1 Ríthe 14
14
1San am sin buaileadh tinn Aibíá mac Iarobám. 2Agus dúirt Iarobám lena bhean: “Téanam, le do thoil! Cuir bréagriocht ort féin ionas nach n‑aithneoidh aon duine gur tú bean Iarobám, agus téigh go Sileo. Tá an fáidh Aichíá ansiúd, an té a dúirt go mbeinnse i mo rí ar an bpobal seo. 3Téigh chuige agus beir leat deich mbuilín agus roinnt cístí agus crúiscín meala, agus inseoidh sé duit cad a imeoidh ar an leanbh.” 4Rinne bean Iarobám amhlaidh, chuir chun bóthair, chuaigh go Sileo agus tháinig go teach Aichíá. Ní raibh aon radharc ag Aichíá mar go raibh a shúile caoch ón tseanaois. 5Ach dúirt an Tiarna leis: “Tá bean Iarobám ar an tslí chugat ag lorg oracail ort i dtaobh a mic mar go bhfuil sé breoite. Déarfaidh tú a leithéid seo léi. Nuair a thiocfaidh sí ligfidh sí uirthi féin gur bean eile í.” 6Nuair a chuala Aichíá a coiscéim ag an doras, dúirt sé: “Tar isteach, a bhean Iarobám; cén fáth a ligean ort gur duine éigin eile thú? Tá drochscéal agam duit: 7Téigh go Iarobám agus abair leis: ‘Mar seo a deir an Tiarna, Dia Iosrael:
Dʼardaigh mé ó lár an phobail thú agus rinne mé ceannaire díot ar mo phobal Iosrael. 8Stiall mé an ríocht ó theaghlach Dháiví agus thug mé duitse í; ach ní raibh tú mar mo shearbhónta Dáiví, a choimeád mʼaitheanta agus a lean mé óna chroí go hiomlán, gan ach an ceart amháin á dhéanamh aige i mo láthairse. 9Rinne tusa olc thar mar a rinne ar tháinig romhat; mar dʼimigh tú leat agus rinne tú déithe eile duit féin, íomhánna de mhiotal leáite, rud a chuir fearg orm; agus thug tú droim láimhe liom. 10Dá bharr sin tabharfaidh mé tubaiste ar theach Iarobám; scriosfaidh mé gach mac máthar de mhuintir Iarobám, idir dhaor is shaor in Iosrael; scuabfaidh mé teaghlach Iarobám chun siúil faoi mar a scuabann duine aoileach chun siúil go dtí nach mbíonn ruainne fágtha. 11Aon duine de mhuintir Iarobám a gheobhaidh bás sa chathair, íosfaidh na madraí iad; aon daoine díobh a gheobhaidh bás faoin tuath, alpfaidh éanlaith an aeir iad; mar tá labhartha ag an Tiarna.’
12“Éirigh dá bhrí sin agus imigh abhaile. A luaithe a leagfaidh tú cos leat sa chathair gheobhaidh an leanbh bás. 13Déanfaidh Iosrael go léir é a chaoineadh, agus é a adhlacadh. Eisean amháin de mhuintir Iarobám a rachaidh i dtuama, mar is ann amháin de theaghlach Iarobám a fuarthas ábhar taitnimh leis an Tiarna Dia Iosrael. 14Ardóidh an Tiarna rí dó féin ar Iosrael a dhéanfaidh teaghlach Iarobám a scrios. (Inniu an lá. Agus cad eile anois?) 15Cuirfidh an Tiarna Iosrael ar crith dála na giolcaí san uisce, agus stoithfidh sé Iosrael as an tír fhónta a thug sé dá sinsir, agus scaipfidh sé thar an Eofrataes iad mar gur ghriogadar an Tiarna chun feirge leis na cuaillí naofa a rinneadar. 16Tabharfaidh sé cúl le hIosrael de bharr na bpeacaí lenar pheacaigh Iarobám agus a thug sé ar Iosrael a dhéanamh.”
17Ansin dʼéirigh bean Iarobám agus dʼimigh léi agus tháinig go Tirzeá, agus a luaithe a chuir sí cos thar tairseach, bhí an leanbh marbh. 18Rinne Iosrael go léir é a adhlacadh agus a chaoineadh, de réir bhriathar an Tiarna, a labhair sé ó bhéal a shearbhónta, an fáidh Aichíá. 19An chuid eile de stair Iarobám, na cogaí a dʼfhear sé, conas a rialaigh sé, tá sin go léir scríofa i Leabhar Annála Ríthe Iosrael. 20Bhí Iarobám i réim dhá bhliain agus fiche agus chuaigh sé chun suain lena shinsir agus tháinig a mhac Nádáb i gcomharbacht air.
Ríthe Iúdá
21Rinneadh rí ar Iúdá de Rachabám mac Sholaimh. Bhí Rachabám bliain agus daichead nuair a tháinig sé i gcoróin, agus bhí sé i gcoróin seacht mbliana déag in Iarúsailéim, an chathair ar threibheanna Iosrael a thogh an Tiarna lena ainm a chur inti. Námá an tAmónach ab ainm dá mháthair. 22Agus rinne [sé] an t‑olc i bhfianaise an Tiarna, ag cur míchéadfa air lena pheacaí thar mar a rinne a shinsir leis na peacaí go léir a rinneadar, 23mar thógadarsan ardionaid dóibh féin, agus galláin, agus cuaillí naofa ar gach sliabh ard agus faoi gach crann craobhach. 24Bhí fiú striapacha naofa fir sa tír. Rinne sé aithris ar na nósanna bréana a bhí ag na ciníocha go léir a dhíbir an Tiarna roimh chlann Iosrael.
25Sa chúigiú bliain de réimeas Rachabám, tháinig Síseac rí na hÉigipte aníos i gcoinne Iarúsailéim; 26thug sé leis seoda Theampall an Tiarna agus seoda an pháláis ríoga; thug sé leis gach rud, fiú na sciatha óir go léir a rinne Solamh. 27Ina n‑áitsean rinne Rachabám sciatha cré-umha, agus chuir iad faoi chúram oifigigh gharda gheataí pháláis an rí. 28Aon uair a théadh an rí isteach i dTeampall an Tiarna, dʼiompraíodh na gardaí iad, agus thugaidís ar ais chun seomra an gharda iad ina dhiaidh sin.
29An chuid eile de stair Rachabám, a imeachtaí go léir, nach bhfuil siad scríofa i Leabhar Annála Ríthe Iúdá? 30Bhí Rachabám agus Iarobám ag cogaíocht le chéile i gcaitheamh a ré. 31Ansin chuaigh Rachabám chun suain lena shinsir agus cuireadh é i nDúnfort Dháiví; agus tháinig a mhac Aibíám i gcomharbacht air.
Currently Selected:
1 Ríthe 14: ABN
Highlight
Share
Compare
Copy
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
© An Sagart 1981
Úsáidtear le cead. Used by permission.