Eizicéil 20
20
Mídhílseacht Iosrael
1Sa seachtú bliain, ar an deichiú lá den chúigiú mí, tháinig dream de shinsir Iosrael chun dul i gcomhairle leis an Tiarna agus shuigh síos os mo chomhair. 2Tháinig briathar an Tiarna chugam: 3“A mhic an duine, labhair le sinsir Iosrael agus abair leo: Seo mar a deir an Tiarna Dia: ‘An chun dul i gcomhairle liom a tháinig sibh?’ Dar mo bheo–an Tiarna Dia a labhraíonn–ní ligfidh mé daoibh dul i gcomhairle liom. 4An dtabharfaidh tusa breithiúnas orthu, a mhic an duine? An dtabharfaidh tú breithiúnas orthu? Inis imeachtaí gránna a n‑aithreacha dóibh, 5agus abair leo: Seo mar a deir an Tiarna Dia: An lá a thogh mé Iosrael, mhionnaigh mé do shliocht mhuintir Iacóib, do mo chur féin in aithne dóibh i dtír na hÉigipte. Mhionnaigh mé dóibh: Is mise an Tiarna bhur nDia. 6An lá sin mhionnaigh mé dóibh go dtabharfainn liom iad as tír na hÉigipte go tír a cheap mé féin dóibh, tír a bhfuil bainne agus mil ina slaoda inti, tír a sháraíonn tíortha an domhain. 7Dúirt mé leo: Caithigí uaibh uafáis a mheallann súile an uile dhuine agaibh agus ná truailligí sibh féin le híola na hÉigipte; is mise an Tiarna bhur nDia. 8Ach dʼéirigh siad amach i mo choinne agus níor éist siad liom; níor chaith siad uathu na huafáis ar bhain gach duine acu lán na súl astu; níor thréig siad íola na hÉigipte ach oiread.
“Shocraigh mé ansin mo dhíbeirg a dhoirteadh anuas orthu agus mo chuthach a ídiú orthu i lár thír na hÉigipte. 9Ach dʼoibrigh mé ar mhaithe le mʼainm féin ionas nach dtruailleofaí é os comhair na gciníocha ar chónaigh siad ina measc, óir gheall mé dóibh os comhair na gciníocha sin go dtreoróinn amach as tír na hÉigipte iad. 10Threoraigh mé iad amach as tír na hÉigipte agus isteach san fhásach. 11Thug mé mo reachtanna dóibh agus thaispeáin mo dheasghnátha dóibh, deasghnátha a bhfuil beatha an duine ag brath ar a gcomhlíonadh. 12Lena chois sin thug mé mo shabóidí dóibh mar chomhartha idir mise agus iadsan, ionas go mbeadh fhios acu gur mise, an Tiarna, a naomhaíonn iad. 13Ach dʼéirigh muintir Iosrael amach i mo choinne san fhásach; níor shiúil siad de réir mo reachtanna, ach dhiúltaigh siad do mo dheasghnátha a bhfuil beatha an duine ag brath ar a gcomhlíonadh, agus thruailligh siad mo shabóidí go mór.
“Shocraigh mé ansin go ndoirtfinn mo dhíoltas anuas orthu san fhásach á léirscrios. 14Ach dʼoibrigh mé ar mhaithe le mʼainm ionas nach dtruailleofaí é os comhair na gciníocha, os a gcomhair siúd ar sheol mé amach iad. 15Mhionnaigh mé dóibh fosta san fhásach nach dtreoróinn iad isteach sa tír a cheap mé dóibh, an tír a bhfuil bainne agus mil ina slaoda inti agus a sháraíonn tíortha an domhain; 16de bhrí gur dhiúltaigh siad do mo dheasghnátha, nár shiúil siad de réir mo reachtanna, agus gur thruailligh siad mo shabóidí, óir luigh a gcroí lena n‑íola. 17Ina dhiaidh sin agus uile ghlac mé trua dóibh; níor bhasc ná níor léirscrios mé san fhásach iad.
18“Dúirt mé lena gclann san fhásach: Ná siúlaigí de réir reachtanna bhur n‑aithreacha, ná comhlíonaigí a ndeasghnátha, ná truailligí sibh féin lena n‑íola. 19Is mise an Tiarna, bhur nDia. Siúlaigí de réir mo reachtanna agus comhlíonaigí mo dheasghnátha go cúramach. 20Naomhaígí mo shabóidí ionas go mba chomhartha iad idir mise agus sibhse, ionas go dtuigfidh sibh gur mise, an Tiarna, bhur nDia. 21Ach dʼéirigh an chlann amach i mo choinne; níor shiúil siad de réir mo reachtanna, níor chomhlíon siad mo dheasghnátha go cúramach a bhfuil beatha an duine ag brath ar a gcomhlíonadh, thruailligh siad mo shabóidí.
