Amós 7
7
Físeanna
An Chéad Trí Fhís
1Seo an rud a thaispeáin an Tiarna mo Dhia dom:
Is amhlaidh a bhí sé ag cruthú lócaistí
i dtosach an athfháis
–ba é an t‑athfhás é a eascraíonn
nuair a bhíonn an fómhar déanta ag an rí.
2Nuair a bhí féar na tíre go léir nach mór alptha acu, dúirt mise:
“A Thiarna Dia, tabhair maithiúnas, impím ort.
Cad é mar a mhairfidh Iacób
agus é chomh beag sin?”
3Agus tháinig aithreachas ar an Tiarna;
“Ní thitfidh sé seo amach,” a dúirt an Tiarna.
4Seo an rud a thaispeáin an Tiarna dom:
An Tiarna Dia féin ag fógairt pionóis le tine.
Bhí an duibheagán mór dóite aici,
agus bhí sí ag creimeadh na talún roimpi.
5Dúirt mise ansin: “Éirigh as, a Thiarna Dia, impím ort.
Cad é mar a mhairfidh Iacób
agus é chomh beag sin?”
6Agus ghlac an Tiarna trua;
“Ní thitfidh sé seo amach ach oiread,”
a dúirt an Tiarna.
7Seo an rud a thaispeáin an Tiarna dom:
An Tiarna ina sheasamh cois balla
agus dorú pluma ina láimh aige.
8Dúirt an Tiarna liom:
“A Amós, cad é a fheiceann tú?”
“Dorú pluma,” arsa mise.
Ansin dúirt an Tiarna liom:
“Féach, tá mé chun mo phobal Iosrael a thomhas le dorú pluma;
ní ligfidh mé a gcionta leo níos mó.
9Creachfar áiteanna arda Íosác;
bánófar sanctóirí Iosrael
nuair a thabharfaidh mé ruathar ar theach Iarobám leis an gclaíomh.”
An Sagart i mBéit Éil i gcoinne Amós
10Chuir Amaiziá, sagart Bhéit Éil, scéal ansin chuig Iarobám, rí Iosrael, á rá: “Tá Amós ag beartú comhcheilge i dʼaghaidh i lár theach Iosrael; ní féidir leis an tír a bhriathra uile a fhulaingt níos mó. 11Óir is mar seo a deir sé: ‘Tá sé i ndán do Iarobám bás a fháil leis an gclaíomh, agus do Iosrael dul ar deoraíocht i bhfad ó bhaile.’ ” 12Dúirt Amaiziá le hAmós: “Imigh leat a fhísí, fill ar thír Iúdá; saothraigh do chuid aráin ansin, déan do chuid tairngreachta ansin. 13Níl do thairngreacht uainn anseo i mBéit Éil mar is ann atá sanctóir an rí, teampall ríoga.” 14Dúirt Amós le hAmaiziá á fhreagairt: “Ní fáidh mé ná mac fáidh, ach aoire agus coimeádaí seiceamar; 15ach ba é an Tiarna a thóg mé ón mbuachailleacht agus ba é a dúirt liom: ‘Téigh agus tairngir do mo phobal Iosrael.’ ”
16Mar sin éist le briathar an Tiarna:
Deir tusa: “Ná tairngir i n‑aghaidh Iosrael,
ná bí ag seanmóireacht in aghaidh theach Íosác.”
17Maith go leor, seo mar a deir an Tiarna:
“Rachaidh do bhean le striapachas sa chathair,
titfidh do mhic agus do iníonacha leis an gclaíomh,
roinnfear dʼfhearann leis an dorú,
gheobhaidh tú féin bás ar thalamh truaillithe,
agus rachaidh Iosrael ar deoraíocht
i bhfad i gcéin óna thír dhúchais.”
Currently Selected:
Amós 7: ABN
Highlight
Copy
Compare
Share
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
© An Sagart 1981
Úsáidtear le cead. Used by permission.

: