Eizicéil 23
23
Iarúsailéim agus an tSamáir:–An Dá Dheirfiúr Dhrúisiúla
1Tháinig briathar an Tiarna chugam: 2“A mhic an duine, bhí beirt bhan ann, iníonacha aon mháthar amháin. 3Chuaigh siad le striapachas san Éigipt, chuaigh le striapachas le linn a n‑óige. Rugadh barróg ar a gcíocha ansin agus rinneadh muirniú ar a mbrollaigh mhaighdeanúla. 4Oholá ab ainm don sinsear agus Ohoilíbeá dá deirfiúr. Ba liomsa iad agus rug siad mic agus iníonacha. I dtaobh a n‑ainmneacha de ba í an tSamáir Oholá agus Iarúsailéim Ohoilíbeá.
5“Mheirdrigh Oholá nuair ba liomsa í; shuirigh sí lena leannáin na hAsaírigh, a comharsana, 6laochra in éide chorcra, rialtóirí agus uaisle, iad uile ina n‑ógánaigh tharraingteacha, oilte ar mharcaíocht chapall. 7Rinne sí a striapachas leo–ba iad uile togha na nAsaíreach–agus thruailligh sí í féin le híola cách a ndearna sí suirí leo. 8Níor thréig sí an striapachas a chleacht sí san Éigipt ina hóige nuair a luigh fir léi ag breith ar a brollach maighdeanúil agus á truailliú lena ndrúis. 9Uime sin, thug mé suas i lámha a leannán í, i lámha na nAsaíreach a ndearna sí suirí leo. 10Dʼfhág siadsan í tarnocht, ghabh siad a mic agus a hiníonacha, mharaigh siad ise leis an gclaíomh; agus dʼimigh a míchlú i mbéal na mban nuair a cuireadh an breithiúnas uirthi i gcrích.
11“Cé go bhfaca a deirfiúr Ohoilíbeá é sin ba thruaillithe fós ise ina suirí, ba mheasa a mheirdrigh sí ná a deirfiúr. 12Shuirigh sí leis na hAsaírigh, idir rialtóirí agus uaisle, laochra in éide shómasach, marcaigh oilte ar chapaill, iad uile ina n‑ógánaigh tharraingteacha. 13Chonaic mé go raibh sí mígheanmnaí, go raibh siad beirt chomh truaillithe lena chéile. 14Ach mhéadaigh sise a striapachas chomh luath agus a chonaic sí fir tarraingthe ar bhallaí, íomhánna na gCaildéach daite le flanndearg– 15criosanna crioslaithe thar a gcoim agus turbain mhaisiúla ar a gcinn, iad uile cinsealach mar uaisle–agus pictiúir de Bhablónaigh dar dhúchas dóibh Caildéa. 16Chomh luath agus chonaic sí iad splancadh í ina ndiaidh agus sheol teachtairí chucu go Caildéa. 17Tháinig na Bablónaigh chuici go leaba an ghrá agus thruailligh siad í lena ndrúis. Tar éis a truaillithe dʼiompaigh sí uathu agus í dúdhóite leo. 18Mheirdrigh sí agus tharnocht sí os comhair an tsaoil mhóir sa chruth gur thug mé cúl léi go samhnasach mar a thug lena deirfiúr. 19Ach mhéadaigh fós ar a striapachas agus í ag cuimhneamh ar aimsir a hóige nuair a mheirdrigh sí i dtír na hÉigipte, 20agus nuair a shuirigh sí le leannáin a raibh a mbaill mar bhaill asal agus a síol mar shíol capall. 21Bhí tú ag tnúth le graostacht dʼóige nuair a rug na hÉigiptigh barróg ar do bhrollach agus nuair a mhuirnigh siad dʼógchíocha.
