Irimia 18
18
Cuairt Irimia ar an bPotaire
1An briathar a tháinig go Irimia ón Tiarna: 2“Éirigh, imigh síos go teach an photaire; is ansin a thabharfaidh mé le cloisteáil duit a bhfuil le rá agam.” 3Chuaigh mé síos mar sin go teach an photaire, agus bhí sé ann ag obair ag a roth. 4Agus ní raibh uair dár milleadh an soitheach cré a bhí á dhéanamh ag an bpotaire nach ndearna sé arís é ina shoitheach eile, mar is nós le potairí a dhéanamh. 5Ansin tháinig an briathar seo ón Tiarna chugam: 6“rí theach Iosrael, nach bhféadaimse a dhéanamh libhse mar a dhéanann an potaire seo?–an Tiarna a labhraíonn–Sea, faoi mar atá an chré i láimh an photaire, is mar sin atá sibhse i mo láimhse, a theach Iosrael. 7Uaireanta ordaím i dtaobh cine, nó ríochta, a dtarraingt aníos, a leagan, a scriosadh; 8ach má fhilleann an cine sin, ar ar thug mé daorbhreith, óna n‑oilc, ansin tagann malairt intinne chugamsa i dtaobh an oilc a bhí ceaptha agam dóibh. 9Uaireanta eile, ordaím i dtaobh cine, nó ríochta, a thógáil agus a phlandú; 10ach má dhéanann an cine sin olc i mo radharc, agus mura n‑umhlaíonn siad do mo ghuth, bíonn aithrí orm faoin maith a bhí ar intinn agam a bhronnadh orthu. 11Labhair anois, ar an ábhar sin, le fir Iúdá agus le háitritheoirí Iarúsailéim: ‘Is mar seo a deir an Tiarna: Éistigí, tá briseadh á chumadh agam in bhur n‑aghaidh, tá tubaiste daoibh á ceapadh agam. Filligí mar sin, gach uile dhuine agaibh, ó bhur n‑imeachtaí gránna, leasaigí bhur n‑iompar agus bhur ngníomhartha.’ 12Ach déarfaidh siadsan: ‘Cé an mhaith caint? Is fearr linn déanamh mar is toil linn féin; tá ar intinn ag gach fear againn déanamh de réir chomhairle a dhrochchroí féin.’ ”
Tréigean Iosrael
13“Dá bhrí sin–is mar seo a deir an Tiarna:
Fiafraígí anois i measc na náisiún
cé chuala a leithéid seo:
Rinne maighdean Iosrael gníomh rófhuafar.
14An n‑imíonn sneachta na Liobáine
ón gcarraig bheannach?
An dtéann na huiscí maorga
a bhíonn ag sní san fhuarthan i ndísc?
15Ina dhiaidh sin dhearmad mo phobal mise!
Loscann siad a dtúis do neamhní!
Dʼimigh a gcosa uathu ar a slí dóibh,
ag gabháil na seanbhóithre,
ag siúl dóibh sna cosáin chama,
ar bhealaí gan aon mhéar ar eolas.
16Déanfaidh siad a ndúiche uaigneach;
déanfar ábhar fonóide di go deo;
an té a rachaidh thairsti beidh uafás air
agus craithfidh sé a cheann.
17Mar a dhéanfadh an ghaoth anoir
scaipfidh mé iad roimh an namhaid.
Tabharfaidh mé cúl dóibh agus ní hí mʼaghaidh,
ar lá a dtruamhéile.”
Comhcheilg in Aghaidh Irimia
18“Téanaigí,” a dúirt siad, “déanaimis cogar ceilge i gcoinne Irimia; ní bheidh ganntanas teagaisc ar an sagart dá uireasa, ná ní imeoidh comhairle ar an eagnaí, ná an briathar ar an bhfáidh. Téanaigí, buailimis é lena theanga féin; éistimis le gach focal dá dtagann as a bhéal.”
19Tabhair cluas dom, a Thiarna,
éist le céard tá á rá ag mo naimhde.
20Ar chuí ceart a chúiteamh le holc?
(Mar tá siad ag tochailt poill do mʼanam.)
Cuimhnigh gur sheas mé i dʼfhianaise
ag labhairt ar a son,
le go n‑iompóinn dʼfhearg uathu.
21Ar an ábhar sin seachaid a gclann mhac don ghorta;
tabhair suas iad do bhéal an chlaímh.
Go raibh a mná céile gan sliocht,
go bhfágtar ina mbaintreacha iad.
Go n‑éaga a bhfir den phlá;
go dtite a n‑ógánaigh leis an gclaíomh sa chath.
22Go gcluintear scread maidine as a dtithe
nuair a bheireann tusa foghlaithe go tobann orthu.
Óir thochail siad clais ghafa do mo ghabháilse;
dʼfholaigh siad líonta do mo chosa.
23Ach, a Thiarna, tá fios a gcomhairlí uile agat,
do mo mharú.
Ná maith a n‑éigeart, ná scrios a bpeaca amach as do radharc.
Coinnigh a léirmhilleadh i gcónaí i dʼaigne,
nuair a thiocfaidh an lá a n‑agróidh tú dʼfhearg orthu.
Currently Selected:
Irimia 18: ABN
Highlight
Share
Compare
Copy
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
© An Sagart 1981
Úsáidtear le cead. Used by permission.