Nuair a shroich siad Teampall an Tiarna in Iarúsailéim, rinne cinn finí áirithe ofrálacha deonacha do Theampall an Tiarna, lena atógáil ar a sheanláthair. Rinne siad ofráil de réir a n‑acmhainne, seasca a haon míle drachma óir, cúig mhíle míoná airgid agus céad éide sagairt, ar mhaithe leis an gciste naofa.