Bible App logo
Search Icon

Deotranaimí 14

14
1“Sibhse clann an Tiarna bhur nDia. Ná déanaigí sibh féin a chiorrú ná bhur n‑éadan a lomadh ar aon slí ar son an mhairbh. 2Óir is pobal coisricthe don Tiarna do Dhia thú agus thogh an Tiarna thú le bheith i do phobal aige féin thar a bhfuil de phobail ar chlár na cruinne.
Ainmhithe Glana agus Neamhghlana
3“Ná hith aon ní gráiniúil. 4Seo iad na hainmhithe is ceadmhach daoibh a ithe: an damh, an chaora, agus an gabhar; 5an fia, an ghasail, an fia fionn, an t‑ibeach, an t‑antalóp, an damh allta agus an chaora faille. 6Is ceadmhach daoibh aon ainmhí a scoilteann an chrúb go ladhrach agus a chognaíonn an chíor a ithe. 7Díobh siúd áfach a chognaíonn an chíor nó a scoilteann an chrúb go ladhrach, ní ceadmhach daoibh iad seo leanas a ithe: an camall, an míol maí, agus an coinín, mar, fág go gcognaíonn siad an chíor, ní scoilteann siad an chrúb; bídís neamhghlan agaibh. 8Mar an gcéanna leis an muc–fág go scoilteann sí an chrúb, ní chognaíonn sí an chíor; bíodh sí neamhghlan agaibh. Ná hithigí feoil a leithéidí sin agus ná bainigí lena gconablach. 9Dá bhfuil beo san fharraige is ceadmhach daoibh iad seo a ithe: gach a bhfuil eití agus gainní acu, ithigí iad; 10ach aon ní gan eití gan ghainní ní ceadmhach daoibh iad a ithe: bídís neamhghlan agaibh.
11“Is ceadmhach daoibh gach éan glan a ithe, 12ach seo iad na héin nach ceadmhach daoibh a ithe: an t‑iolar, an bhadhbh, an coirneach, 13an t‑alpaire, gach sórt clamháin, 14gach sórt féich, 15an ostrais, an t‑ulchabhán, an faoileán, gach sórt seabhaic, 16an ceann cait, an t‑ulchabhán mór, an chearc uisce, 17an peileacán, an t‑iolar bán, an fiach farraige, 18an chorr agus gach sórt corr éisc, an pilibín agus gach sórt sciatháin leathair. 19Gach míoltóg eiteallach, bídís neamhghlan agaibh; ná hithigí iad. 20Is ceadmhach daoibh gach eiteallach glan a ithe.
21“Ná hithigí aon ainmhí a fuair bás uaidh féin. Tabhair é mar bhia don deoraí atá ag cur faoi i do bhailte, nó díol é le coimhthíoch: óir is pobal naofa thú don Tiarna do Dhia. Ná bruith meannán i mbainne a mháthar.
Deachúna
22“Gach bliain ní foláir duit deachú de thoradh do shíl sa talamh a bhreith leat, 23agus i láthair an Tiarna do Dhia, san áit a thoghfaidh sé mar áitreabh dá ainm, ith deachú dʼarbhair, do fhíona, dʼola, agus céadtorthaí do thána agus do thréada dʼfhonn go bhfoghlaimeofá conas eagla an Tiarna do Dhia a bheith ort de shíor. 24Má bhíonn an t‑aistear rófhada duit, agus mura féidir duit–nuair a bheannaíonn an Tiarna do Dhia thú–do dheachú a bhreith ann mar go bhfuil an áit a thoghann an Tiarna do Dhia mar áitreabh dá ainm, rófhada ó bhaile, 25ansin malartaigh an deachú ar airgead, agus beir greim docht i do láimh ar an airgead agus téigh chun na háite a thogh an Tiarna do Dhia; 26caith an t‑airgead ar do rogha rud ansiúd–daimh, nó caoirigh, nó fíon nó deoch chrua, nó cibé ní is mian leat; ith ansiúd i láthair an Tiarna do Dhia, agus bíodh lúcháir ort féin agus ar do theaghlach. 27Ná déan faillí ar an Léivíteach a bhfuil cónaí air i do bhailte, óir níl cuid ná oidhreacht aige leat.
28“Ag deireadh gach tríú bliain, tóg deachúna uile dʼfhómhair don bhliain sin agus cuir i dtaisce i do bhailte. 29Ansin an Léivíteach (ós rud é go bhfuil sé gan chuid gan oidhreacht farat), agus an deoraí, agus an dílleachta, agus an bhaintreach a bhfuil cónaí orthu i do bhailte, tiocfaidh siad agus íosfaidh siad agus beidh a sáith acu. Beannóidh an Tiarna do Dhia thú dá chionn sin cibé gnó a bhíonn idir lámha agat.

Currently Selected:

Deotranaimí 14: ABN

Highlight

Copy

Compare

Share

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in