile an Tuaiscirt–is é an Tiarna a labhraíonn.
Tiocfaidh siad, agus suífidh gach aon díobh a ríchathaoir
i mbéal geataí Iarúsailéim, in aghaidh a ballaí uile máguaird,
agus in aghaidh bailte uile Iúdá.
16Tabharfaidh mise mo bhreithiúnas ina n‑aghaidh
i ndíol an uile oilc a rinne siad; mar thréig siad mise
chun túis a loscadh do dhéithe eile
agus oibreacha a lámh féin a adhradh.
17Tusa, crioslaigh thú féin mar sin chun comhraic.
Éirigh agus abair leo gach a n‑ordaímse duit.
Ná bíodh eagla ort ina bhfianaise,
ar fhaitíos go gcuirfinnse eagla ort ina bhfianaise.
18I dtaca liomsa de, déanfaidh mise díot inniu
cathair dhaingean, cuaille iarainn, agus balla práis
in aghaidh na tíre seo go hiomlán,
in aghaidh ríthe Iúdá, in aghaidh a prionsaí,
a sagart agus mhuintir na tíre.
19Troidfidh siad i dʼaghaidh, ach ní bhéarfaidh siad bua ort,
óir táimse leat agus tusa faoi mo choimirce–
is é an Tiarna a labhraíonn.”
Currently Selected:
Irimia 1: ABN
Highlight
Share
Compare
Copy
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
© An Sagart 1981
Úsáidtear le cead. Used by permission.