“Shocraigh mé ansin mo dhíbheirg a dhoirteadh anuas orthu agus mo chuthach a ídiú orthu san fhásach. 22Ach tharraing mé siar agus dʼoibrigh ar mhaithe le mʼainm, ionas nach dtruailleofaí é os comhair na gciníocha, os a gcomhair siúd ar sheol mé amach iad. 23Lena chois sin mhionnaigh mé dóibh san fhásach go scaoilfinn i measc na gciníocha iad agus go scaipfinn iad ar fud na dtíortha; 24de bhrí nár chomhlíon siad mo dheasghnátha ach gur dhiúltaigh siad do mo reachtanna agus gur thruailligh siad mo shabóidí agus go raibh lán na súl á bhaint acu as íola a n‑aithreacha. 25Uime sin, thug mé reachtanna gan tairbhe dóibh agus deasghnátha nach dtabharfadh beatha dóibh. 26Thruailligh mé iad lena mbronntanais féin, ag tabhairt orthu a gcéadghinte a íobairt le tine, ionas go mbuailfeadh uafás iad; rinne mé amhlaidh le go dtuigfidís gur mise an Tiarna.
27“Dá bhrí sin, a mhic an duine, labhair le muintir Iosrael. Abair leo: Seo mar a deir an Tiarna Dia: Mhaslaigh bhur n‑aithreacha mé sa rud seo arís trí fheall a imirt orm. 28Nuair a thug mé isteach iad sa tír a mhionnaigh mé a thabhairt dóibh, dʼofrálaidís a n‑íobairtí agus a mbronntanais bhearránacha, aon áit a bhfeicidís cnoc ard nó crann duilleach. Ansin mar an gcéanna a scaoilidís a mboladh cumhra agus a dhoirtidís a ndeochanna ofrála. 29Dúirt mé leo ansin: Cad is ainm don áit ard a dtéann sibh chuige? Bámá a thugann siad air go dtí an lá inniu dá bhrí sin. 30Uime sin, abair le muintir Iosrael: Seo mar a deir an Tiarna Dia: An dtruailleoidh sibhse sibh féin ar nós bhur n‑aithreacha, ag dul ar seachrán i ndiaidh a nithe gránna? 31Má ofrálann sibh bhur mbronntanais, má íobraíonn sibh bhur gclann mhac sa tine, agus sibh féin a thruailliú le bhur n‑uile íola go dtí an lá inniu féin, an bhféadaim ligean daoibh dul i gcomhairle liom? Dar mo bheo–an Tiarna Dia a labhraíonn–ní rachaidh sibh i gcomhairle liom.
32“Ní thitfidh sé amach ar chor ar bith de réir an smaoineamh seo in bhur n‑aigne: ‘Bímis amhail na náisiúin, amhail ciníocha na dtíortha, ag adhradh adhmaid agus cloiche.’ 33Dar mo bheo–an Tiarna Dia a labhraíonn–is mise go deimhin a bheidh ina rí oraibh le láimh láidir agus géag sínte agus taom feirge. 34Tabharfaidh mé amach as na ciníocha sibh, cruinneoidh mé sibh le láimh láidir agus géag sínte agus taom feirge ó na tíortha inar scaipeadh sibh; 35agus tabharfaidh mé sibh go Fásach na Náisiún, áit a ndaorfaidh mé sibh agus sinn i láthair a chéile. 36Dála mar a dhaor mé bhur n‑aithreacha san fhásach i dtír na hÉigipte, daorfaidh mé sibhse mar an gcéanna–an Tiarna Dia a labhraíonn. 37Tabharfaidh mé oraibh siúl faoi mo shlat; tabharfaidh mé sibh faoi chuing an chonartha. 38Scagfaidh mé na ceannaircigh as bhur measc, iadsan a dʼéirigh amach i mo choinne. Tabharfaidh mé amach iad as an tír ina gcónaíonn siad, ach ní bhainfidh siad tír Iosrael amach; agus tuigfidh sibh gur mise an Tiarna.
39“Seo mar a deir an Tiarna Dia: Mura toil libh éisteacht liomsa, a mhuintir Iosrael, imígí libh, ní amháin anois ach as seo amach, gach duine agaibh faoi réir bhur n‑íol féin. Ach ní thruailleoidh sibh mʼainm naofa níos mó le bhur mbronntanais agus le bhur n‑íola. 40Óir, ar mo shliabh naofa, ar shliabh ard Iosrael–an Tiarna Dia a labhraíonn–riarfaidh muintir Iosrael go léir orm, gach duine acu atá sa tír. Fáilteoidh mé romhaibh ansin agus beidh mé ag súil le bhur mbronntanais, le togha bhur dtíolacthaí agus bhur n‑íobairtí naofa go léir. 41Fáilteoidh mé romhaibh amhail roimh bholadh cumhra nuair a thabharfaidh mé sibh as na ciníocha, nuair a chruinneoidh mé sibh as na tíortha inar scaipeadh sibh; agus foilseoidh mé mo naofacht ionaibh os comhair na gciníocha. 42Tuigfidh sibh gur mise an Tiarna nuair a thabharfaidh mé go tír Iosrael sibh, an tír a mhionnaigh mé a bhronnadh ar bhur n‑aithreacha. 43Cuimhneoidh sibh ansin ar bhur mbealaí agus ar bhur ngníomhartha lenar truaillíodh sibh; agus tabharfaidh sibh fuath daoibh féin as an uile pheaca dar chleacht sibh. 44Tuigfidh sibh ansin gur mise an Tiarna nuair a roinnfidh mé libh ar mhaithe le mʼainm féin, agus ní de réir bhur ndrochimeachtaí ná bhur ndrochnósanna, a mhuintir Iosrael–an Tiarna Dia a labhraíonn.”
Currently Selected:
Eizicéil 20: ABN
Highlight
Share
Copy
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
© An Sagart 1981
Úsáidtear le cead. Used by permission.