YouVersion Logo
Search Icon

Deotranaimí 23

23
Seirbhís Phoiblí
1“An té a coilleadh, nó ar baineadh a bhall fearga de, níl cead isteach aige i dTionól an Tiarna. 2Ná téadh bastard i dTionól an Tiarna; ná téadh duine dá shliocht go dtí an deichiú glúin i dTionól an Tiarna. 3Ná bíodh cead isteach i dTionól an Tiarna ag Amónach ná ag Móábach; fiú go dtí an deichiú glúin ná bíodh cead isteach go Tionól an Tiarna ag a sliocht go brách. 4Óir níor tháinig siad in bhur gcoinne le harán agus le huisce agus sibh ar an tslí amach as an Éigipt, agus dʼfhostaigh siad Balám mac Bheór ó Phatór in Arám an Dá Abhainn chun mallacht a chur ort. 5Ach ní éisteodh an Tiarna do Dhia le Balám agus rinne an Tiarna do Dhia beannacht den mhallacht duit, mar go raibh grá ag an Tiarna do Dhia duit. 6Go brách fad a mhairfidh tú ná bí sa tóir ar a síocháin ná ar a gconách. 7Ná bíodh fuath agat don Eadómach óir is bráthair duit é, ná don Éigipteach mar gur dheoraí thú ina thír. 8Bíodh cead isteach i dTionól an Tiarna ag an tríú glúin dá sliochtsan.
Glaine an Champa
9“Nuair a bhíonn tú i gcogadh le do naimhde, agus go mbíonn tú i gcampa, seachain an uile olc. 10Má bhíonn aon fhear in bhur measc nach bhfuil glan de bharr ar tharla dó san oíche, téadh sé ón gcampa amach agus ná filleadh sé ar ais ar an gcampa. 11Nuair a thagann an tráthnóna níodh sé é féin le huisce, agus bíodh cead aige filleadh ar an gcampa ar dhul faoi don ghrian. 12Bíodh camraí agat lasmuigh den champa, agus gábh amach chucu. 13Bíodh sluasaid agat ar do chuid airm, agus nuair a théann tú amach ag déanamh do ghnó, déan poll leis an tsluasaid seo, agus cas timpeall agus clúdaigh do chac. 14Óir siúlann an Tiarna do Dhia timpeall istigh i do champa do do chosaint agus ag tabhairt do naimhde ar láimh duit. Ní foláir do champa a bheith ina áit naofa dá bhrí sin; ná feiceadh an Tiarna aon rud míchuí in bhur measc dá bhrí sin le heagla go dtabharfadh sé droim láimhe leat.
An Lag le Cosaint
An tIosraelach
15“Ná tabhair suas dá mháistir daor a dʼéalaigh uaidh agus a tháinig chugat. 16Cónaíodh sé farat, in bhur measc, cibé áit is mian leis ina rogha cathair leat; ná cuir isteach air. 17Ná bíodh striapach chultais mná ar iníonacha Iosrael, ná striapach chultais fir ar mhic Iosrael. 18Ná tabhair tuarastal striapaí ná pá madra go teach an Tiarna do Dhia mar fhuascailt ar aon sórt móide; is fuath leis an Tiarna do Dhia iad araon. 19Ná tabhair iasacht ar ús do do dheartháir, cibé acu iasacht airgid é nó bia nó aon ní eile a thuillfeadh breis. 20Ní miste duit ús a éileamh ar iasacht do choimhthíoch, ach ná héiligh ús ar iasacht do do dheartháir, i dtreo go gcuirfidh an Tiarna do Dhia a bheannacht ort i ngach a ndáileann do lámh sa tír atá tú le dul isteach ann agus a shealbhú. 21Má thugann tú móid don Tiarna do Dhia ná bí mall á comhlíonadh, óir éileoidh an Tiarna do Dhia ort í go cinnte, agus ba pheaca í a dhiúltú. 22Ach níor pheaca duit gan móid a thabhairt. 23Cloígh le cibé rud a théann thar do bheola, agus ní foláir duit an mhóid a thug tú de do dheoin féin le briathar do bhéil féin don Tiarna do Dhia a chomhlíonadh. 24Nuair a théann tú isteach i bhfíonghort do chomharsan, ní cás duit do sháith caor a chaitheamh, oiread díobh agus is mian leat, ach níl cead agat aon chaora a chur í do chliabh. 25Má théann tú trí arbhar do chomharsan atá ina sheasamh, ní cás duit diasa a stoitheadh le do láimh ach níl cead agat do chorrán buana a chur in arbhar do chomharsan agus é ina sheasamh.

Currently Selected:

Deotranaimí 23: ABN

Highlight

Share

Compare

Copy

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in