YouVersion Logo
Search Icon

1 Ríthe 15

15
1San ochtú bliain déag de réimeas Iarobám mac Nabát tháinig Aibíám i gcoróin ar Iúdá. 2Bhí sé i réim ar feadh trí bliana in Iarúsailéim. Mácá, iníon Aibseálóm, ab ainm dá mháthair. 3Lean sé sampla peacúil a athar roimhe i ngach ní. Ní raibh a chroí dílis ar fad don Tiarna faoi mar a bhí croí Dháiví a shinsear. 4Dá ainneoin sin, ar son Dháiví, a athair, thug an Tiarna a Dhia lóchrann dó in Iarúsailéim, chinntigh mac ina dhiaidh agus dhaingnigh Iarúsailéim. 5Óir rinne Dáiví an ceart i bhfianaise an Tiarna agus níor dhiúltaigh sé riamh i gcaitheamh a shaoil déanamh mar a dʼordaigh sé (seachas i gcás Úiríá an Hiteach). 6(Bhí Aibíám agus Iarobám ag cogaíocht le chéile i gcaitheamh a ré.) 7An chuid eile de stair Aibíám, a imeachtaí go léir, nach bhfuil siad scríofa i Leabhar Annála Ríthe Iúdá? Bhí cogadh idir Aibíám agus Iarobám. 8Ansin chuaigh Aibíám chun suain lena shinsir, agus cuireadh é i nDúnfort Dháiví. Tháinig a mhac Ásá i gcoróin ina áit.
9San fhichiú bliain de réimeas Iarobám rí Iosrael tháinig Ásá i gcoróin ar Iúdá, 10agus rialaigh sé bliain agus daichead in Iarúsailéim. 11Mácá iníon Aibseálóm bʼainm dá mháthair. Rinne Ásá an ceart i láthair an Tiarna mar a rinne a athair Dáiví. 12Dhíbir sé ón tír na striapacha naofa fir agus scuab sé chun siúil na híola go léir a rinne a shinsir. 13Bhain sé dínit na ríonmháthar fiú dá mháthair mar go ndearna sí dealbh ghráiniúil de Aiséará. Ghearr Ásá an dealbh anuas agus dhóigh sé i nGleann Chidreon í. 14Cé nár scuabadh chun siúil na hardionaid, bhí croí Ásá dílis go hiomlán don Tiarna i gcaitheamh a shaoil. 15Chuir sé isteach i dTeampall an Tiarna na tabhartais a thíolaic a athair, agus é féin, idir ór agus airgead agus ghréithe.
16Bhí Ásá agus Báiseá rí Iosrael ag cogaíocht le chéile i gcaitheamh a ré go léir. 17Ghabh Báiseá rí Iosrael suas i gcoinne Iúdá agus dhaingnigh sé Rámá dʼfhonn léigear a chur ar Ásá rí Iúdá. 18Thóg Ásá leis ansin a raibh fágtha dʼairgead agus dʼór ó chistí Theampall an Tiarna agus phálás an rí. Chuir an rí Ásá an t‑iomlán i lámha a shearbhóntaí, sheol sé iad go Bein Hadad mac Thabrimeon mac Heizión, rí Arám, a raibh cónaí air sa Damaisc leis an teachtaireacht: 19“Bíodh conradh idir mise agus thusa, faoi mar a bhí idir mʼathairse agus dʼathairse. Féach tá bronntanas óir agus airgid á chur agam chugat. Téigh agus bris an conradh atá agat le Báiseá rí Iosrael agus caithfidh sé cúlú ó mo chríochasa.” 20Dʼaontaigh Bein Hadad leis an rí Ásá agus sheol sé lucht ceannais a airm i gcoinne cathracha Iosrael. Ghabh sé Íón agus Dán agus Ábael Béit Mácá agus Cinearót ar fad agus dúiche Naftáilí go léir. 21Nuair a chuala Báiseá é sin, scoir sé de bheith ag daingniú Rámá agus dʼfhill ar Thirzeá. 22Ansin thionóil an rí Ásá Iúdá go léir, gan eisceacht a dhéanamh dʼaon duine. Thógadar chun siúil na clocha agus an t‑adhmad lena raibh Báiseá ag daingniú Rámá, agus leis sin go léir dhaingnigh an rí Ásá Geaba i mBiniáimin, agus Mizpeá.
23An chuid eile de stair Ásá, a ghaisce go léir, agus a imeachtaí ar fad (agus na cathracha a thóg sé), nach bhfuil sin uile scríofa i Leabhar Annála Ríthe Iúdá? Ina sheanaois, ámh, bhí na cosa ag goilliúint air. 24Chuaigh Ásá chun suain lena shinsir agus cuireadh é i nDúnfort Dháiví, a shinsear. Tháinig Iahóiseáfát, a mhac, i gcomharbacht air.
Ríthe Iosrael
25Tháinig Nádáb mac Iarobám i gcoróin ar Iosrael sa dara bliain de réimeas Ásá rí Iúdá, agus bhí sé dhá bhliain ina rí ar Iosrael. 26Rinne sé an t‑olc i láthair an Tiarna, agus lean sé drochshampla a athar agus rinne aithris ar an bpeaca inar threoraigh sé Iosrael chun peacú. 27Rinne Báiseá mac Aichíá de theaghlach Íosácár comhcheilg ina aghaidh agus threascair Báiseá é ag Gibeatón, cathair leis na Filistínigh a bhí faoi léigear ag Nádáb agus ag Iosrael go léir. 28Mharaigh Báiseá Nádáb agus tháinig i gcomharbacht air sa tríú bliain de réimeas Ásá rí Iúdá. 29A luaithe agus a tháinig sé i gcoróin, bhásaigh sé teaghlach Iarobám ar fad, gan anacal a dhéanamh ar oiread agus duine beo, ach iad go léir a ídiú, díreach faoi mar a thairngir briathar an Tiarna a labhair sé trína shearbhónta Aichíá ó Shileo, 30de bharr peacaí Iarobám agus na bpeacaí inar threoraigh sé Iosrael chun peacú agus de bhrí gur ghriog sé an Tiarna, Dia Iosrael, chun feirge.
31An chuid eile de stair Nádáb, a imeachtaí go léir, nach bhfuil sin uile scríofa i Leabhar Annála Ríthe Iosrael? 32(Bhí Ásá agus Báiseá ag cogaíocht le chéile i gcaitheamh a ré go léir.)
33Sa tríú bliain de ré Ásá rí Iúdá, tháinig Báiseá, mac Aichíá, i gcoróin ar Iosrael ag Tirzeá, agus mhair a ré ceithre bliana fichead. 34Rinne sé an t‑olc i láthair an Tiarna agus rinne sé aithris ar Iarobám agus ar an bpeaca inar threoraigh sé Iosrael chun peacú.

Currently Selected:

1 Ríthe 15: ABN

Highlight

Share

Compare

Copy

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in