Íseáia 35
35
Breithiúnas Dé
1Déanadh an díthreabh agus tír an triomaigh lúcháir,
bíodh gairdeas ar an ngaineamhlach agus é faoi bhláth;
tagadh bláthanna air chomh tiubh leis an gcróch,
déanadh sé gairdeas le gártha agus le ceol.
2Maise na Liobáine tugtar dó,
scéimh Chairmeil agus Sheárón lena chois sin;
beidh maise an Tiarna le feiceáil acu seo
agus scéimh an Dé seo againne.
3Déanaigí láidir na lámha atá faonlag
agus cuirigí téagar sna glúine atá ag lúbadh;
4abraigí le lucht an chroí mhearaithe:
“Músclaígí bhur misneach; ná bíodh eagla oraibh.
Breathnaígí! Is é bhur nDia atá ann,
tá sé chugaibh leis an díoltas atá ag dul daoibh;
Dia atá ann ag agairt a chúitimh,
agus é ag teacht do bhur slánú.”
5Déanfar a súile do na daill an uair sin
agus réiteofar cluasa na mbodhar;
6beidh an bacach ag léimneach mar a bheadh fia ann
agus teanga an bhalbháin ag gabháil ceoil le lúcháir.
Óir brúchtfaidh uisce aníos san fhásach
agus srutháin i bhfearann an triomaigh;
7déanfar linn den talamh spallta
agus toibreacha uisce de thír an tarta.
Na huaimheanna mar a dtéadh na madraí allta a chónaí,
beidh siad ina mothar cibé agus giolcach...
8Beidh bealach mór agus bóthar ansin
a dtabharfar mar ainm air an Bealach Beannaithe;
ní shiúlfaidh an neamhghlan an treo sin,
ná ní bheidh lucht baoise ag fánaíocht ar a fhad.
9Ní bheidh leon ar bith ansin feasta
ná aon chreachadóir dʼainmhí allta;
ach an dream atá i ndiaidh a bhfuascailte, is iad a shiúlfaidh é,
10agus an dream atá saortha ag an Tiarna, leanfaidh siad abhaile é.
Tiocfaidh siad go Síón, ag liúireach le gairdeas,
agus aoibhneas síoraí ina choróin ar a gceann;
tiocfaidh áthas agus aoibhneas ag triall ina gcuideachta,
agus beidh casaoid agus crá bailithe leo ar shiúl.
Currently Selected:
Íseáia 35: ABN
Highlight
Share
Compare
Copy
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
© An Sagart 1981
Úsáidtear le cead. Used by permission.