1
Irimia 18:6
An Bíobla Naofa 1981
ABN
“rí theach Iosrael, nach bhféadaimse a dhéanamh libhse mar a dhéanann an potaire seo?–an Tiarna a labhraíonn–Sea, faoi mar atá an chré i láimh an photaire, is mar sin atá sibhse i mo láimhse, a theach Iosrael.
Compare
Explore Irimia 18:6
2
Irimia 18:7-8
Uaireanta ordaím i dtaobh cine, nó ríochta, a dtarraingt aníos, a leagan, a scriosadh; ach má fhilleann an cine sin, ar ar thug mé daorbhreith, óna n‑oilc, ansin tagann malairt intinne chugamsa i dtaobh an oilc a bhí ceaptha agam dóibh.
Explore Irimia 18:7-8
3
Irimia 18:9-10
Uaireanta eile, ordaím i dtaobh cine, nó ríochta, a thógáil agus a phlandú; ach má dhéanann an cine sin olc i mo radharc, agus mura n‑umhlaíonn siad do mo ghuth, bíonn aithrí orm faoin maith a bhí ar intinn agam a bhronnadh orthu.
Explore Irimia 18:9-10