2 Croinicí 34
34
Leasú Ióisíá
1Bhí Ióisíá ocht mbliana dʼaois nuair a tháinig sé i gcoróin agus bhí sé bliain agus tríocha i réim in Iarúsailéim. 2Rinne sé an ceart i bhfianaise an Tiarna agus rinne aithris ar a shinsear Dáiví, gan fiaradh ar dheis ná ar chlé. 3San ochtú bliain dá réimeas, agus é fós ina ógánach, chrom sé ar Dhia Dháiví, a shinsear, a lorg, agus sa dara bliain déag chrom sé na hardionaid, na cuaillí naofa, agus na híola de mhiotal leáite, a scriosadh as Iúdá agus as Iarúsailéim. 4Scartáladh altóirí na mBálaím ina fhianaise; leag sé anuas na haltóirí túise a bhí os a gcionn, agus rinne sé smidiríní de na cuaillí naofa, de na híomhánna greanta, agus de na híola de mhiotal leáite; rinne sé luaithreach díobh agus leath sé an luaithreach sin ar uaigheanna na ndaoine a rinne íobairt dóibh. 5Loisc sé cnámha a sagart ar na haltóirí agus ar an gcuma sin ghlan sé Iúdá agus Iarúsailéim. 6Rinne sé amhlaidh chomh maith i gcathracha Mhanaise, Eafráim agus Shimeon, agus fiú i Naftáilí, agus sna dúichí bánaithe máguaird. 7Bhris sé na haltóirí agus na cuaillí naofa, rinne luaithreach de na híola, agus scartáil na haltóirí túise ar fud thír Iosrael. Ansin dʼfhill sé ar Iarúsailéim.
8San ochtú bliain déag dá réimeas, dʼfhonn an tír agus an Teampall a ghlanadh, chuir sé Seáfán mac Azailiá, agus Másaeiá rialtóir na cathrach, agus Ioach mac Ioachaz an callaire, le Teampall an Tiarna a Dhia a ghlanadh. 9Chuaigh siadsan go Hilcíá an t‑ardsagart agus thug siad dó an t‑airgead a tugadh go Teampall an Tiarna, agus a bhailigh na Léivítigh, gardaí na tairsí, ó Mhanaise agus ó Eafráim, agus ó iarmhar uile Iosrael agus ó Iúdá agus ó Bhiniáimin go léir, agus ó áitritheoirí Iarúsailéim. 10Thug siad é do shaoistí na n‑oibreacha a bhain le Teampall an Tiarna agus dʼúsáid saoistí oibreacha an Teampaill é leis an Teampall a chóiriú agus a dheisiú. 11Thug siad é do na saoir adhmaid agus chloiche le cloch ghearrtha a cheannach, agus adhmad do chúplaí agus do chearchaillí na bhfoirgneamh ar lig ríthe Iúdá dóibh titim ar lár. 12Rinne na fir a gcuid oibre go dílis; cuireadh i gceannas orthu: Iachat agus Obaidiá, Léivítigh de chlann Mharáraí; agus Zacairiá agus Misiulám, de chlann Chohát, mar mhaoir ar an obair; agus Léivítigh a raibh gach duine díobh oilte ar an gceol liotúirgeach; 13a thuilleadh a bhí i gceannas an lucht iompair; a thuilleadh a thug treoracha do shaoistí oibreacha na mbeartas ar leith; agus roinnt Léivíteach a bhí mar scríobhaithe, mar chléirigh, agus mar lucht faire ar na geataí.
Aimsítear Leabhar an Dlí
14Nuair a bhí an t‑airgead a tugadh go Teampall an Tiarna á thógáil amach acu, fuair Hilcíá an t‑ardsagart leabhar dhlí an Tiarna a tugadh trí Mhaois. 15Ansin dúirt Hilcíá le Seáfán an rúnaí: “Fuair mé leabhar an dlí i dTeampall an Tiarna,” agus thug Hilcíá an leabhar do Sheáfán. 16Thug Seáfán an leabhar go dtí an rí agus seo mar dʼaithris sé dó: “Tá na beartais go léir a leag tú ar do shearbhóntaí á gcur i gcrích acu. 17Rinne siad an t‑airgead go léir a bhí i dTeampall an Tiarna a leá agus a thabhairt suas do na maoir agus do shaoistí na n‑oibreacha.” 18Ansin dúirt Seáfán an rúnaí leis an rí: “Thug Hilcíá an sagart leabhar dom,” agus léigh Seáfán sliocht as i láthair an rí.
