1
1 Eoin 3:18
An Bíobla Naofa 1981
ABN
A chlann liom, ná tugaimis grá briathair ná cainte amháin, ach grá gnímh agus fírinne.
Compare
Explore 1 Eoin 3:18
2
1 Eoin 3:16
Uaidh seo a aithnímid an grá, mar gur thug seisean a anam ar ár son; agus is mithid dúinne ár n‑anam a thabhairt ar son na mbráithre.
Explore 1 Eoin 3:16
3
1 Eoin 3:1
Breathnaígí cad é mar ghrá a thug an tAthair dúinn! go nglaofaí clann Dé orainn, agus is amhlaidh sinn. Sé an fáth nach n‑aithníonn an saol sinne mar nár aithin sé eisean.
Explore 1 Eoin 3:1
4
1 Eoin 3:8
An té a dhéanann an peaca is den diabhal é mar gur peacach an diabhal ó thús. Is chuige seo a foilsíodh Mac Dé, go scriosfadh sé saothar an diabhail.
Explore 1 Eoin 3:8
5
1 Eoin 3:9
Gach duine a shíolraigh ó Dhia, ní dhéanann peaca mar go maireann a shíolsan ann agus ní féidir dó peacú mar gur ó Dhia a shíolraigh.
Explore 1 Eoin 3:9
6
1 Eoin 3:17
Duine a bhfuil maoin an tsaoil aige agus go n‑airíonn a bhráthair ar an gcaolchuid, agus go gcruann a chroí air, conas a bheadh grá Dé go buan sa duine sin?
Explore 1 Eoin 3:17
7
1 Eoin 3:24
An té a choinníonn a aitheanta, maireann i nDia, agus maireann seisean ann. Agus is mar seo a aithnímid go maireann sé ionainn, tríd an Spiorad a thug sé dúinn.
Explore 1 Eoin 3:24
8
1 Eoin 3:10
Mar seo a léirítear cé hiad clann Dé agus cé hiad clann an diabhail; gach duine nach saothraíonn an fhíréantacht ní ó Dhia dó, agus is é a fhearacht sin ag an té nach dtugann grá dá bhráthair.
Explore 1 Eoin 3:10
9
1 Eoin 3:11
Mar gurb é seo an teagasc a chuala sibh ó thús, grá a bheith againn dá chéile.
Explore 1 Eoin 3:11
10
1 Eoin 3:13
Ná bíodh aon ionadh oraibh, a bhráithre, más fuath leis an saol sibh.
Explore 1 Eoin 3:13