Eizicéil 24
24
Fáthscéal an Phota
1Sa naoú bliain, ar an deichiú lá den deichiú mí, tháinig briathar an Tiarna chugam. 2“A mhic an duine, scríobh síos dáta an lae inniu, inniu féin. Chuir rí na Bablóine Iarúsailéim faoi léigear inniu féin. 3Inis fáthscéal don dream ceannairceach seo agus abair leo: Seo mar a deir an Tiarna Dia:
Cuir an pota síos,
Cuir síos é agus doirt uisce ann.
4Cuir na spólaí feola isteach,
gearrthóga den chéad scoth,
an tsliasaid agus an slinneán;
líon é le togha na gcnámh.
5Glac togha an tréada,
coinnigh connadh ina mholl fúithi.
Tabhair ar an bpota fiuchadh leis
ionas go mbruithfear na cnámha féin.
6“Uime sin, seo mar a deir an Tiarna Dia:
Is mairg don chathair fhuilteach,
don phota meirgeach
nach bhfuil a mheirg inghlanta!
Taosc é greim ar ghreim
gan crainn a chaitheamh.
7Óir tá a fuil ina lár fós.
Dʼfhág sí í ar charraig lom;
níor dhoirt ar an talamh
lena ceilt faoin deannach.
8Chun mo chuthach a ghríosú,
chun cúiteamh a bhaint amach,
dʼfhág mé a fuil ar charraig lom
ionas nach i bhfolach a bheadh sí.
9“Dá bhrí sin, seo mar a deir an Tiarna Dia:
Is mairg don chathair fhuilteach!
Déanfaidh mise craos tine.
10Coinnigh an connadh léi, las í,
bruith an fheoil go maith, spíosraigh í,
dóitear na cnámha.
11Cuir an pota folamh ansin ar na haibhleoga
go dtí go mbeidh a phrás te,
go loiscfidh an prás ina chaor the,
go leáfar an salachar istigh,
go ndófar an mheirg.
12“Ba in aisce a chaith mé mo neart leis: ní dhónn an mheirg throm sa tine. 13Is í do ghraostacht ghránna an mheirg úd. De bhrí gur mhian liomsa tú a ghlanadh agus nár mhian leat féin é, ní ghlanfar arís thú go n‑ídeoidh mise mo chuthach ort. 14Mise, an Tiarna, a labhair; fíorófar mʼfhocal. Gníomhóidh mé agus ní rachaidh mé siar air; ní dhéanfaidh mé trua ná aithreachas; tabharfaidh mé breithiúnas ort de réir dʼimeachtaí agus do ghníomhartha–an Tiarna Dia a labhraíonn.”
Pianpháis an Fháidh
15Tháinig briathar an Tiarna chugam fosta: 16“A mhic an duine, bainfidh mé mian do shúl uait ar an toirt; ach ná bac a bheith ag mairgneach ná ag caoineadh ná ag sileadh deor. 17Lig ochón asat os íseal, ná déan cumha ar son na marbh. Ceangail turban do chinn ort agus do chuaráin ar do chosa; ná clúdaigh do bhéal, ná hith arán na ndobrónach.” 18Dʼinis mé an scéal sin don phobal ar maidin agus dʼéag mo bhean chéile um thráthnóna. Maidin lá arna mhárach chuir mé i gcrích mar a ordaíodh dom. 19Dúirt an pobal liom: “Nach n‑inseoidh tú dúinn cad é mar a bhaineann na gnóthaí seo agat linne?” 20Dúirt mé leo ansin: “Tháinig briathar an Tiarna chugam: 21‘Abair le muintir Iosrael: Seo mar a deir an Tiarna Dia: Tá mé ar tí mo shanctóir a thruailliú, togha bhur nirt, mian bhur súl, dúil bhur n‑anama. Bhur mic agus bhur n‑iníonacha, iadsan a fhágfaidh sibh in bhur ndiaidh, titfidh siad leis an gclaíomh. 22Déanfaidh sibh mar a rinne mise; ní chlúdóidh sibh bhur mbéal, ní íosfaidh sibh arán na ndobrónach. 23Caithfidh sibh an turban ar bhur gcinn agus na cuaráin ar bhur gcosa; ní dhéanfaidh sibh gol ná gearán, ach cnaífidh sibh de bharr bhur bpeacaí, mairgneoidh sibh in bhur measc féin. 24Beidh Eizicéil ina chomhartha daoibh. Déanaigí de réir mar rinne seisean. Nuair a thitfidh seo amach tuigfidh sibh gur mise an Tiarna Dia.’
25“Agus, a mhic an duine, an lá a mbainfidh mé a mic agus a n‑iníonacha díobh, gurb iad a neart, a ngairdeas agus a nglóir iad, mian a súl agus dúil a n‑anama; 26an lá sin tiocfaidh fear ar a theitheadh ag insint an scéil duit. 27An lá sin osclóidh do bhéal chun labhairt leis an bhfear ar a theitheadh; labhróidh tú agus ní bheidh tú balbh a thuilleadh. Beidh tú i do chomhartha dóibh agus tuigfidh siad gur mise an Tiarna.”
Currently Selected:
Eizicéil 24: ABN
Highlight
Share
Copy
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
© An Sagart 1981
Úsáidtear le cead. Used by permission.