19Nuair a chuala an rí briathra an dlí, stróic sé a chuid éadaigh, 20agus ansin thug sé an t‑ordú seo leanas do Hilcíá, dʼAichíceám mac Sheáfán, dʼAbdón mac Mhíocá, do Sheáfán an rúnaí, agus dʼAsáiá, searbhónta an rí: 21“Gabhaigí i gcomhairle leis an Tiarna thar mo cheann féin, agus thar cheann a bhfuil fágtha in Iosrael agus in Iúdá, i dtaobh a bhfuil sa leabhar seo a fuarthas anois beag. Óir is mór atá fearg an Tiarna fadaithe inár n‑aghaidh de bhrí nár chomhlíon ár sinsir briathar an Tiarna agus gach a bhfuil scríofa sa leabhar seo a chleachtadh.”
Fáistine ó Bhanfháidh
22Chuaigh Hilcíá agus teachtairí an rí go dtí Huldá an banfháidh, bean Shealum mac Thócat mac Hasrá, coimeádaí na n‑éidí (bhí cónaí uirthi in Iarúsailéim sa bhaile nua), agus cuir siad an scéal faoina bráid. 23Dʼfhreagair sí: “Deir an Tiarna, Dia Iosrael, mar leanas: ‘Abraigí é seo leis an té a chuir chugam sibh:
24Seo mar a deir an Tiarna: Tá tubaiste á tabhairt agam ar an áit seo agus ar an muintir a chónaíonn ann, na mallachtaí go léir, is é sin, atá scríofa sa leabhar a léadh i láthair rí Iúdá; 25mar thréig siad mise agus rinne siad íobairt do dhéithe eile, do mo ghríogadh chun feirge i ngach beart dá ndearna siad. Uime sin tá mʼfhearg le lasadh in aghaidh na háite seo, agus ní dhéanfar í a mhúchadh. 26Agus abraigí le rí Iúdá a chuir sibh le dul i gcomhairle leis an Tiarna: Mar seo a deir an Tiarna, Dia Iosrael: [Comhlíonfar] na focail a chuala tú. 27De bhrí go bhfuil aithrí i do chroí agus gur umhlaigh tú thú féin os comhair Dé nuair a chuala tú cad a bhagair sé in aghaidh na háite seo agus a lucht cónaithe; de bhrí gur umhlaigh tú thú féin os mo chomhair, agus gur stróic tú do chuid éadaigh, agus gur ghoil tú i mo láthair, thug mise cluas duit–sé an Tiarna atá ag caint. 28Déanfaidh mé thú a chruinniú chun do shinsear, agus déanfar do chnámha a bhreith faoi shíocháin chun na huaighe. Ní fheicfidh tú le do shúile cinn na tubaistí go léir atá ar aigne agam a thabhairt ar an áit seo agus ar a bhfuil ina gcónaí ann.’ ”
Thug siad an freagra sin leo go dtí an rí.
An Conradh á Athnuachan
29Ansin chruinnigh an rí chuige féin seanóirí Iúdá agus Iarúsailéim go léir. 30Chuaigh an rí suas go Teampall an Tiarna mar aon le pobal uile Iúdá agus muintir Iarúsailéim ar fad, idir shagairt agus Léivítigh agus an pobal go léir idir uasal agus íseal. Léigh sé amach i gcomhchlos dóibh, gach focal dá raibh scríofa i leabhar an chonartha a fuarthas i dTeampall an Tiarna. 31Sheas an rí ina ionad féin agus rinne sé conradh i láthair an Tiarna a chur mar cheangal air féin an Tiarna a leanúint agus a aitheanta agus a reachtanna agus a dhlíthe a chomhlíonadh lena chroí go hiomlán, agus lena anam go hiomlán, agus briathra an chonartha a bhí scríofa sa leabhar sin a chur i gcrích. 32Thug sé a ionad féin ansiúd do gach duine in Iarúsailéim nó i mBiniáimin. Chloígh áitritheoirí Iarúsailéim ar fad le conradh a nDé, Dia a sinsear. 33Scuab Ióisíá chun siúil gach gráinniúlacht a bhí ar fud na gcríoch go léir a bhain le clann Iosrael. Rinne sé deimhin de i gcaitheamh a shaoil ar fad go ndearna gach duine in Iosrael seirbhís don Tiarna a nDia. Níor theip orthu an Tiarna, Dia a sinsear, a leanúint.
Currently Selected:
2 Croinicí 34: ABN
Highlight
Copy
Compare
Share
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
© An Sagart 1981
Úsáidtear le cead. Used by permission.