Eizicéil 27
27
An Tuír: An Long
1Tháinig briathar an Tiarna chugam: 2“A mhic an duine, caoin an Tuír. 3Abair leis an Tuír, an chathair atá suite ar bhruach na farraige agus a dhéanann gnó leis an bpobal ar a lán insí: Seo mar a deir an Tiarna:
A Thuír, dúirt tusa:
‘Tá mé thar a bheith sciamhach.’
4Shín do theorainn amach go farraige;
thug na saoir do sciamh chun foirfeachta.
5Rinne siad do chláir uile
as crainn ghiúise Shainír.
Thug siad céadras ón Liobáin
a dhéanfadh crann seoil duit.
6As daracha Bháiseán
a rinne siad do rámhaí.
Chuir siad do bhord le chéile
le péine as Insí na Mara,
agus é maisithe le heabhar.
7Ba línéadach mín ón Éigipt,
ar a raibh obair bhróidnéirithe,
do sheol agus do mheirge ar aon.
Ba ghorm corcra do scáthbhrat
ó insí Eilíseá.
8Ba de mhuintir Shíodóine agus Arvad
do rámhaithe;
bhí do shaoithe ar bord, a Thuír,
mar lucht stiúrtha.
9Bhí sinsir Ghabal,
agus a fir dheaslámhacha ionat,
ag calcadh do shiúntaí.
Bhíodh loingeas na farraige uile
agus a bhfoirne mairnéalach
ar cuairt trádála agat.
10“Bhí fir na Peirse, Lúd agus Pút, ar do shlua gaiscíoch; chrochaidís an sciath agus an ceannbheart ionat; chuiridís le do dhea-chlú. 11Bhí fir Arvad le do shlua ar do bhallaí máguaird agus fir Ghamád i do thúir. Chrochaidís a sciath ar do bhallaí máguaird; thug siad do scéimh chun foirfeachta. 12Bhí Tairsís ag trádáil leat mar gheall ar mhéid do shaibhris. Malartaíodh airgead, iarann, stán agus luaidhe ar dʼearraí. 13Bhí Iáván, Túbal agus Meisic ag trádáil leat; mhalartaídís daoine agus soithigh phráis ar dʼearraí. 14Mhalartaíodh muintir Bhéit Tógarmá capaill, capaill chogaidh agus miúileanna ar dʼearraí. 15Bhí fir Dhéadán ina gceannaithe agat; bhí margaí mórán oileán faoi do réir; dʼíoc siad thú le starrtha eabhair is éabainn. 16Bhí trádáil ag Eadóm leat mar gheall ar iomad dʼearraí; dhíolaidís ar do mhargadh carmhogail, corcra, obair bhróidnéirithe, línéadach mín, coiréal agus rúibíní. 17Bhí trádáil ag Iúdá agus ag tír Iosrael leat fosta; dhíolaidís ar do mhargadh cruithneacht Mhinnít, [céir], mil, ola agus balsam. 18Bhí an Damaisc ina ceannaí agat mar gheall ar fhlúirse dʼearraí agus méid do shaibhris, fíon Heilbeon agus olann bhán ó Záchar. 19Thug Dán agus Iáván, ó Úzál amach, iarann buailte, caisia agus calmas duit ar dʼearraí. 20Bhí Déadán ag trádáil leat i gcídeoga capaill. 21Bhí an Aráib agus prionsaí uile Chéadar ag trádáil leat in uain, i reithí agus i ngabhair. 22Thrádáil ceannaithe Sheabá agus Rámá leat, ag malartú leat ar dʼearraí togha na n‑uile spíosraí, clocha luachmhara agus ór. 23Thrádáil Hárán, Canae, Éidin, ceannaithe Sheabá, Aisiúr agus Chilmead leat. 24Thrádáil siad leat in éadaí luachmhara, i gclócaí corcra ar a raibh obair bhróidnéirithe, i mbrait ildathacha agus i gcorda casta téagrach. 25Tháinig longa Thairsís trasna na farraige chun do mhargaidh.
Bhí lasta mór lomlán ort
i gceartlár na farraige.
26Rámhaigh do rámhaithe thú
amach ar an bhfarraige mhór.
Bhris an ghaoth anoir thú
i gceartlár na farraige.
27Do shaibhreas, dʼearraí, do lasta,
dʼfhoireann, do mhairnéalaigh,
do chalcairí, do cheannaithe,
do fhir chogaidh atá ar bord,
agus do chomhluadar uile;
rachaidh siad uile go tóin poill
i gceartlár na farraige
lá do longbhriste.
28Nuair a sheolfaidh
scread na mairnéalach ina gcluasa,
crithfidh muintir na gcóstaí.
29Tiocfaidh na rámhaithe anuas dá longa;
na mairnéalaigh agus lucht farraige uile,
fanfaidh siad ar an gcladach.
30Tógfaidh siad olagón ar do shon,
ag caoineadh go géar goirt.
Caithfidh siad deannach ar a gcinn,
ag únfairt i luaithreach.
31Bearrfaidh siad a gcinn ar do shon,
crioslóidh iad féin le sacéadach,
caoinfidh siad ar do shon
le doilíos croí go géar goirt.
32Tógfaidh siad olagón agus lógóireacht os do chionn,
agus iad ag caoineadh ar do shon:
Cé riamh a scriosadh
mar a scriosadh an Tuír i lár na farraige?
33Nuair a tháinig do lastaí i dtír
chothaigh tú a lán daoine;
shaibhrigh tú ríthe an domhain
le méid do mhaoine is dʼearraí.
34Tá tú scriosta anois ag na huiscí,
i ndoimhneacht na farraige móire;
tá do lasta agus dʼfhoireann báite
mar aon leat féin.
35Scanraigh an chinniúint muintir na n‑insí;
tá uafás ar na ríthe iontu
agus cuma bhuartha ar a ngnúiseanna.
36Tá aos trádála na gciníocha
ag fonóid fút;
tháinig deireadh tubaisteach leat
agus ní bheidh tú ann arís choíche.’ ”
Currently Selected:
Eizicéil 27: ABN
Highlight
Share
Compare
Copy
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
© An Sagart 1981
Úsáidtear le cead. Used by permission.