YouVersion Logo
Search Icon

2 Croinicí 35

35
An Cháisc
1Rinne Ióisíá Cáisc a cheiliúradh in onóir an Tiarna in Iarúsailéim, agus mharaíodar an t‑uan Cásca ar an gceathrú lá déag den chéad mhí. 2Cheap sé na sagairt arís i mbun a gcúraimí agus thug misneach dóibh le dualgais Theampall an Tiarna a chomhlíonadh. 3Ansin dúirt sé leis na Léivítigh a raibh a n‑eagna ar fáil dʼIosrael go léir agus a bhí coisricthe don Tiarna: “Cuirigí an áirc naofa sa Teampall a thóg Solamh mac Dháiví, rí Iosrael. Ní gá daoibh í a iompar ar bhur nguaillí a thuilleadh. Tugaigí seirbhís anois don Tiarna bhur nDia agus dá phobal Iosrael. 4Déanaigí sibh féin a chóiriú de réir bhur n‑ord in bhur bhfiní de réir threoracha scríofa Dháiví rí Iosrael agus a mhic Solamh. 5Agus seasaigí san áit naofa de réir eagar bhur bhfiní sinseartha, faoi réir bhur mbráithre, na tuataí; bíodh cuid i bhfine ag na Léivítigh. 6Maraigí an t‑uan Cásca, agus naomhaigí sibh féin, agus bígí faoi réir bhur mbráithre le déanamh de réir bhriathar an Tiarna a labhraíodh trí bhéal Mhaois.”
7Chuir Ióisíá ar fáil do na tuataí, mar íobartaigh Chásca do gach duine a bhí i láthair, tríocha míle uan agus meannán ó na tréada, agus trí mhíle tarbh. Ba as sealúchas an rí an méid sin. 8Rinne a fheidhmeannaigh soláthar do na híobairtí deonacha ar son an phobail, na sagart agus na Léivíteach. Thug na hardfheidhmeannaigh dhá mhíle sé chéad uan agus meannán agus trí chéad tarbh mar íobartaigh Chásca do shagairt Theampall an Tiarna, Hilcíá, Zacairiá, agus Ichíéil. 9Cónainiá agus Simeí agus Natanael a dheartháir, agus Haisibiá agus Ichíéil agus Iózábád, ceannairí na Léivíteach, thug siad cúig mhíle uan agus meannán agus cúig céad tarbh mar íobartaigh Chásca do na Léivítigh. 10Socraíodh ord na seirbhíse, leis na sagairt ina n‑áit féin agus na Léivítigh ina n‑oird de réir mar a dʼordaigh an rí. 11Mharaíodar an Cháisc, agus dhoirt na sagairt an fhuil a fuair siad ó na Léivítigh, agus rinne na Léivítigh na híobartaigh a fheannadh. 12Chuir siad an ofráil dhóite i leataobh lena tabhairt dʼfhiní sinseartha na dtuataí de réir mar a dhéanadh gach dream a n‑ofráil don Tiarna faoi mar atá scríofa i leabhar Mhaois. Rinne siad mar an gcéanna leis na tairbh. 13Rinne siad an Cháisc a róstadh leis an tine de réir mar a bhí leagtha síos; agus bhruith siad an bia naofa i gcoirí, i bpotaí, i gcorcáin, agus dʼiompair iad ar an toirt chun na dtuataí go léir. 14Ina dhiaidh sin chóirigh siad an Cháisc dóibh féin agus do na sagairt, mar bhí na sagairt, clann Árón, gafa go hoíche ag ofráil na híobairte dóite agus na spólaí méithe. Sin é an fáth ar chóirigh na Léivítigh an Cháisc dóibh féin agus do na sagairt, clann Árón. 15Bhí na cantairí, clann Ásáf, ina n‑áit, de réir rialacha Dháiví; níor ghá dʼÁsáf, do Héamán, do Iadútún, físí an rí, ná do lucht faire na ngeataí a ndualgais a fhágáil, mar rinne a ngaolta, na Léivítigh, gach ní a chóiriú dóibh.
16Eagraíodh seirbhís liotúirgeach an Tiarna an lá sin leis an gCáisc a cheiliúradh agus le híobairtí dóite a ofráil ar altóir an Tiarna, de réir ordú an rí Ióisíá. 17Cheiliúir clann Iosrael a bhí i láthair an uair sin an Cháisc agus féile an aráin gan ghabháile ar feadh seacht lá. 18Níor ceiliúradh Cáisc mar í in Iosrael ó laethanta Shamúéil an fáidh; níor cheiliúir aon rí de chuid Iosrael riamh Cáisc mar í siúd a cheiliúir Ióisíá leis na sagairt agus na Léivítigh agus lena raibh i láthair de Iúdá agus dʼIosrael go léir agus le háitritheoirí Iarúsailéim. 19Rinneadh an Cháisc sin a cheiliúradh san ochtú bliain déag de réimeas Ióisíá.
Críoch Bhrónach a Ré
20Nuair a bhí gach ní a bhain le cóiriú an Teampaill curtha i gcrích ag Ióisíá, ghabh Neaco rí na hÉigipte suas chun troid ag Cairceimis ar bhruach an Eofrataes. Nuair a ghluais Ióisíá amach le bac a chur air, 21chuir seisean teachtairí chuige á rá: “Cén t‑aighneas atá eadrainne, a rí Iúdá? Ní chun tusa a ionsaí a tháinig mé inniu; le ríshliocht eile atáim i gcogadh, agus dʼordaigh Dia dom brostú. Ná bí ag cur isteach a thuilleadh ar an Dia atá i mo theanntasa, nó déanfaidh sé thú a scriosadh.” 22Ach [lean] Ióisíá air ag tabhairt a dhúshláin faoi; bhí sé meáite ar chath a chur air agus ní éisteodh sé le briathra Neaco ó bhéal Dé féin. 23Chuir sé cath air i Má Mhigideo. Dʼaimsigh na saigheadóirí Ióisíá rí, agus dúirt an rí lena lucht leanúna: “Beirigí libh mé! Táim tromghonta.” 24Thóg a lucht leanúna amach as a charbad féin é agus chuir i gceann eile é agus thug ar ais go Iarúsailéim é, mar a bhfuair sé bás, agus adhlacadh é i dtuamaí a shinsear. Chaoin Iúdá agus Iarúsailéim go léir Ióisíá. 25Chum Irimia caoineadh do Ióisíá, caoineadh a dhéanann cantairí fear agus ban a reacadh fós inniu nuair a chaoineann siad Ióisíá; nós in Iosrael é sin anois; tá na caointe scríofa sna hOlagóin.
26An chuid eile de stair Ióisíá, a dhea-oibreacha de réir gach a bhfuil scríofa i ndlí an Tiarna, 27a imeachtaí ó thús deireadh, tá siad scríofa i Leabhar Ríthe Iosrael agus Iúdá.

Currently Selected:

2 Croinicí 35: ABN

Highlight

Copy

Compare

Share

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in

Video for 2 Croinicí 35