22“Dá bhrí sin, a Ohoilíbeá, seo mar a deir an Tiarna Dia: Féach, gríosóidh mé i dʼéadan na leannáin ar thug tú cúl leo go samhnasach; cruinneoidh mé i do choinne iad ó gach taobh, 23na Bablónaigh agus na Caildéigh uile, lucht Phacód, Sheóa agus Chóa agus na hAsaírigh uile ina gcuideachta, iad go léir ina n‑ógánaigh tharraingteacha, rialtóirí agus tiarnaí, uaisle agus laochra, gach duine ar mhuin capaill. 24Ionsóidh siad thú [aduaidh] le carbaid, le cóistí agus le slua daoine; cuirfidh siad sciath, lúireach agus clogad i do choinne ó gach taobh. Fágfaidh mé breithiúnas fúthu agus daorfaidh siad thú de réir a mbreithiúnais féin. 25Díreoidh mé mʼéad ort ionas go roinnfidh siad go han-bhorb leat; bainfidh siad do shrón agus do chluasa díot agus titfidh a mbeidh fágtha leis an gclaíomh. Ropfaidh siad do mhic agus dʼiníonacha agus caithfear an fuílleach sa tine. 26Sracfaidh siad do chuid éadaí díot agus sciobfaidh siad do sheoda leo. 27Mar sin a thabharfaidh mé ort éirí as an ngraostacht agus an striapachas a thug tú leat ó thír na hÉigipte. Ní fhéachfaidh tú le bá i dtreo na nÉigipteach, ní chuimhneoidh tú orthu níos mó. 28Óir, seo mar a deir an Tiarna Dia: Féach, tabharfaidh mé suas thú dóibhsean is gráin leat, dóibh siúd ar thug tú cúl leo le déistin. 29Roinnfidh siad go fuafar leat, sciobfaidh siad toradh do shaothair leo agus fágfaidh thú lom tarnocht. Léireofar do striapachas mínáireach ar an dóigh sin. Do ghraostacht agus do striapachas ar aon 30a thug an drochíde seo anuas ort, de bhrí gur mheirdrigh tú leis na ciníocha agus gur thruailligh tú thú féin lena n‑íola. 31Lean tú sampla do dheirféar; dá bharr sin tabharfaidh sé a corn i do láimh. 32Seo mar a deir an Tiarna Dia:
Ólfaidh tú as corn do dheirféar
go domhain agus go fairsing,
corn a tharraingíonn fonóid agus magadh ort
le flúirse na dí.
33Líonfar thú le meisce agus le doilíos.
Corn an uafáis agus an dóláis,
corn do dheirféar, an tSamáir,
34ólfaidh tú, diúgfaidh tú é.
[Stoithfidh tú do chuid gruaige,]
réabfaidh tú do chíocha.
“Mise a dúirt–an Tiarna Dia a labhraíonn. 35Uime sin, seo mar a deir an Tiarna Dia: De bhrí gur dhearmad tú mé agus gur thug tú cúl liom, ní mór duit díol as do ghraostacht agus do striapachas.”
36Dúirt an Tiarna liom: “A mhic an duine, an toil leatsa breithiúnas a thabhairt ar Oholá agus ar Ohoilíbeá agus a n‑imeachtaí gránna a chur ina leith? 37Óir rinne siad adhaltranas, tá fuil ar a lámha, rinne siad adhaltranas lena n‑íola. Na páistí a rug siad domsa rinne siad íobairtí dóite dá n‑íola díobh. 38Tuilleadh fós a rinne siad orm, thruailligh siad mo shanctóir an lá céanna agus mhill siad mo shabóidí. 39An uair a mharaigh siad a bpáistí mar íobairtí dá n‑íola tháinig siad faoi dhéin mo shanctóra-sa an lá céanna á thruailliú. Sea, sin mar a chruthaigh siad i mo theachsa.
40“Níos measa fós, chuir siad fios trí theachtairí ar fhir teacht ó chian agus féach, tháinig siad. Nigh tú thú féin ar a son, dhathaigh tú do shúile, chóirigh tú thú féin le seoda; 41shuigh tú ar leaba shómasach a raibh tábla lena hais ar ar chuir tú mo thúis agus mʼola. 42Bhí ragairne an chomhluadair léi le cloisteáil os ard mar gheall ar an daoscar a tugadh isteach ón fhásach; chuir siad bráisléid ar chaolta láimhe na mban agus corónacha breátha ar a gcinn. 43Dúirt mé ansin: Nach ndéanann na fir seo adhaltranas anois nuair a mheirdríonn siad léi? 44Óir chuaigh siad ina dáil amhail fir i ndáil striapaí. Ba mar seo a chuaigh siad i ndáil Oholá agus Ohoilíbeá, mná na graostachta. 45Ach daorfaidh na fíréin iad mar bhanadhaltranaigh agus mar bhanmharfóirí, de bhrí gur banadhaltranaigh iad agus go bhfuil fuil ar a lámha.”
46Deir an Tiarna Dia é seo: “Tabhair slua aníos ina gcoinne agus tabhair suas don uafás agus don chreach iad. 47Clochfaidh an slua iad agus coscróidh leis an gclaíomh iad; maróidh siad a mic agus a n‑iníonacha agus dófaidh a dtithe. 48Mar sin a choscfaidh mé graostacht sa tír, ionas go nglacfaidh an uile bhean chuici féin an rabhadh gan déanamh de réir bhur ngraostachta-sa. 49Cúiteofar bhur ngraostacht libh agus luífidh oraibh ualach na bpeacaí a rinne sibh leis na híola. Tuigfidh sibh ansin gur mise an Tiarna Dia.”
Currently Selected:
Eizicéil 23: ABN
Highlight
Share
Copy
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
© An Sagart 1981
Úsáidtear le cead. Used by permission.