YouVersion Logo
Search Icon

Íseáia 34

34
Críoch le hEadóm
1Gabhaigí i leith, a chiníocha, go n‑éiste sibh;
a phobala, tugaigí aire;
éisteadh an talamh agus gach a bhfuil ann,
an domhan cláir agus a shliocht go léir!
2Óir tá fearg ar an Tiarna leis na ciníocha ar fad,
tá sé i bhfíoch leis an slua acu go léir;
tá siad curtha faoi gheasa a millte aige,
tá siad tugtha suas aige don ár.
3Tá a gcuid marbhán á gcartadh amach,
agus boladh ag éirí óna gcoirp;
tá a gcuid fola ina slaoda ar na sléibhte;
4tá slua na spéartha ar fad ag titim as a chéile.
Tá na spéartha á gcornadh suas mar bheadh scrolla ann
agus slua na reann ag feo,
mar a bheadh craobhacha fíniúna ag feo,
mar dhuilliúr feoite an chrann figí.
5Óir tá mo chlaíomh ar maos sna spéartha...
Féach, tá sé ag tuirlingt ar Eadóm,
ar an gcine atá daortha damhnaithe agam.
6Tá claíomh ag an Tiarna agus é sách le fuil,
tá sé bealaithe le blonag,
le fuil na n‑uan agus na ngabhar,
le geir cheathrún na reithí.
Mar tá íobairt ag an Tiarna i mBozrá
agus eirleach mór aige i bhfearann Eadóm.
7Tá ciníocha ag titim mar a thitfeadh damhra allta,
in ionad tarbh, tá pobal gaiscíoch á leagan.
Tá a dtalamh siúd múchta le fuil,
agus a gcréafóg á leasú le geir.
8Óir lá díoltais ag an Tiarna atá ann
agus bliain chúitimh ag curadh cosanta Shíón.
9Beidh srutháin thír Eadóm arna n‑iompú ina bpic
agus a créafóg ina cloch ruibhe;
tá an dúiche in aon dóiteán pice amháin.
10Oíche nó lá ní théann múchadh uirthi,
tá an toit ag dul suas uaithi de shíor;
beidh ina fásach ó ghlúin go glúin,
duine daonna ní ghabhfaidh tríthi go deo.
11Beidh sí ina gnáthóg ag an mbonnán buí agus ag an ngráinneog;
beidh cónaí ann ag an scréachóg agus ag an bhfiach dubh;
sínfidh an Tiarna dorú an éagrutha léi,
agus leibhéal na foilmhe.
12Beidh [a n‑áit chónaithe ag na púcaí inti];
ní bheidh a cuid uaisle ar fáil níos mó,
ní ghairfear ríthe inti feasta
agus beidh a taoisigh go léir ina neamhní.
13Ina cuid pálás beidh sceacha ag fas,
agus driseacha agus feochadáin ina dúnta;
beidh sí ina huaimheanna ag madraí allta,
mar áitreabh ag ulchabháin.
14Casfaidh cait allta le faolchúnna inti,
agus beidh na púcaí ansin ag glaoch ar a chéile;
is inti a rachaidh an chailleach oíche ar ceathrúin,
ar lorg suaimhnis di féin.
15Déanfaidh an nathair a nead inti agus béarfaidh a cuid uibheacha;
is inti a rachaidh sí ar gor agus a ligfidh amach a hál;
is inti fós a bhaileoidh na seabhaic le chéile,
16Cuardaigí i leabhar an Tiarna agus léigí;
oiread agus ceann amháin níl in easnamh!
Óir is é a bhéalsan a d'ordaigh é,
agus a spioradsan a thug le chéile iad,
gach aon acu agus a leathéan in éineacht leis.
17Óir tá a gcinniúint uile curtha ar chrainn aige,
is í a lamhsan a roinn a gcuid orthu leis an dorú.
Beidh seilbh acu uirthi go deo,
beidh siad ina gcónaí inti ó ghlúin go glúin.

Currently Selected:

Íseáia 34: ABN

Highlight

Share

Copy

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in

YouVersion uses cookies to personalize your experience. By using our website, you accept our use of cookies as described in our Privacy Policy