YouVersion Logo
Search Icon

Iúidit 6

6
Taidhleoir faoi Chuibhreacha
1Dʼfhan Holofarnaes, ardcheannaire airm na nAsaíreach, gur stad an clampar seo ar fud an chruinnithe. Ansin thug sé dʼAichíór é os comhair na n‑eachtrannach uile agus chlann Mhóáb. 2“Cé thusa, a Aichíór,” ar seisean, “thú féin agus do chuid amhas ó Amón, go mbeifeá ag tabhairt tairngreachtaí uait anseo an saghas ruda atá cloiste againn inniu? Ní ceart cogadh a chur ar Iosrael, an ea? Beidh a nDia ag fóirithint orthu, deir tú? 3Ach cén dia a chuirfeá i gcomórtas le Nabúcadnazar? Ní gá dó ach a neart a chur i bhfeidhm orthu chun iad a dhíothú de dhroim an domhain, agus ní shábhálfaidh a nDia iad. Sinne, seirbhísigh Nabúcadnazar, buailfimid iad faoi mar nach mbeadh iontu ach fear aonarach amháin i gcoinne nirt ár gcapall. Ní bheidh seasamh iontu. 4Loiscfimid ina mbeatha iad: cuirfimid sléibhte na tíre ar meisce lena gcuid fola agus líonfaimid na machairí lena gcoirp. Ní bheidh seasamh a gcos acu romhainn: múchadh na gríosaí atá i ndán dóibh! An rí Nabúcadnazar, tiarna an domhain uile, a dúirt é, agus ní bhréagnófar a fhocal!”
5“Agus tusa, a Aichíór, a tháinig anseo ó Amón ag tuilleamh do choda, is léanmhar duit an lá a scaoil tú an méid sin seafóide asat. Ní fheicfidh tú mo ghnúis-se as seo go dtí an lá a dhéanfaidh mé díoltas ar an ngraimisc teifeach seo ón Éigipt. 6Nuair a chuirfidh mé chucu, beidh claimhte mo chuid saighdiúirí agus sleánna mo ghardaí trí do dhá thaobh, agus tú tite i measc a ngoinfear dʼIosrael. 7Tabharfaidh mo ghiollaí suas sna sléibhte thú, agus cuirfidh siad thú i gceann de na bailte atá ar an tslí suas. 8Beidh an méid sin faoisimh agat ón mbás go dtí go ndíothófar thú in aon mhaidhm leo. 9Ach ar ndóigh, tá dóchas i do chroíse nach ngabhfar iad; ní gá aon cheann faoi a bheith ort mar sin! Sea; tá ráite agam! Ní bhréagnófar aon fhocal dá ndúirt mé.”
10Agus dʼordaigh Holofarnaes do na giollaí a bhí thart timpeall air ina bhoth breith ar Aichíór agus é ardú leo go Béitiúilia agus é thabhairt do mhuintir Iosrael. 11Ghabh na giollaí é agus thógadar leo amach as an gcampa é. Ansan thugadar a gcúl don mhachaire agus a n‑aghaidh ar na sléibhte, go dtángadar go dtí na toibreacha uisce atá laistíos de chathair Bhéitiúilia. 12Ní túisce a thug gardaí na cathrach thuas faoi deara iad ná rugadar ar a gcuid arm agus amach leo go dtí barr na fána agus gach fear orthu a raibh crann tabhaill aige, bhí sé ag gabháil de chlocha síos orthu, i dtreo nár fhéadadar aon chor a thabhairt aníos. 13Dʼfhanadar ar foscadh thíos ag bun an chnoic mar sin, fad a bhí cuibhreacha á gcur ar Aichíór acu. Ansan dʼfhágadar caite ansin é, agus abhaile leo go dtí a máistir.
14Ar ball, bhí muintir Iosrael anuas as an mbaile, agus nuair a thángadar chomh fada leis, bhaineadar na cuibhreacha de. Suas leo go dtí Béitiúilia ansin agus thugadar os comhair mhaoir an bhaile é. 15Uizíá mac Mhíceá de threibh Shimeon agus Chaibris mac Ghotoiníéil agus Chairmis mac Mheilcíéil na maoir a bhí ann an t‑am san. 16Chuireadarsan fios chun cruinnithe ar sheanóirí an bhaile, agus bhí an t‑aos óg agus na mná chucu ar sodar chomh maith. Cuireadh Aichíór ina sheasamh i lár an tslua, agus cheistigh Uizíá é i dtaobh ar tharla. 17Dʼinis sé dóibh a ndúradh i gcomhairle Holofarnaes, an méid a dúirt sé féin os comhair taoiseach na nAsaíreach, agus an bladhmann go léir a bhí ag Holofarnaes i dtaobh a ndéanfadh sé do mhuintir Iosrael. 18Shléacht an slua go talamh in onóir do Dhia agus thógadar a nguthanna suas chuige. 19“A Thiarna, Dia na bhFlaitheas,” ar siad, “féach an mór is fiú atá ar siúl acu, agus déan trócaire ar ar gcine atá faoin mbráca. Táimid coisricthe duit, agus is chugat atá ár súile: féach orainn le taise inniu.” 20Thugadar cuidiú carad dʼAichíór, agus ardmholadh. 21Thug Uizíá abhaile go dtí a theach féin é tar éis an chruinnithe agus chuir sé cóir dí ar na seanóirí ann ina theannta. Agus thugadar an oíche sin go léir ag iarraidh cabhrach ar Dhia Iosrael.

Currently Selected:

Iúidit 6: ABN

Highlight

Copy

Compare

Share

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in