Deotranaimí 22
22
1“Má fheiceann tú damh nó caora le do dheartháir ag dul ar seachrán, ná bí seachantach ina dtaobh; ní foláir duit iad a bhreith leat ar ais chun do dhearthár. 2Mura bhfuil sé láimh leat, nó murab aithnid duit é, tabhair leat abhaile é, agus coinnigh é nó go dtagann do dheartháir á lorg; tabhair dó ansin é. 3Déan mar an gcéanna lena asal, agus lena bhrat, agus le haon ní a chailleann do dheartháir agus go bhfaigheann tú é: ná bíodh aon seachaint sa ghnó seo. 4Ná bí á seachaint má fheiceann tú damh nó asal do dhearthár ag titim ar an mbóthar, ach cabhraigh leis á gcur ina seasamh arís. 5Ná cuireadh bean feisteas fir uirthi féin, agus ná cuireadh fear feisteas mná air féin; is gráin leis an Tiarna do Dhia an mhuintir a dhéanann na nithe sin. 6Má tharlaíonn tú i do shiúlta ar nead éin i gcrann nó sa talamh agus gearrcaigh nó uibheacha ann, agus an mháthair ina luí ar na huibheacha nó ar na gearrcaigh, ná tóg an mháthair leis na gearrcaigh; 7ach scaoil leis an máthair. Ní miste duit na gearrcaigh a bhreith leat. Ar an gcaoi sin beidh an rath ort agus fad saoil agat. 8Nuair a thógann tú teach nua, cuir uchtbharr ar an díon agus ansin beidh do theach saor ó fhíoch fola de bharr duine a thitim de. 9Ná cuir an dara sórt síl i do fhíonghort le nach ndéanfaí coisreacan ar a thoradh go léir–ar an mbarr eile a chuir tú agus ar thoradh do fhíonghoirt. 10Ná cuir damh agus asal faoin aon chuing threafa. 11Ná caith éadach leathach, éadach fite dʼolann agus de líon. 12An fhallaing a chuireann tú umat, déan scothóga ar a ceithre cúinní.
An Bhean Nuaphósta
13“Má phósann duine bean agus luí léi, agus ansin gur beag air í, 14agus go gcuireann sé mí-iompar ina leith agus í a náiriú go poiblí, á rá: ‘Phós mé an bhean seo agus nuair a luigh mé léi ní bhfuair mé comharthaí a maighdeanais.’ 15Ansin tugadh athair agus máthair na mná óige comharthaí a maighdeanais leo go seanóirí na cathrach ag an ngeata. 16Abradh athair na mná óige leis na seanóirí: ‘Thug mé mʼiníon don fhear seo le pósadh agus is beag air í. 17Tá mí-iompar á chur ina leith aige anois á rá: “Ní bhfuair mé comharthaí a maighdeanais ar dʼiníon.” Ach seo iad comharthaí maighdeanais mʼiníne.’ Agus leathfaidh siad an t‑éadach os comhair sheanóirí na cathrach. 18Ansin beireadh seanóirí na cathrach sin greim ar an bhfear úd, gabhaidís de lasca ann, 19agus gearraidís fíneáil céad seicil airgid air agus tugaidís iad dʼathair na mná óige óir tá drochcháil tugtha aige ar mhaighdean in Iosrael, agus fanadh sí mar bhean aige agus ní bheidh cead aige í a chur uaidh lena shaol. 20Ach más fíor é agus má dheimhnítear nach bhfuarthas comharthaí maighdeanais na mná óige, 21ansin tugaidís an bhean óg go doras theach a hathar, agus déanadh a comhchathróirí í a chur chun báis de chlocha mar go ndearna sí baois in Iosrael lena striapachas agus í faoi dhíon theach a hathar. Ní foláir daoibh an t‑olc seo a dhíbirt ó bhur measc ar an tslí sin.
Adhaltranas agus Striapachas
22“Má fhaightear fear ag luí le bean duine eile, cuirtear iad araon chun báis–an fear a luigh leis an mbean, agus an bhean féin. Ní foláir duit an t‑olc seo a dhíbirt ó Iosrael an tslí sin.
23“Má bhíonn maighdean geallta agus go mbuaileann fear léi sa chathair, agus go gcodlaíonn léi, 24beirigí iad araon libh amach go geata na cathrach sin agus cuirigí chun báis de chlocha iad–an bhean óg mar nár liúigh sí ag lorg cabhrach agus í sa chathair, agus an fear mar gur thruailligh sé bean a chomharsan. Ní foláir duit an t‑olc seo a dhíbirt ó bhur measc ar an tslí sin. 25Ach más faoin tuath a bhuaileann fear le bean óg atá geallta agus go ndéanann sé éigean uirthi agus luí léi, ansin ná cuirtear chun báis ach an fear a luigh léi. 26Ná déan aon ní leis an mbean óg óir ní dhearna an bhean óg aon choir a thuillfeadh bás, mar is cuma an cás seo nó fear a ionsaí agus a mharú a chomharsan. 27Óir tháinig sé uirthi faoin tuath, agus ba fhéidir don bhean óg liú gan aon duine a theacht á fóirithint. 28Má bhuaileann fear le maighdean nach bhfuil geallta agus í a éigniú agus luí léi, agus go mbeirtear orthu, 29ansin tugadh an fear a luigh léi leathchéad seicil airgid dʼathair na mná óige agus bíodh sí mar bhean aige mar gur thruailligh sé í agus ní féidir dó í a chur uaidh lena shaol. 30Ná gábhadh fear bean a athar chuige, agus ná baineadh sé beann bhrat a athar anuas di.
Currently Selected:
Deotranaimí 22: ABN
Highlight
Share
Compare
Copy
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
© An Sagart 1981
Úsáidtear le cead. Used by permission.