Eizicéil 19
19
Fáthscéal na Leon
1“Ach sibhse, tógaigí tuireamh ar son phrionsaí Iosrael. 2Abraigí:
‘Cad ba mháthair duit?
Leon baineann i measc leon.
Ina luí idir na leoin óga
dʼoil sí na coileáin.
3Thóg sí coileán acu agus dʼfhás sé ina leon óg;
dʼfhoghlaim sé breith ar an gcreach,
agus thosaigh ag alpadh fear.
4Thóg na ciníocha an gháir ina choinne,
gábhadh ina bpoll é;
agus thug siad le crúcaí
go tír na hÉigipte é.
5Nuair a chonaic [an mháthair] í féin cloíte
agus ábhar a dóchais caillte,
ghlac sí coileán eile dá cuid
agus thóg ina leon óg é.
6Chuaigh sé ar a sheilg i measc na leon,
dʼfhás ina leon óg,
dʼfhoghlaim sé breith ar an gcreach
agus thosaigh ag alpadh fear.
7Scrios sé a gcaisleáin
agus bhánaigh a gcathracha;
scanraigh an tír agus a raibh inti
ag callán a bhúiríola.
8Ghluais na ciníocha ansin ina choinne
ó na cúigí máguaird;
leathnaigh siad a n‑eangach thairis;
gábhadh ina bpoll é.
9Ghabh siad i gcarcair é le crúcaí
agus rug leo é go rí na Bablóine;
chuir siad i mbraighdeanas é
ionas nach gcluinfí a ghlór arís
ar shléibhte Iosrael.’
Fáthscéal na Fíniúna
10Bhí do mháthair amhail fíniúin
a cuireadh i gcóngar an uisce.
11Dʼfhás an ghéag ba láidre
ina slat ríoga;
dʼfhás sí go han-ard
os cionn na dtiúchraobhacha.
Ba shofheicthe í ar a hairde
agus ar mhothall a duilliúir.
12Ach réabadh as a fréamh í,
teilgeadh ar lár í le fearg;
seargadh a toradh ag an ngaoth anoir,
chríon an ghéag láidir,
dhóigh an tine í go léir.
13Tá sí athchurtha anois san fhásach,
in ithir thirim thartmhar.
14Chuaigh tine amach ón tamhan,
a dhóigh idir ghéaga agus thoradh;
tá deireadh leis an gcraobh láidir,
deireadh leis an tslat ríoga.’ ”
Is tuireamh é sin agus glactar leis amhlaidh.
Currently Selected:
Eizicéil 19: ABN
Highlight
Share
Copy
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
© An Sagart 1981
Úsáidtear le cead. Used by permission.