Amós 4
4
Mná na Samáire
1Éistigí leis an bhfocal seo, a bha Bháiseán,
a chónaíonn ar shliabh na Samáire,
sibhse a chiapann an bochtán, a fháisceann ar an dearóil,
a deir le bhur bhfir chéile:
“Tabhair chugainn deoch go n‑ólaimid.”
2Mhionnaigh an Tiarna Dia dar a naofacht:
féach, tiocfaidh na laethanta oraibh
nuair a sracfar ar shiúl sibh le crúcaí,
go fiú an bhean dheiridh daoibh le duáin iascaigh.
3Amach a rachaidh sibh tríd na bearnaí,
gach bean agaibh caol díreach amach
agus ruaigfear sibh fhad le Harmón,
a deir an Tiarna.
Ceanndáine agus Pionós
4Imígí go Béit Éil agus peacaígí,
go Gilgeál agus cuirigí le bhur gcoireanna;
méadaígí bhur n‑íobairtí gach maidin,
agus bhur ndeachúna gach tríú lá;
5ofrálaigí íobairt bhuíochais le laibhín,
foilsígí os ard na híobairtí deonacha,
mar is é sin a thaitníonn libh, a chlann Iosrael,
a deir an Tiarna Dia.
6Dʼfhág mé bhur bhfiacla glan in bhur gcathracha uile,
agus arán in easnamh in bhur mbailte;
ach mar sin féin níor fhill sibh orm,
a deir an Tiarna.
7Choinnigh mé uaibh an fhearthainn fosta,
agus an fómhar trí mhí fós ar shiúl;
thug mé air fearthainn a chur ar chathair amháin
agus gan a chur ar chathair eile;
bhí sé ag cur ar pháirc amháin
agus an pháirc nár tháinig fearthainn uirthi chríon sí.
8Shiúil pobail dhá chathair nó trí chuig cathair eile
ar lorg fíoruisce, agus níor mhúch siad a dtart;
ach mar sin féin níor fhill sibh orm,
a deir an Tiarna.
9Bhuail mé le loscadh gaoithe agus le bruth teasa sibh,
bhánaigh mé bhur ngairdíní agus bhur bhfíonghoirt,
mhill na lócaistí bhur gcrainn fígí agus bhur n‑ológa;
ach níor fhill sibh orm,
a deir an Tiarna.
10Bhuail mé le haicíd sibh dála na hÉigipte,
leag mé bhur n‑óigfhir leis an gclaíomh,
agus rug mé bhur n‑eich uaibh,
líon mé bhur bpolláirí le bréantas bhur gcampaí;
ach mar sin féin níor fhill sibh orm,
a deir an Tiarna.
11Scrios mé cuid agaibh mar a scrios Dia Sodom agus Gomorá,
agus bhí sibhse mar aibhleog a sciobadh ón tine;
ach mar sin féin níor fhill sibh orm,
a deir an Tiarna.
12Dá bhrí sin is mar seo a roinnfidh mé leat, a Iosrael,
agus toisc gurb é seo a dhéanfaidh mé ort,
cuir tú féin i gcóir chun casadh ar do Dhia, a Iosrael.
13Óir, féach, ba é a dhealbhaigh na sléibhte,
a chruthaigh an ghaoth,
a fhoilsíonn a smaointe don duine,
a dhéanann [an chamhaoir agus an dorchadas],
a shiúlann in áiteanna arda an domhain;
is é an Tiarna, Dia na Slua, is ainm dó.
Currently Selected:
Amós 4: ABN
Highlight
Copy
Compare
Share
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
© An Sagart 1981
Úsáidtear le cead. Used by permission.

:
Highlight
Copy
Compare
Share
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
© An Sagart 1981
Úsáidtear le cead. Used by permission.