Eazrá 2
2
Na Daoine a dʼFhill
1Bʼiad seo muintir an chúige a dʼfhill ó dhaoirse agus ó dheoraíocht. Tar éis do Nabúcadnazar rí na Bablóine iad a dhíbirt go dtí an Bhablóin, dʼfhilleadar go Iarúsailéim agus go Iúdá gach duine go dtí a bhaile féin. 2Tháinig siad le Zarubáibil, Iéisiúa, Nihimiá, Saráiá, Raeláiá, Mordacaí, Bilseán, Miospár, Bigví, Rachúm, Báná.
Liosta na bhfear de phobal Iosrael: 3clann mhac Pharois, dhá mhíle céad seachtó a dó; 4clann mhac Sheafaitiá, trí chéad seachtó a dó; 5clann mhac Árach, seacht gcéad seachtó a cúig; 6clann mhac Phachat Móáb, clann mhac Iéisiúa agus Ióáb, dhá mhíle ocht gcéad agus a dó dhéag; 7clann mhac Éalám, míle dhá chéad agus a caoga ceathair; 8clann mhac Zatú, naoi gcéad daichead a cúig; 9clann mhac Zacái, seacht gcéad agus a seasca; 10clann mhac Bháiní, sé chéad daichead a dó; 11clann mhac Bhaebái, sé chéad fiche a trí; 12clann mhac Azgád, míle dhá chéad fiche a dó; 13clann mhac Adoiníceám, sé chéad a seasca a sé; 14clann mhac Bhigví, dhá mhíle caoga a sé; 15clann mhac Áidín, ceithre chéad caoga a ceathair; 16clann mhac Átaer, Hiziciá is é sin, naocha a hocht; 17clann mhac Bhaezái, trí chéad tríocha a trí; 18clann mhac Iórá, céad agus a dó dhéag; 19clann mhac Háisium, dhá chéad fiche a trí; 20clann mhac Ghiobár, naocha a cúig; 21clann mhac Bheithile, céad agus a fiche trí; 22fir Natofá, caoga a sé; 23fir Anatót, céad fiche a hocht; 24clann mhac Azmávat, daichead a dó; 25clann mhac Chiriatáraím, Chipíreá agus Bhaerót, seacht gcéad daichead a trí; 26clann mhac Rámá agus Gheaba, sé chéad fiche a haon; 27fir Mhicmeás, céad fiche a dó; 28fir Bhéitéil agus Háí, dhá chéad fiche a trí; 29clann mhac Neabó, caoga a dó; 30clann mhac Mhaigbís, céad caoga a sé; 31clann mhac Éalám eile, míle dhá chéad caoga a ceathair; 32clann mhac Háirim, trí chéad agus a fiche; 33clann mhac Lod, Háidíd, agus Ónó, seacht gcéad fiche a cúig; 34fir Ireachó, trí chéad daichead a cúig; 35clann mhac Shaná, trí mhíle sé chéad agus a tríocha. 36Na sagairt: clann mhac Iadaiá, teaghlach Iéisiúa is é sin, naoi gcéad seachtó a trí; 37clann mhac Iméir, míle caoga a dó; 38clann mhac Phaischiúr, míle dhá chéad agus a daichead seacht; 39clann mhac Háirim, míle agus a seacht déag.
40Na Léivítigh, clann mhac Iéisiúa, agus Chaidmíéil: clann mhac Hódavá, seachtó a ceathair. 41Na cantairí: clann mhac Ásáf, céad fiche a hocht. 42Lucht faire na ngeataí: clann mhac Shealúm, clann mhac Átaer, clann mhac Thalmon, clann mhac Acúb, clann mhac Haitíteá, clann mhac Sheobái; céad tríocha a naoi ar fad. 43Na tíolacthaigh: clann mhac Zícheá, clann mhac Hasúpá, clann mhac Thabáót, 44clann mhac Chéaros, clann mhac Shuíahá, clann mhac Phádón, 45clann mhac Labáná, clann mhac Hagábá, clann mhac Acúb, 46clann mhac Hágáb, clann mhac Sheamlaí, clann mhac Hanán, 47clann mhac Ghidéil, clann mhac Ghachar, clann mhac Ráiá, 48clann mhac Reizín, clann mhac Nacódá, clann mhac Ghazam, 49clann mhac Uzá, clann mhac Phásaech, clann mhac Bhaesai, 50clann mhac Asná, clann mhac Mheúiním, clann mhac Nifísím, 51clann mhac Bhacbúc, clann mhac Hacúfá, clann mhac Harchúr, 52clann mhac Bhazlút, clann mhac Mhichídéá, clann mhac Harsá, 53clann mhac Bharcós, clann mhac Shíseará, clann mhac Theamach, 54clann mhac Nizíach, clann mhac Haitífeá.
55Clann mhac dhaoir Sholaimh: clann mhac Shotai, clann mhac Hasoifeirit, clann mhac Pharúdá, 56clann mhac Iálá, clann mhac Dharcón, clann mhac Ghidéil, 57clann mhac Sheafatiá, clann mhac Haitíl, clann mhac Phoiceirit-haz-Zabáím, clann mhac Ámaí. 58Líon iomlán na dtíolacthach, agus chlann mhac dhaoir Sholaimh: trí chéad naocha a dó. 59Tháinig an mhuintir seo leanas ó Théil Mealach, Téil Harsá, Carúb, Adán, Iméir–ach níorbh fhéidir dóibh a chruthú gur de bhunús Iosraelach a bhfiní ná a sinsir: 60clann mhac Dhaláiá, clann mhac Thóibíá, clann mhac Nacódá–sé chéad caoga a dó. 61Ar chlann na sagart: clann mhac Habaiá, clann mhac Hacóz, clann mhac Bhairzilí–fear a phós ceann dʼiníonacha Bhairzilí an Gileádach agus a ghlac a ainm. 62Rinne an mhuintir sin cuardach i gcláir a gcraobh sinseartha ach ní bhfuair siad lua orthu féin iontu i dtreo gur coimeádadh amach as an tsagartacht iad amhail is dá mba neamhghlan dóibh. 63Dúirt an gobharnóir leo gan na bianna coisricthe a chaitheamh nó go bhfaighfí sagart a rachadh i gcomhairle leis na hÚirím agus na Tuimím.
64Ba é líon an chomhthionóil go léir ná daichead dó míle trí chéad agus a seasca, 65seachas a ndaoir agus a ndaoirseacha, seacht míle trí chéad tríocha a seacht díobhsan ar fad; bhí dhá chéad cantairí idir fhir agus mhná ina dteannta freisin. 66Bhí seacht gcéad tríocha a sé chapall acu, agus dhá chéad daichead a cúig mhiúil; 67bhí ceithre chéad tríocha cúig camaill acu, sé mhíle seacht gcéad agus a fiche asal.
68Nuair a shroich siad Teampall an Tiarna in Iarúsailéim, rinne cinn finí áirithe ofrálacha deonacha do Theampall an Tiarna, lena atógáil ar a sheanláthair. 69Rinne siad ofráil de réir a n‑acmhainne, seasca a haon míle drachma óir, cúig mhíle míoná airgid agus céad éide sagairt, ar mhaithe leis an gciste naofa. 70Chuir na sagairt, na Léivítigh, agus cuid den phobal fúthu in Iarúsailéim; agus gardaí na ngeataí, na cantairí, na tíolacthaigh, agus na hIosraelaigh eile, ina mbailte féin.
Currently Selected:
Eazrá 2: ABN
Highlight
Copy
Compare
Share
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
© An Sagart 1981
Úsáidtear le cead. Used by permission.