Amós 6
6
1Is mairg don mhuintir atá sócúil i Síón,
agus a mhothaíonn slán sábháilte ar shliabh na Samáire,
móruaisle scoth cine na gciníocha
ar a mbíonn triall theach Iosrael.
2Téigí go Calna agus féachaigí,
ar aghaidh libh uaidh sin go Hamát mór,
agus ansin síos go Gat na bhFilistíneach libh;
an fearr iadsan ná na ríochtaí seo?
nó an mó a dtailte ná bhur gcuidse?
3Sibhse a mheasann an drochlá a chur ar cairde,
is ag luathú réim an uafáis chugaibh féin atá sibh!
4[Is mairg] dá luíonn ar leapacha eabhair,
a shíneann iad féin ar tholga;
a chothaíonn iad féin ar uain an tréada,
agus ar na gamhna as na stalla;
5a chanann baothamhráin le fuaim na cruite,
a chumann (ar nós Dháiví) nuaghléasanna ceoil;
6a ólann fíon i gcoirn
agus a ungann iad féin leis na holaí is tofa;
ach gur cuma leo faoi thurnamh Iósaef.
7Beidh siad, dá bhrí sin, ar an gcéad dream ar deoraíocht;
agus an mhuintir sínte ar tholga beidh deireadh lena ragairne.
8Mhionnaigh an Tiarna Dia dar a cheann féin,
–is é an Tiarna, Dia na Slua, a labhraíonn–
Is fuath liom díomas Iacóib,
is beag orm a pháláis;
tréigfidh mé an chathair agus a bhfuil inti.
9Agus má fhanann deichniúr fear in aon teach gheobhaidh siad bás. 10An fear gaoil a iompraíonn na cnámha amach as na tithe chun iad a dhó, déarfaidh sé leis an té atá sa chuid is sia isteach den teach: “An bhfuil aon duine i do chuideachta fós?” Freagróidh seisean: “Níl! bí i do thost! caithimid gan ainm an Tiarna a lua.”
11Óir, féach, ordaíonn an Tiarna féin é;
buaileann sé agus déantar smionagar den teach mór
agus titeann an teach beag as a chéile.
12An ritheann capaill ar charraigeacha?
An dtreabhtar an fharraige le daimh?
le go ndéanfadh sibh nimh den cheart
agus mormónta de thoradh an ionracais.
13Tá áthas oraibh faoi Ló Dabár;
“Nach lenár neart féin a ghabhamar Carnáim?” a deir sibh.
14Ach, féach, a theach Iosrael, a deir an Tiarna, Dia na Slua,
gríosfaidh mé cine in bhur gcoinne,
cine a chiapfaidh sibh isteach ó bhéal Hamát
ó dheas go sileán an Arabá.
Currently Selected:
Amós 6: ABN
Highlight
Copy
Compare
Share
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
© An Sagart 1981
Úsáidtear le cead. Used by permission.

: