YouVersion Logo
Search Icon

Iúidit 3

3
Síocháin Éigeantach
1Chuireadar taidhleoirí chuige, agus an focal bog ina mbéal. 2“Is le Nabúcadnazar, an t‑ardrí, sinne,” a dúradar. “Sleachtaimid duit. Déan linn mar is toil leat. 3Tá a bhfuil againn os do chomhair–tithe, feirmeacha agus goirt arbhair agus tréada caorach agus bó agus banracha lena mbothanna–déan leo mar is toil leat. 4Féach, ár mbailte leis agus a gcónaíonn iontu. Seirbhísigh leat iad uile; tar agus déan leo mar is toil leat.” 5Sin é an port a bhí ag na taidhleoirí nuair a thángadar os comhair Holofarnaes.
6Ghluais sé roimis go dtí cósta na farraige, é féin agus a arm, agus ní raibh baile cnoic sa tír nár chuir sé garastún ann agus nár thóg sé as togha na bhfear chun troda ina arm féin. 7Muintir na mbailte sin agus muintir na tuaithe mórthimpeall, thagaidís ag fáiltiú roimhe mar dhea, agus fleasca bláth orthu agus iad ag bualadh bodhrán agus ag rince. 8Níor fhág sé scrín ar na cnoic nár leag sé go talamh, ná coill dhraíochta nár ghearr sé anuas, mar bʼshin mar a ordaíodh dó–déithe na tíre uile a dhíothú, i dtreo gurbh é Nabúcadnazar amháin a bheadh á adhradh ag na ciníocha go léir, agus gach treibh acu ag guí chuige, mar Dhia, ina dteanga féin.
9Sa tslí sin, tháinig sé go himeall mhachaire Easdraelón, in aice le Dótán, agus sléibhte arda Iúdáia trasna uaidh. 10Rinne sé campa ansan, idir Gabaí agus Sciotopoil, agus níor tháinig níos faide go ceann míosa, go dtí go raibh an t‑arm ina lán-neart arís.

Currently Selected:

Iúidit 3: ABN

Highlight

Copy

Compare

Share

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in