YouVersion Logo
Search Icon

2 Tiomóid 3

3
Na Laethanta Deireanacha
1Bíodh a fhios seo agat: go bhfuil saol guaisiúil i ndán sna laethanta deireanacha. 2Beidh na daoine leithleasach, santach, maíteach, uaibhreach agus maslach; beidh siad easumhal dá dtuismitheoirí, díomaíoch agus mínaofa. 3Beidh siad fuarchroíoch, mídhílis, béadánach, gan smacht ná riail orthu agus gan grá acu don mhaith. 4Beidh siad fealltach, meargánta agus iad lán díobh féin agus gur fearr leo an pléisiúr ná Dia. 5Beidh comharthaí sóirt na cráifeachta acu, ach go mbeidh a brí séanta acu. Seachainse a leithéidí. 6Tá daoine orthu a shleamhnaíonn isteach i dtithe agus a chuireann cluain ar óinseacha ban a bhfuil ualach peacaí orthu agus iad mearaithe ag mianta éagsúla, 7mná a bhíonn ag lorg eolais de shíor ach gan é ar a gcumas eolas a fháil ar an bhfírinne choíche. 8Faoi mar a chuir Iannaes agus Iambraes in aghaidh Mhaois fadó, bíonn na daoine seo ag cur in aghaidh na fírinne ar an gcuma chéanna, de bhrí go bhfuil a n‑aigne truaillithe agus a gcreideamh gan bhrí. 9Ní rachaidh siad níos faide, áfach, mar go mbeidh a gcuid baoise follasach do chách, dála na beirte úd.
Comhairle
10I dtaca leatsa de, tá eolas maith curtha agat ar mo theagascsa, ar mo bhéasa, agus ar mo chuspóirí. Tá eolas curtha agat ar mo chreideamh, ar m'fhoighne, agus ar mo ghrá. 11Tá eolas curtha agat ar mo ghéarleanúintí agus m'angair, mar a d'éirigh dom in Aintíoch agus in Iocoiniam agus i Liostra agus ar ghabh mé tríothu de ghéarleanúintí. Ach thug an Tiarna slán mé uathu uile. 12Gach duine arb áil leis maireachtáil go diaganta i gCríost Íosa, déanfar géarleanúint air mar an gcéanna. 13Ach is in olcas a rachaidh na drochdhaoine agus na mealltóirí - daoine atá ag dul amú iad féin agus ag cur daoine eile amú. 14Cloígh-se, áfach, leis an teagasc a fuair tú, teagasc a bhfuil tú suite go daingean de. Tuigeann tú cé uathu a fuair tú an teagasc sin, 15agus tuigeann tú chomh maith go raibh eolas agat ó aois na hóige ar na scríbhinní naofa a bhfuil de chumas acu tú a dhéanamh eagnaí agus tú a sheoladh chun do shlánaithe trí chreideamh i gCríost Íosa. 16Gach cuid den scrioptúr, tá tinfeadh Dé faoi agus tá tairbhe ann chun teagasc a thabhairt, chun earráidí a bhreagnú, chun daoine a cheartú agus iad a mhúineadh chun fíréantachta 17ar shlí go mbeadh óglach Dé lánoilte ar a cheird agus ullamh i gcomhair gach cineál dea-oibre.

Currently Selected:

2 Tiomóid 3: ABN

Highlight

Share

Copy

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in

YouVersion uses cookies to personalize your experience. By using our website, you accept our use of cookies as described in our Privacy Policy