YouVersion Logo
Search Icon

Barúch 6

6
Litir Irimia
1Cóip den litir a chuir Irimia chucusan a raibh rí na mBablónach ar tí iad a thabhairt go dtí an Bhablóin ina gcimí, chun an teagasc a fuair sé ó Dhia a fhógairt dóibh:
2De dheasca na bpeacaí a rinne sibh in aghaidh Dé tabharfaidh Nabúcadnazar, rí na mBablónach, sibh in bhur gcimí go dtí an Bhablóin. 3Nuair a bhainfidh sibh an Bhablóin amach, mar sin, fanfaidh sibh ann ar feadh mórán blianta, go ceann i bhfad, suas le seacht nglúin; ach ina dhiaidh sin tabharfaidh mé amach as an áit sin sibh faoi shíocháin. 4Anois, sa Bhablóin feicfidh sibh déithe atá déanta dʼairgead agus dʼór agus dʼadhmad a bhíonn á n‑iompar ar ghuaillí daoine agus a chuireann eagla ar na gintlithe. 5Mar sin de, seachnaígí le nach mbeadh sibhse freisin cosúil leis na hallúraigh i ngach slí agus go dtiocfadh eagla na ndéithe seo oraibh, nuair a fheicfidh sibh ollslua daoine rompu amach agus ina ndiaidh ag tabhairt ómóis dóibh. 6Ach abraigí in bhur gcroí: Is tú amháin, a Thiarna, a chaithfimid a adhradh. 7Óir tá mʼaingeal in bhur dteannta agus is eisean a bhíonn ag tabhairt aire do bhur n‑anamacha.
8Ceardaí éigin a dhealbhaigh a dteangacha agus tá siad maisithe le hór agus le hairgead; ach is bréagach iad agus ní féidir dóibh labhairt. 9Faightear ór agus déantar corónacha de le cur ar chinn na ndéithe seo mar a dhéanfá do chailín a bheadh tugtha don ghalántacht. 10Ach uaireanta, tarlaíonn sé go mbaineann na sagairt an t‑ór agus an t‑airgead dá ndéithe chun iad a chaitheamh orthu féin; 11fiú amháin, tugann siad cuid de do na striapacha a chónaíonn sna seomraí cúil. Na déithe seo atá déanta dʼairgead agus dʼór agus dʼadhmad cuirtear baill éadaigh orthu faoi mar ba dhaoine iad 12ach ní féidir dóibh iad féin a dhíonadh ar mheirg nó ar chreimeadh dʼainneoin na róbaí corcra a chuirtear orthu. 13Thairis sin, caithfear a n‑aghaidheanna a ghlanadh ó luaithreach an teampaill a bhíonn ina luí orthu go trom. 14Bíonn slat ag an dia amhail mar a bhíonn ag breitheamh cúige ach ní féidir dó aon duine a dhéanann éagóir air a dhíothú. 15Ina láimh dheis bíonn miodóg agus tá tua aige freisin ach ní thig leis é féin a chosaint ar chogadh agus ar robálaithe. 16Is léir uaidh sin nach déithe iad; mar sin de, ná bíodh eagla oraibh rompu.
17Nuair a bhristear soitheach éigin ar dhuine, ní bhíonn aon mhaitheas ann dó feasta; is é an dála céanna é ag déithe na ngintlithe a bhíonn ina suí ina dteampaill. Óir bíonn a súile lán de luaithreach a thógann cosa na ndaoine a théann isteach iontu. 18Agus faoi mar a dhúntar na doirse ar gach taobh ar dhuine atá tar éis éagóir a dhéanamh ar rí agus atá faoi bhreith báis dá bharr, mar an gcéanna daingníonn na sagairt a dteampaill le doirse agus le glais agus le barraí le heagla go ndéanfadh robálaithe iad a chreachadh. 19Lasann siad níos mó lampaí do na déithe ná dóibh féin cé nach féidir dóibh sean aon cheann díobh a fheiceáil. 20Is ionann [na déithe] seo agus ceann de bhíomaí an teampaill; deirtear go mbíonn a gcroithe á gcreimeadh ag na seangáin bhána a thagann aníos as an talamh agus a itheann iad agus a gcuid éadaigh. 21Nuair a dhubhaíonn deatach an teampaill a n‑aghaidheanna, ní thugann siad faoi deara é. 22Bíonn sciatháin leathair agus fáinleoga agus éin eile agus go fiú na cait ag tuirlingt ar a gcoirp agus ar a gcinn. 23Beidh a fhios agaibh uaidh sin nach déithe iad; mar sin de, ná bíodh eagla oraibh rompu.
24Maidir leis an ór a chuirtear umpu mar mhaise, mura gcuimlítear an smál de, ní bheidh siad ag glioscarnach; óir, fiú nuair a bhítí á dteilgean, níor mhothaigh siad dada. 25Is ar an luach is airde a cheannaítear iad; mar sin féin, ní bhíonn dé dá laghad iontu. 26Ós rud é nach bhfuil cosa acu, caithfear iad a iompar ar ghuaillí daoine–rud a thaispeánann a n‑éadairbhe do chách. 27Thairis sin, cuirtear náire orthu siúd a dhéanann freastal orthu; óir, aon uair a thiteann ceann de na déithe ar lár, ní féidir dó éirí as a stuaim féin; rud eile, má chuirtear ceann díobh ina sheasamh, ní féidir dó corraí; agus má chuirtear leath stuaic ar cheann díobh, ní féidir dó é féin a dhíriú. Dá ainneoin sin uile cuirtear bronntanais os a gcomhair faoi mar a chuirtear os comhair na marbh. 28Díolann na sagairt na hofrálacha a bhronntar ar na déithe agus caitheann siad an t‑airgead orthu féin; ar an gcuma chéanna déanann a mná céile cuid díobh a shailleadh ach ní roinneann siad aon bhlúire díobh ar an mbocht nó ar an lag. 29Mná atá ag cur a gcuid fola míosta agus iad siúd freisin atá tar éis éirí as leaba luí seoil, ligtear dóibh a lámha a leagan ar na hofrálacha seo chomh maith. Mar sin de, ós eol daoibh ó na nithe seo nach déithe iad, ná bíodh eagla oraibh rompu.
30Óir, cén fáth a nglaofaí déithe orthu, ós rud é go leagann mná béilí roimh na déithe seo airgid agus óir agus adhmaid? 31Thairis sin, bíonn na sagairt ina suí ina dteampaill agus a gclócaí sractha acu agus a gcinn agus a bhféasóga bearrtha agus iad ceann-nochta; 32bíonn siad ag béicíl agus ag liúireach os comhair a ndéithe faoi mar a dhéantar ag tórramh marbháin. 33Ardaíonn na sagairt cuid dʼéadach na ndéithe leo agus gléasann siad a mná céile agus a bpáistí leis. 34Cibé acu comaoin nó drochchomaoin a chuirtear orthu, ní féidir dóibh í a chúiteamh. Ní mó ná sin is féidir dóibh rí a chur i réim nó a bhriseadh. 35Ar an gcuma chéanna ní féidir dóibh maith nó maoin a thabhairt uathu ach má thugann aon duine móid ach nach gcomhlíonann sé í, ní éileoidh siad cúiteamh air. 36Ní féidir dóibh duine a shaoradh ón mbás nó an lag a chosaint ar an láidir. 37Níl sé ar a gcumas ach oiread radharc na súl a thabhairt don dall nó an duine atá ar an anás a shábháil. 38Ní ghlacann siad trua don bhaintreach ná ní dhéanann siad déirc ar an dílleachta. 39Na hearraí adhmaid seo atá plátáilte le hór agus le hairgead, is cosúil iad le clocha sléibhe agus náireofar a lucht freastail. 40Dá bhrí sin, conas a dʼfhéadfadh aon duine a cheapadh nó á rá gur déithe iad?
41Thairis sin, fiú amháin na Caildéigh féin, tarraingíonn siad míchlú orthu; mar, nuair a fheiceann siad balbhán nach féidir dó labhairt go soiléir, tugann siad leo é agus iarrann siad ar Bhéil bua na cainte a thabhairt dó amhail is go bhféadfadh Béil iad a thuiscint. 42Ní thig leo baois an iompair sin a aithint agus na híola a thréigean dá bharr, mar níl aon chumas tuisceana acu féin. 43Bíonn mná, agus téada aniar thar a gcoim acu, ina suí sna sráideanna agus iad ag dó brain mar thúis; agus nuair a thugann ceann de na fir a bhíonn ag dul thart bean éigin díobh leis chun luí léi, maslaíonn sise an bhean is gaire di de bhrí nach raibh sí chomh tarraingteach léi féin agus nár briseadh a téadsan. 44Gach uile rud a dhéantar ar son na n‑íol seo is bréagach é. Dá bhrí sin, conas a dʼfhéadfadh aon duine a cheapadh nó á rá gur déithe iad.
45Saoir adhmaid agus gaibhne buí a dhéanann iad; mar sin de, ní bhíonn aon chruth eile orthu seachas an ceann is mian leis na ceardaithe a bheith orthu. 46Na daoine a dhéanann iad, ní ró-fhada a mhairfidh siad féin; dá bhrí sin, conas a dʼfhéadfadh déantús a lámh a bheith ina ndéithe? 47Níor fhág siad ag na glúine a thiocfaidh ina ndiaidh ach bréaga agus ábhar aithise. 48Nuair a bhuaileann cogadh agus cruatan na déithe seo, is iad na sagairt a chaithfidh comhairle a ghlacadh le chéile faoi cén áit a rachaidh siad i bhfolach leo. 49Mar sin de, conas a dʼfhéadfaí a cheapadh gur déithe iad is a rá nach féidir dóibh iad féin a shaoradh ó chogadh nó ó chruatan? 50Ós rud é go bhfuil siad déanta dʼadhmad agus plátáilte le hór agus le hairgead, tuigfear níos déanaí gur bréagach iad; 51beidh sé soiléir do na náisiúin agus do na ríthe uile nach déithe iad ach déantús lámh daoine agus nach bhfuil rian de chumas ceardaíochta Dé acu. 52Dá bhrí sin an bhfuil aon duine ann nach eol dó nach déithe iad?
53Óir ní féidir dóibh rí a cheapadh do thír ar bith ná báisteach a thabhairt do dhaoine, 54Ní fhéadann siad ach oiread a gcás féin a agairt le daoine nó duine ar bith a fhuascailt ón éagóir, mar níl cumhacht dá laghad acu; óir is cuma nó cága idir neamh agus talamh iad, 55Má théann teampall na ndéithe seo atá clúdaithe le hór nó le hairgead trí thine, éalóidh a gcuid sagart as slán ach déanfar luaith de [na déithe féin] mar bhíomaí adhmaid. 56Thairis sin, níl ar a gcumas cur in aghaidh rí ná naimhde. Dá bhrí sin, conas a dʼfhéadfadh aon duine a admháil nó a cheapadh gur déithe iad?
57Déithe adhmaid atá clúdaithe le hairgead agus le hór, ní féidir dóibh iad féin a shábháil ó ghadaithe nó ó ropairí. 58Bainfidh lucht an fhornirt an t‑ór agus an t‑airgead díobh, agus ardóidh siad leo an éide a chaitheann siad umpu agus gan é a bheith ar chumas na ndéithe cabhrú leo féin. 59Dá thairbhe sin, is fearr an rí a thaispeánann a chuid fearúlachta, nó an soitheach áisiúil tí a fhónann go maith don té ar leis é ná na déithe bréagacha seo; go fiú an doras tí a choinníonn a bhfuil laistigh de slan, is fearr é ná na déithe bréagacha seo; an colún adhmaid atá istigh sa phálás is fearr é chomh maith ná na déithe bréagacha seo.
60Dar ndóigh, tugann an ghrian agus an ghealach agus na réaltaí solas uathu agus nuair a sheoltar amach iad chun fónamh do dhaoine géilleann siad. 61Mar an gcéanna, nuair a bhladhmann an tintreach feictear mórthimpeall í; is é an dála céanna ag an ngaoth é; séideann sí i ngach uile thír. 62Nuair a ordaíonn Dia do néalta taisteal os cionn an domhain go léir, déanann siad rud air. 63An tine chomh maith a chuirtear anuas ón spéir chun sléibhte agus coillte a loscadh, comhlíonann sí a n‑ordaítear di a dhéanamh. Ach níl na híola seo inchomórtais leo siúd i gcruth ná i gcumhacht. 64Mar sin de, níl sé ceart a cheapadh gur déithe iad ná an t‑ainm sin a thabhairt orthu; mar ní féidir dóibh breithiúnas a thabhairt ná maitheas ar bith a dhéanamh do dhaoine. 65Ós eol daoibh, mar sin, nach déithe iad, ná bíodh eagla oraibh rompu.
66Óir ní fhéadann siad ríthe a mhallú nó a bheannú; 67ná comharthaí a dhéanamh sa spéir do na náisiúin faoi mar a thaitníonn an ghrian agus mar a thugann an ghealach solas uaithi. 68Is fearr na hainmhithe allta ná iad mar is féidir dóibh éalú leo ar foscadh chun iad féin a shábháil. 69Mar sin de, níl oiread na fríde dʼfhianaise ann gur déithe iad; dá bhrí sin, ná bíodh aon eagla oraibh rompu.
70Amhail mar nach dtugann taibhse préachán i gceapach cúcamar cosaint ar bith, sin mar a bhíonn sé ag na déithe adhmaid seo atá clúdaithe le hór agus le hairgead. 71Mar an gcéanna, na déithe adhmaid úd atá clúdaithe le hór agus le hairgead, tá siad cosúil le sceach i ngairdín ar a suíonn na héin go léir nó le corpán a caitheadh amach sa dorchadas. 72Is léir ó na héidí corcra agus lín a bhíonn ag lobhadh orthu nach déithe iad; creimfear iad féin ar deireadh thiar agus beidh siad ina gceap magaidh sa tír.
73Is fearr, mar sin, an duine macánta nach bhfuil aon íola aige; ní móide go dtabharfar tarcaisne dó choíche.

Currently Selected:

Barúch 6: ABN

Highlight

Share

Copy

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in