YouVersion Logo
Search Icon

Iúidit 7

7
Sáinn Chogaidh
1An lá ina dhiaidh sin, dʼordaigh Holofarnaes dá arm go léir agus do na cathláin iasachta a tháinig leo sa slógadh bogadh as an gcampa i dtreo Bhéitiúilia. An chéad rud a bhí le déanamh sa chogadh seo i gcoinne chlann Iosrael ná bheith rompu agus greim a fháil ar na conairí suas go dtí na sléibhte. 2Ghluaiseadar leo an lá céanna, gach fear san arm sin a raibh troid ann–céad seachtó míle acu ar a gcois agus dhá mhíle dhéag ar mhuin capaill agus a gcuid trealaimh ina ndiaidh agus an slua mór coisithe a lean é. 3Suas an gleann i gceantar Bhéitiúilia a chuadar, chomh fada le tobar atá ann, agus bhíodar leata amach ó Dhótán go Bealbáim, agus ag síneadh ó Bhéitiúilia siar go dtí Cúamón atá ag féachaint síos amach ar Easdraelón.
4Thit an lug ar an lag ar mhuintir Iosrael nuair a chonaiceadar a raibh ann díobh. Bhí gach duine acu ag rá leis an bhfear in aice leis: “Bánóidh siad seo an tír fúthu agus uathu! Na sléibhte arda agus na cumair agus na cnoic conas a sheasfaidh siad faoina bhfuil ag brú anuas orthu?” 5Thógadar chucu a gcuid arm agus lasadar tinte ar na túir agus thugadar an oíche sin ar fad ag faire. 6An lá ina dhiaidh sin thug Holofarnaes a chuid marcach ar fad amach os comhair na nIosraelach a bhí i mBéitiúilia. 7Scrúdaigh sé na bealaí suas isteach don bhaile, chuaigh timpeall na dtoibreacha uisce agus ghabh seilbh orthu. Dʼfhág sé garda ina dhiaidh ar gach tobar acu, agus dʼfhill sé ar an slua.
8Ar ball, bhí chuige taoisigh chlann Éasáu, agus oifigigh uile chathláin Mhóáb agus ceannairí an chósta thiar. 9“A thiarna linn,” ar siad, “más é do thoil é, éist le focal uainn, agus ní baol aon bhriseadh ar dʼarm. 10Ní ar neart a gcuid sleánna atá an mhuintir seo Iosrael ag brath ach ar bheanna arda na gcnoc ina bhfuil siad ina gcónaí. Mar ní aon dóichín le dreapadh iad na beanna céanna. 11Anois, a thiarna, seachain nach cath riartha a chuireann tú orthu. Ní gá go dtitfeadh oiread agus fear amháin de do shlua; 12fan i do champa anseo agus coinnigh do chuid saighdiúirí slan–gach fear acu. Faighimisne, do ghiollaí, greim ar an bhfuarán uisce atá ag brúchtaíl amach ag bun an chnoic: 13as san a fhaigheann pobal Bhéitiúilia uile a gcuid uisce. Cloífidh an tart iad agus géillfidh siad an baile. Rachaimidne agus ár gcuid fear in airde ar bheanna na gcnoc is giorra dóibh agus fanfaimid faoi airm ann ag faire. Mar sin, ní fhéadfaidh duine acu éalú as an mbaile, 14agus caillfear leis an ocras iad, agus a gcuid ban agus páistí ina dteannta. Sínfear marbh iad sa tsráid ina gcónaíonn siad, gan aon chlaíomh a theacht ina dtreo. 15Bainfidh tú díoltas dian amach orthu thar ceann an dúshláin a thugadar duit, in ionad teacht chugat go síochánta.”
