2 Tiomóid 2
2
Saighdiúir Dílis
1Dá bhrí sin, a mhic, bí láidir le cabhair ghrásta Chríost Íosa. 2An teagasc a chuala tú uaimse i bhfianaise a lán, cuirse é i gcúram daoine iontaofa a bheidh in ann é a mhúineadh do dhaoine eile chomh maith. 3Cuir suas le do chion féin den chruatan mar a dhéanfadh saighdiúir dílis Chríost Íosa. 4Aon saighdiúir a bhíonn ar fiannas, ní bhíonn sé sáite i ngnóthaí an tsaoil, dʼfhonn an té lenar liostáil sé a shásamh. 5Má bhíonn fear ag iomaíocht sna lúthchleasa, ní bhfaighidh sé an duais mura gcloíonn sé leis na rialacha san iomaíocht. 6An feirmeoir a dhéanann an saothrú, is dósan atá an chéad chuid den bharr ag dul. 7Machnaigh ar a bhfuilim a rá agus tabharfaidh an Tiarna tuiscint duit ar an iomlán.
8Cuimhnigh ar Íosa Críost a rugadh de shliocht Dháivi, agus a tógadh ó mhairbh de réir an dea-scéil a bhímse a fhógairt. 9Is mar gheall ar an dea-scéal sin atáimse ag fulaingt anró agus mé fiú amháin i ngéibheann ar nós an choirpigh. Níl aon ghéibheann ar bhriathar Dé, áfach. 10Dá chionn sin cuirimse suas le gach sórt ar mhaithe leis an muintir thofa le hionchas go mbainfidís sin amach chomh maith an slánú agus an ghlóir shíoraí i gCríost Íosa. 11Is fíor an ráiteas é:
Má fuaireamar bás in éineacht leis
beimid beo in éineacht leis chomh maith.
12Má sheasaimid an fód, beimid inár ríthe leis chomh maith.
Má shéanaimid é,
séanfaidh seisean sinn.
13Ach má bhímid mídhílis féin,
fanfaidh seisean dílis fós,
mar nach féidir dó é féin a shéanadh.
Múinteoirí Claona
14Cuir an méid sin i gcuimhne don phobal agus tabhair foláireamh dóibh i bhfianaise Dé gan bheith ag iomarbhá le chéile mar nach mbíonn dá thairbhe ach an lucht éisteachta a chur ar mhíthreoir. 15Déan do dhícheall bheith diongbháilte i bhfianaise Dé mar oibrí nach náir dó a shaothar agus mar riarthóir ionraic ar bhriathar na fírinne. 16Ach seachain an ghaothaireacht aindiaga, mar an mhuintir a chleachtann í is ag dul in éagráifeacht a bheidh siad 17agus beidh a gcuid teagaisc ag ithe roimhe mar a bheadh cancar. Orthusan tá Himeanaes agus Fiolaetas, 18beirt a chlaon ón bhfírinne, á rá go bhfuil an t‑aiséirí tarlaithe cheana féin; agus tá creideamh daoine áirithe á chur bunoscionn acu. 19Seasann cloch bhoinn dhaingean Dé, áfach, agus tá an séala seo greanta inti: “Tá aithne ag an Tiarna ar a mhuintir féin,” agus “Gach duine a ghlaonn ar ainm an Tiarna, tréigeadh sé an urchóid.”
20Ní árthaí óir agus airgid amháin a bhíonn i dteach mór ach árthaí adhmaid agus árthaí cré chomh maith. Bíonn feidhm uasal le cuid acu sin agus feidhm anuasal le cuid eile. 21Dá bhrí sin, má ghlanann duine é féin ón táire sin, beidh sé ina árthach a bhfuil feidhm uasal leis; beidh sé naofa agus fóinteach dá mháistir agus é réidh chun gach dea-ghníomh a dhéanamh.
22Seachain baois na hóige agus bíodh tóir agat ar an bhfíréantacht, ar an gcreideamh, ar an ngrá agus ar an tsíocháin, tú féin agus iad siúd a ghlaonn ar an Tiarna le croí glan. 23Seachain chomh maith na díospóireachtaí baotha seafóideacha agus a fhios agat nach ndéanann siad ach achrann a chothú. 24Ní ceart do sheirbhíseach an Tiarna bheith ag achrann; caithfidh sé bheith séimh le cách, bheith in ann chun múinte agus bheith foighneach, 25agus an mhuintir atá ina choinne a cheartú go mín, le hionchas go seolfadh Dia chun aithrí iad agus chun an fhírinne a aithint, 26ar shlí go dtiocfadh a gciall chucu agus go n‑éalóidís ó ghaiste an diabhail ina bhfuil siad gafa chun a thola aige.
Currently Selected:
2 Tiomóid 2: ABN
Highlight
Copy
Compare
Share
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
© An Sagart 1981
Úsáidtear le cead. Used by permission.