Iúidit 4
4
Imní ar Iosrael
1Ar ndóigh chuala muintir Iosrael a bhí ina gcónaí i Iúdáia na rudaí seo go léir–a raibh déanta do na ciníocha ag Holofarnaes, ardcheannasaí airm Nabúcadnazar, rí na nAsaíreach, go háirithe, conas mar a réab agus a dhíothaigh sé teampaill a ndéithe orthu. 2Bhíodar scéinte ina mbeatha roimhe, agus an baol do Iarúsailéim agus do Theampall an Tiarna, Dia, a chuir barr buartha orthu. 3Ní rabhadar ach tagtha ar ais óna mbraighdeanas agus níorbh fhada ó chruinnigh pobal Iúdáia le chéile agus ó coisriceadh arís an altóir agus a trealamh agus an Teampall féin a truaillíodh fadó. 4Chuireadar glaoch cogaidh amach ar fud na tíre, go dtí an tSamáir agus Cóna agus Béit Horón agus Beilmein agus Ireachó agus Cóba agus Aesóra agus Gleann Shailéim. 5Cuireadh fir armtha ag gardáil barr na gcnoc, daingníodh na bailte beaga sléibhe, agus cuireadh bia i dtaisce le haghaidh cogaidh; bhí an t‑ádh leo nach raibh an fómhar ach bainte acu.
6Agus scríobh Ióacaím, an t‑ardsagart a bhí in Iarúsailéim an t‑am sin, chun muintir Bhéitiúilia agus Bhéiteomastaím, dhá bhaile atá ar imeall mhachaire Easdraelón, díreach trasna ó Dhótán. 7Dúirt sé leo saighdiúirí a chur ag gardáil na gconairí sléibhe, mar gur tríothu aníos a dʼfhéadfaí teacht ar Iúdáia. Ón uair nach raibh slí sna conairí céanna ach do bheirt le chéile, níor dheacair aon namhaid a choimeád amach.
8Sin mar dʼordaigh Ióacaím an t‑ardsagart agus seanad Iosrael uile a bhí cruinnithe in Iarúsailéim, agus sin mar a rinneadh. 9Agus chuaigh impí dhílis suas chun Dé ó chroí gach fir in Iosrael. Dʼumhlaíodar iad féin síos roimhe le lánchroí 10agus chuireadar sacéadach timpeall orthu, iad féin, agus a mbantracht, agus a gclann, agus a lucht oibre, agus sclábhaithe nár dʼIosrael in aon chor iad, agus fiú a gcuid ainmhithe. 11Agus a raibh dʼIosrael in Iarúsailéim féin, fear agus bean agus leanbh acu, chaitheadar iad féin ar an talamh os comhair an Teampaill, agus chuireadar luaithreach ar a gceann, agus shíneadar amach a [lámha] chun an Tiarna. Altóir an Teampaill féin, chuireadar sacéadach uirthi, 12agus dʼimpíodar Dia Iosrael dʼaon ghuth ard gan a gcuid leanaí a ligean chun eirligh, ná a gcuid ban chun fuadaigh, ná a mbailte dúchais chun scriosta, ná an Teampall naofa chun sáraithe agus truaillithe agus fonóide ag ginte na hurchóide.
13Thug an Tiarna cluas dá n‑achainí, agus dʼfhéach sé le taise ar a ngátar. Mar ní aon lá amháin, ach tamall fada, a thug an pobal ar troscadh in Iúdáia agus in Iarúsailéim féin os comhair thearmann an Tiarna uilechumhachtaigh. 14Ióacaím an t‑ardsagart, agus fóireann sagart uile an Teampaill, a dʼfhónadh don Tiarna, bhí sacéadach orthu agus an ghnáthíobairt loiscthe agus íobairtí dúthrachta agus dualgais na ndaoine á n‑ofráil acu. 15Bhí luaithreach ar a gceannbheart acu, agus iad ag guí chun an Tiarna le neart a gcroí fóirithint ar theaghlach Iosrael.
Currently Selected:
Iúidit 4: ABN
Highlight
Copy
Compare
Share
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
© An Sagart 1981
Úsáidtear le cead. Used by permission.