YouVersion Logo
Search Icon

1 Eoin 3

3
1Breathnaígí cad é mar ghrá a thug an tAthair dúinn! go nglaofaí clann Dé orainn, agus is amhlaidh sinn. Sé an fáth nach n‑aithníonn an saol sinne mar nár aithin sé eisean. 2A chairde cléibh, is clann Dé cheana féin sinn, agus níor foilsíodh fós cé mar a bheimid; ach nuair a fhoilseofar é, is feasach sinn go mbeimid ina chosúlachtsan, mar go bhfeicfimid é mar atá sé. 3Agus gach duine a chothaíonn an dóchas diaga seo ann féin naomhaíonn é féin faoi mar atá seisean naofa. 4Gach duine a dhéanann an peaca sáraíonn dlí freisin mar gur sárú dlí gach peaca. 5Agus tá a fhios agaibh gur foilsíodh eisean le go dtógadh na peacaí, agus gan an peaca air féin. 6Gach duine a mhaireann ann ní dhéanann peaca, agus an té a dhéanann, ní fhaca sé é ná níor chuir sé aithne air. 7A chlann liom, ná cuireadh éinne amú sibh. An té a shaothraíonn an fhíréantacht, is fíréan é amhail is fíréan eisean. 8An té a dhéanann an peaca is den diabhal é mar gur peacach an diabhal ó thús. Is chuige seo a foilsíodh Mac Dé, go scriosfadh sé saothar an diabhail. 9Gach duine a shíolraigh ó Dhia, ní dhéanann peaca mar go maireann a shíolsan ann agus ní féidir dó peacú mar gur ó Dhia a shíolraigh. 10Mar seo a léirítear cé hiad clann Dé agus cé hiad clann an diabhail; gach duine nach saothraíonn an fhíréantacht ní ó Dhia dó, agus is é a fhearacht sin ag an té nach dtugann grá dá bhráthair. 11Mar gurb é seo an teagasc a chuala sibh ó thús, grá a bheith againn dá chéile. 12Ná bígí fearacht Cháin, ar den mhac mallachta é, agus a mharaigh a dheartháir féin. Agus cad chuige ar mharaigh sé é? Mar gurb éagórach a shaothar féin; ba shaothar cóir áfach saothar a dhearthár.
13Ná bíodh aon ionadh oraibh, a bhráithre, más fuath leis an saol sibh. 14Is eol dúinne gur aistríodh ón mbás go beatha sinne mar go dtugaimid grá do na bráithre. 15An té nach dtugann grá fanann sa bhás. Gach duine ar fuath leis a bhráthair féin is dúnmharfóir é. Agus tá a fhios agaibh nach sealbhaíonn aon dúnmharfóir an bheatha shíoraí go buan ann féin. 16Uaidh seo a aithnímid an grá, mar gur thug seisean a anam ar ár son; agus is mithid dúinne ár n‑anam a thabhairt ar son na mbráithre. 17Duine a bhfuil maoin an tsaoil aige agus go n‑airíonn a bhráthair ar an gcaolchuid, agus go gcruann a chroí air, conas a bheadh grá Dé go buan sa duine sin? 18A chlann liom, ná tugaimis grá briathair ná cainte amháin, ach grá gnímh agus fírinne. 19Is mar sin a aithneoimid gur de chlann na fírinne sinn, agus is mar sin a shuaimhneoimid ár gcoinsias ina láthairsean, má chiontaíonn ár gcroí sinn. 20Óir gur treise é Dia ná ár gcroí-ne agus is feasach dó an uile ní. 21A chairde cléibh, mura gciontaíonn ár gcroí sinn táimid lánmhuiníneach as Dia. 22Agus cibé ní a agraímid air, gheobhaimid uaidh é, ó tharla go gcoinnímid a aitheanta agus go ndéanaimid beart de réir a thaitnimh. 23Agus seo í an aithne a thug sé: go gcreidfimis in ainm a Mhic Íosa Críost agus go dtabharfaimis grá dá chéile, de réir mar a dʼordaigh seisean dúinn. 24An té a choinníonn a aitheanta, maireann i nDia, agus maireann seisean ann. Agus is mar seo a aithnímid go maireann sé ionainn, tríd an Spiorad a thug sé dúinn.

Currently Selected:

1 Eoin 3: ABN

Highlight

Share

Compare

Copy

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in