Bible App logo
Search Icon

Deotranaimí 15

15
An Bhliain Shabóideach
1“Ag deireadh gach seachtú bliain déan fuascailt. 2Seo é an sórt fuascailte atá le déanamh: gach creidiúnaí a mbíonn comharsa leis faoi bhannaí aige, scaoileadh sé saor é; ní féidir dó íocaíocht a éileamh ar a chomharsa ná ar a bhráthair nuair a ghoirtear ar fhuascailt an Tiarna. 3Ní cás duit íocaíocht a éileamh ar an eachtrannach, ach maith cibé éileamh atá agat ar do bhráthair. 4Ná bíodh aon bhochtáin in bhur measc. Óir ní chuirfidh an Tiarna a bheannacht ort sa tír atá an Tiarna do Dhia a thabhairt duit mar oidhreacht, 5ach ar an gcoinníoll seo amháin, go dtabharfaidh tú aird ar ghlór an Tiarna do Dhia agus go gcoimeádfaidh tú na haitheanta uile a aithním duit inniu le barr cáiréise. 6Má bheannaíonn an Tiarna do Dhia thú mar a gheall sé, tabharfaidh tú iasacht dá lán ciníocha, ach iasacht ní thógfaidh tú féin; beidh tú i gceannas ar a lán ciníocha, ach cine ní bheidh i gceannas ort féin. 7Má tá bochtán láimh leat, duine de do bhráithre in aon bhaile de do chuid sa tír atá an Tiarna á thabhairt duit, ná cruaigh do chroí agus ná dún do dhorn in aghaidh an bhochtáin bhráthar sin agat. 8Bí fial flaithiúil leis, agus tabhair riar a cháis ar iasacht dó. 9Seachain agus ná scaoil an smaoineamh suarach seo isteach i do chroí, ‘Tá an seachtú bliain, bliain na fuascailte láimh linn,’ agus féachaint le doicheall ar do bhochtán bráthar agus gan aon ní a thabhairt dó, agus go nglaofadh sé ar an Tiarna i dʼaghaidh, agus gur pheaca duit é. 10Tabhair rud dó, agus nuair a dhéanann tú tabhair dó le barr croí mhóir, agus cuirfidh an Tiarna a bheannacht ort dá chionn sin i ngach gnó agus i ngach cúram a ghabhann tú idir lámha. 11Ní bheidh, ar ndóigh, an tír choíche gan bhochtán; uime sin ordaím duit: Bí fial flaithiúil i gcónaí le do bhráthair, agus le haon duine i do thír atá ar an gcaolchuid nó dealbh.
Daoir
12“Má dhíoltar do chomhEabhrach leat, fear nó bean, déanadh sé seirbhís duit ar feadh sé bliana; an seachtú bliain, scaoil uait saor é. 13Agus tú á scaoileadh saor ná lig uait beo bocht é. 14Tabhair maoin dó ó do thréad, ó dʼurlár buailte agus ó do chantaoir fíona; faoi mar a chuir an Tiarna do Dhia a bheannacht ortsa, déan-sa déirc air. 15Cuimhnigh air go raibh tú féin i do dhaor i dtír na hÉigipte agus gur fhuascail an Tiarna do Dhia thú; uime sin a ordaím é seo duit inniu. 16Ach má deir sé: ‘Níl aon fhonn orm imeacht uait’ toisc go bhfuil cion aige ort féin agus ar do theaghlach agus go bhfuil saol sona aige farat, 17faighse meana agus cuir trína chluais é agus isteach sa chomhla, agus bíodh sé mar dhaor agat go brách. Déan mar an gcéanna le haon daoirseach leat. 18Ná meas go bhfuil sé dian ort go gcaitheann tú é a scaoileadh saor; is fiú a dhá oiread le fostúch é agus tá seirbhís sé bliana déanta aige duit. Déanfaidh an Tiarna do Dhia a bheannacht a chur ort ansin i saothar uile do lámh.
An Chéadghin
19“Gach céadghin fhireann de do tháin agus do do thréad, déan é a choisreacan don Tiarna do Dhia; ná leag aon obair ar chéadghin do thána, agus ná bearr céadghin do thréada. 20Ní foláir duit é a ithe, tú féin agus líon do thí, gach bliain i láthair an Tiarna do Dhia san áit a thoghfaidh an Tiarna. 21Má bhíonn aon mháchail air, má bhíonn sé bacach nó dall nó má bhíonn máchail mhór eile air, ná híobair é don Tiarna do Dhia. 22Ith sa bhaile é; ní cás do neamhghlan agus do ghlan é a ithe, dála ghasaile nó fia; 23ach ná caith an fhuil ach í a dhoirteadh ar an talamh amhail uisce.

Currently Selected:

Deotranaimí 15: ABN

Highlight

Copy

Compare

Share

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in