Amós 5
5
Caoineadh do Iosrael
1Éist leis an oracal seo a fhógraím i dʼaghaidh;
is caoineadh é, a theach Iosrael:
2Tá an mhaighdean Iosrael ar lár,
ní éireoidh sí níos mó;
óir tá sí tréigthe ar a talamh féin
agus gan aon duine lena tógáil aníos.
3Óir is mar seo a deir an Tiarna Dia le teach Iosrael:
An chathair a raibh míle saighdiúir aici
ní fhágfar ach céad aici;
agus an chathair a raibh céad aici
ní fhágfar aici ach deichniúr.
Gríosú agus Bagairt
4Óir is mar seo a deir an Tiarna Dia le teach Iosrael:
Gabh ar mo lorgsa agus mairfidh tú;
5ach ná gábh go Béit Éil,
agus ná téigh isteach go Gilgeál
ná anonn go Béar Seaba;
mar is cinnte go rachaidh Gilgeál ar deoraíocht
agus go gcuirfear Béit Éil ar neamhní.
6Gabh ar lorg an Tiarna agus mairfidh tú;
ar eagla go dtiocfadh sé ar theach Iósaef mar chaor thine
agus go n‑alpfadh sí é
agus nach mbeadh aon duine ann chun í a mhúchadh
ar son theach Iosrael.
7[Is mairg] dóibh siúd
a dhéanann mormónta as an bhfíréantacht
a chaitheann an ceart uathu ar lár;
8Ba é a rinne an Phléadach agus Óiríon,
a dhéanann solas de dhuibhe na hoíche
agus a dhorchaíonn arís an lá,
a gháireann ar uiscí na farraige
agus a dhoirteann amach iad ar dhromchla na talún;
an Tiarna is ainm dó.
9Teilgeann sé léirscrios ar an dún,
sa chruth go gcreachtar an daingean,
10ar fuath leo an fear a chuireann
ceart dlí i bhfeidhm ag an ngeata
agus ar gráin leo an té a insíonn an fhírinne.
11Ar an ábhar sin, de bhrí go satlaíonn sibh ar an mbochtán,
agus go gcuireann sibh ainchíos cruithneachta air,
na tithe sin a thóg sibh le clocha snoite
ní chónóidh sibh iontu;
na fíonghoirt thaitneamhacha a chuir sibh
ní ólfaidh sibh a bhfíon.
12Óir is eol domsa iomad bhur gcionta
agus méid bhur bpeacaí;
sibhse a chiapann na fíréin, a ghlacann an bhreab,
a chaitheann an dearóil ar leataobh sa gheata.
13Ní aon ionadh go bhfanann an fear críonna ina thost ar uair mar seo; mar is olc an uair atá ann.
14Iarraigí an mhaith in áit an oilc,
ionas go mairfidh sibh,
agus go mbeidh an Tiarna, Dia na Slua, libh dáiríre
mar a mhaíonn sibh atá sé.
15Bíodh fuath agaibh don olc agus grá don mhaith;
cuirigí an ceart i bhfeidhm sa gheata;
agus bʼfhéidir go nglacfaidh an Tiarna, Dia na Slua,
trua ar iarmhar Iósaef.
Mairgí
16Dá bhrí sin is mar seo a deir an Tiarna, Dia na Slua, an Tiarna:
Beidh caoineadh i ngach cearnóg baile
agus mairgneach i ngach sráid: “Ochón, ochón.”
Glaofaidh siad na feirmeoirí chun mairgní
agus an t‑aos caointe chun olagóin,
17agus beidh caoineadh sna fíonghoirt go léir,
óir rachaidh mise thart in bhur measc,
a deir an Tiarna.
18Is mairg daoibh atá ag tnúth le lá an Tiarna.
Cad é lá an Tiarna daoibh?
Is dorchadas é agus ní solas;
19mar dhuine a dʼéalódh ó leon
ach gur bhuail béar leis;
nó mar dhuine a rachadh isteach ina theach
agus a leagfadh a lámh ar an mballa
ach gur rug nathair nimhe air.
20Nach dorchadas é lá an Tiarna agus ní solas,
nach duibheagán é gan dealán ar bith ann?
21Is fuath liom agus is beag orm bhur bhféilte;
ní bhainim aon sult as bhur gcomhthionóil shollúnta.
22Bíodh go n‑ofrálann sibh bhur n‑íobairtí dóite agus bhur n‑íobairtí bia,
ní ghlacfaidh mé leo;
agus diúltóidh mé dʼíobairtí síochána bhur mbeithíoch méith.
23Tógaigí uaim torann bhur n‑amhrán;
ní éistfidh mé le ceol bhur gcruiteanna.
24Ach go rithe an fhíréantacht mar uisce
agus an t‑ionracas mar shruth gan dísc!
25Ar thairg sibh íobairtí agus ofrálacha dom
ar feadh an daichead bliain san fhásach, a theach Iosrael?
26Ach anois ní miste libh Sacút bhur rí,
agus Cíován bhur ndia a iompar,
íomhánna a rinne sibh daoibh féin.
27Uime sin seolfaidh mé ar deoraíocht sibh taobh thall den Damaisc,
a deir an Tiarna, arb ainm dó Dia na Slua.
Currently Selected:
Amós 5: ABN
Highlight
Copy
Compare
Share
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
© An Sagart 1981
Úsáidtear le cead. Used by permission.

:
Highlight
Copy
Compare
Share
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
© An Sagart 1981
Úsáidtear le cead. Used by permission.