YouVersion Logo
Search Icon

Barúch 5

5
1Bain díot, a Iarúsailéim,
do róba dobróin agus ainnise
agus bíodh niamhracht ghlóir Dé
á caitheamh agat go brách.
2Cóirigh thú féin faoi bhrat na fíréantachta
a thagann ó Dhia;
cuir ar do cheann coróin ghlóir an Neach Shíoraí.
3Óir taispeánfaidh Dia do bhreáthacht
do gach náisiún faoin spéir.
4Is é an t‑ainm a thabharfaidh Dia ort feasta:
An tSíocháin a Ghineann an Fhíréantacht,
An Ghlóir a Eascraíonn ón gCráifeacht.
5Éirigh, a Iarúsailéim, agus seas ar na harda
agus breathnaigh soir, go bhfeice tú do chlann
agus iad bailithe le chéile anoir agus aniar,
ar ordú an Neach Naofa
agus iad ag déanamh lúcháire
de bhrí go bhfuil Dia tar éis cuimhneamh orthu.
6Óir, dʼimigh siad amach uait de shiúl a gcos
agus iad á dtiomáint ag a naimhde.
Ach tá Dia á dtabhairt ar ais chugat
agus iad á n‑iompar go glórmhar
mar fhlatha ríoga.
7Mar tá Dia tar éis ordú a thabhairt
go n‑ísleofaí gach cnoc ard agus na sléibhte síoraí,
agus go líonfaí isteach na gleannta, ina machaire réidh,
chun go bhféadfadh Iosrael siúl go sábháilte slán faoi ghlóir Dé.
8Tabharfaidh na coillte agus gach crann cumhra
scáth dʼIosrael ar ordú Dé.
9Óir treoróidh Dia Iosrael go lúcháireach
agus leis an trócaire agus leis an ionracas
is dual dó.

Currently Selected:

Barúch 5: ABN

Highlight

Share

Copy

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in