16Thaitin an chaint seo le Holofarnaes agus lena raibh timpeall air, agus dʼordaigh sé go ndéanfaí mar a bhí ráite acu. 17Ghluais buíon de mhuintir [Mhóáb] chun cinn agus cúig mhíle de shaighdiúirí Asaíreacha ina dteannta. Suas isteach sa ghleann leo agus ghabhadar na srutháin agus na fuaráin uisce a bhíodh á n‑usáid ag muintir Iosrael. 18Ag an am céanna ghluais cuid de mhuintir Éasáu agus Amón agus rinneadar a gcampa thuas sna sléibhte os comhair Dhótán. As sin chuireadar roinnt dá gcuid fear soir ó dheas os comhair Eicribil atá in aice le Chús ar bhruach abhann Mochmúr. Rinne an chuid eile dʼarm na nAsaíreach campa sa mhachaire, lán an mhachaire acu–aon lear de bhothanna agus de threalamh, agus slua mór groí acu féin.
19Ghlaoigh clann Iosrael os ard ar an Tiarna, a nDia, agus an misneach ag teipeadh orthu, mar bhí a naimhde go léir mórthimpeall orthu anois, agus gan deis éalaithe fágtha acu. 20Ar feadh ceithre lá tríochad dʼfhan arm mór na hAsaíre timpeall orthu–coisithe agus carbaid agus capaill. Chuaigh na prócaí uisce go léir i ndísc ar mhuintir Bhéitiúilia uile; 21agus na sistéil faoi thalamh féin, níorbh fhada go mbeidís folamh. Ní raibh a sáith le hól acu aon lá anois, mar ní thugtaí ach an áirithe sin uisce amach do gach duine. 22Bhí a gcuid leanaí ag cnaí, agus a gcuid ban agus ógánach ag dul i laige le teann tarta. Thitidís agus iad ag gabháil sráideanna an bhaile nó ag dul amach na geataí, gan aon neart fágtha iontu a thuilleadh.
23Tháinig muintir an bhaile go léir timpeall ar Uizíá agus na maoir eile–an t‑aos óg agus na mná agus na leanaí féin, agus míle murdar astu ansin os comhair na seanóirí go léir. 24“Mhaise, go maithe Dia daoibh é,” ar siad, “nach ndéanfadh sibh síocháin leis na hAsaírigh, in ionad an donas a thabhairt anuas orainn! 25Nach bhfeiceann sibh nach bhfuil aon chabhair fágtha againn agus nach bhfuil Dia féin dár gcosaint anois: táimid caite chucu aige, agus gan i ndán dúinn ach an tart is an t‑angar go mbeimid sínte marbh os a gcomhair. 26Féach, glaoigí isteach anois láithreach iad agus tugaigí an baile go léir mar chreach do mhuintir Holofarnaes agus dá arm! 27Sclábhaíocht a bheadh i ndán dúinn, ach bʼfhearr titim chucu mar chreach agus bheith beo ná bheith ag féachaint ar ár gclann ag fáil bháis lenár súile cinn, agus ár gcuid ban is naíonán i ndeireadh na dé. 28Mura ndéantar seo inniu, tá an spéir agus an talamh á nglaoch againn mar fhínnéithe in bhur n‑aghaidh–tá, agus Dia féin, tiarna ár sinsear, atá ag agairt ár bpeacaí agus peacaí ár n‑aithreacha orainn.” 29Agus scairt an cruinniú sin amach le chéile, ag olagón in ard a gcinn, agus gach béic astu chun an Tiarna Dia.
30Labhair Uizíá leo. “Misneach, a dhaoine!” ar seisean. “Féach: fanfaimid cúig lá eile agus beidh an Tiarna, ár nDia, chugainn lena chineáltas. Ní chaithfidh sé uaidh ar fad sinn, cinnte. 31Ach mura mbíonn aon chabhair chugainn i gceann na gcúig lá sin, déanfaidh mé mar a dúirt sibh.” 32Agus scaoil sé uaidh na daoine, gach duine acu chun a áite féin. Chuaigh na fir in airde ar na múrtha agus na túir, agus chuireadar abhaile chun a dtithe a gcuid ban agus leanaí. Agus is iad a bhí in umar na haimiléise sa bhaile sin.

Currently Selected:

Iúidit 7: ABN

Highlight

Copy

Compare

Share

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in