YouVersion Logo
Search Icon

Eizicéil 28

28
In Éadan Rí na Tuíre
1Tháinig briathar an Tiarna chugam: 2“A mhic an duine, abair le prionsa na Tuíre: Seo mar a deir an Tiarna Dia:
Dúirt tú le teann mórchúise:
Is dia mé,
suím in ionad Dé i lár na farraige.
Cé gur duine thú agus nach dia,
measann tú bheith ar aon chéim le Dia.
3Is eagnaí thú ná Dainéil;
níl aon rún ceilte ort.
4Le gaois agus le tuiscint
ghnóthaigh tú saibhreas;
chruinnigh tú ór agus airgead
i do chistí.
5Mhéadaigh tú do stór
le do chríonnacht i gcúrsaí gnó;
bhorr do chroí de thairbhe do mhaoine.
6Uime sin, seo mar a deir an Tiarna Dia:
Measann tú bheith ar aon chéim le Dia.
7Féach, tabharfaidh mé coimhthígh anuas ort,
an náisiún is barbartha ar na náisiúin;
tarraingeoidh siad an claíomh
in aghaidh scéimh dʼeagna,
truailleoidh siad do ghlóir.
8Teilgfidh siad síos thú go Seól,
agus gheobhaidh tú anbhás
i gceartlár na farraige móire.
9An ndéarfaidh tú fós: ‘Is dia mé,’
i láthair lucht do mharfa?
Ní hea, is duine thú agus ní dia,
agus tú i lámha marfóirí!
10Éagfaidh tú le láimh an choimhthígh
amhail duine gan timpeallghearradh.
Mise a dúirt–an Tiarna Dia a labhraíonn.”
11Tháinig briathar an Tiarna chugam arís: 12“A mhic an duine, caoin rí na Tuíre agus abair leis: Seo mar a deir an Tiarna Dia:
Rug tú craobh na foirfeachta leat
le feabhas do ghaoise,
agus le maise do scéimhe;
13bhí tú in Éidin, i ngairdín Dé.
Bhí gach sort seoide i ndéantús do chlóca,
sard, tópas, diamant,
criosailít, beiril, oinisc,
saifír, carmhogal, smaragaid;
ba as ór a rinneadh do thiompáin
agus do phíbeanna.
Gléasadh an t‑iomlán
an lá ar cruthaíodh thú.
14Chuir mé thú i gcuideachta
ceiribín ungtha choimhdeachta;
bhí tú ar shliabh naofa Dé,
shiúil tú i measc na n‑aibhleog dearg-the.
15Bhí dʼiompar gan locht
ón lá ar cruthaíodh thú
go dtí gur tháinig an t‑olc fad leat.
16Ba é do thrádáil ghnóthach
a líon le foréigean agus le peaca thú.
Chaith mé síos thú
mar rud truaillithe ó shliabh Dé;
theilg an ceiribín coimhdeachta amach thú
as lár na n‑aibhleog te.
17Dʼéirigh do chroí teann as do scéimh,
thruailligh tú do ghaois
mar gheall ar do niamhracht.
Theilg mé síos go talamh thú,
nocht mé thú os comhair ríthe
ionas go mbainfidís lán na súl asat.
18Le hiomad do pheacaí
agus caimiléireacht do ghnóthaí,
thruailligh tú do shanctóirí;
bhain mé tine asat le do dhó,
rinne mé luaithreach díot ar an talamh
os comhair gach duine a chonaic thú.
19Is uafás thú
ag do lucht aitheantais uile;
is tubaisteach an chríoch a dʼimigh ort;
ní bheidh tú ann arís choíche.”
In Éadan Shíodóine
20Tháinig briathar an Tiarna chugam: 21“A mhic an duine, iompaigh i dtreo Shíodóine agus tairngir ina héadan. 22Abair: Seo mar a deir an Tiarna Dia:
Féach! tá mise i do choinne, a Shíodón;
foilseoidh mé mo ghlóir tríotsa,
agus tuigfidh siad gur mise an Tiarna
nuair a ghearrfaidh mé breithiúnais uirthi,
agus nuair a thaispeánfaidh mé mo naofacht inti.
23Cuirfidh mé plá inti
agus fuil ag rith ar na sráideanna.
Titfidh na mairbh inti leis an gclaíomh
ina timpeall ar gach taobh,
agus tuigfidh siad ansin gur mise an Tiarna.
Saorfar Iosrael ó na Náisiúin
24Ní bheidh na comharsana tarcaisneacha arís
mar dhris a scríobann,
nó mar dhealg a stróiceann muintir Iosrael.
Tuigfidh siad ansin gur mise an Tiarna Dia.
25“Seo mar a deir an Tiarna Dia: Nuair a bhaileoidh mé muintir Iosrael as na ciníocha ina bhfuil siad scaipthe, is mar seo a thaispeánfaidh mé mo naofacht ina measc os comhar na gciníocha. Cuirfidh siad fúthu ina dtír féin, an tír a thug mé do Iacób, mo sheirbhíseach. 26Cuirfidh siad fúthu ann le muinín, tógfaidh siad tithe cónaithe, cuirfidh síos fíonghoirt; cuirfidh siad fúthu ann le muinín. Nuair a ghearrfaidh mé breithiúnas ar na comharsana tarcaisneacha uile, tuigfidh siad gur mise an Tiarna, a nDia.”

Currently Selected:

Eizicéil 28: ABN

Highlight

Share

Compare

Copy

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in