1 Croinicí 27
27
Eagar Míleata agus Sibhialta
1Clann Iosrael: A n‑áireamh. Na cinn finí, na ceannairí míle agus na ceannairí céad, a scríobhaithe, chomhlíonaidís sin a ndualgais i measc an phobail. Ghlacadh na ranna páirt i ngnóthaí uile an rí. Bhíodh ceann díobh ar dualgas ar feadh mí, gach mí den bhliain. Bhí fiche ceathair míle fear i ngach roinn. 2Bhí Iáisiobám mac Zaibdíéil i gceannas na chéad roinne i gcomhair an chéad mhí. Bhí sé i bhfeighil roinne de cheithre mhíle fichead. 3Ba de shliocht Pheiriz é agus bhí sé ina thaoiseach ar na hoifigigh go léir a bhí ceaptha don chéad mhí. 4Bhí Dódai an tAchóchach i gceannas an dara roinn i gcomhair an dara mí. Bhí sé i bhfeighil roinne de cheithre mhíle fichead fear. 5Ba é Banáiá mac Iahóideá, an t‑ardsagart, oifigeach an tríú roinn i gcomhair an tríú mí. Bhí sé i gceannas roinne de cheithre mhíle fichead fear. 6Ba é an Banáiá seo curadh an tríochad, agus ba é a bhí i gceannas an tríochad agus a roinne. Aimízeábád a mhac. 7Sa cheathrú háit, i gcomhair an ceathrú mí, bhí Asáhael, deartháir Ióáb. Tháinig a mhac Zabaidiá i gcomharbacht air. Bhí sé i gceannas roinne de cheithre mhíle fichead fear. 8Sa chúigiú háit, i gcomhair an cúigiú mí, bhí Seamút, an tIzeárach. Bhí sé i gceannas roinne de cheithre mhíle fichead fear. 9Sa séú háit, i gcomhair an séú mí, bhí Íreá mac Icéis ó Theacóá. Bhí sé i gceannas roinne de cheithre mhíle fichead fear. 10Sa seachtú háit, i gcomhair an seachtú mí, bhí Héiliz an Palónach duine de chlann Eafráim. Bhí sé i gceannas roinne de cheithre mhíle fichead fear. 11San ochtú háit, i gcomhair an ochtú mí, bhí Sibeacai ó Huiseá, Zearachach. Bhí sé i gceannas roinne de cheithre mhíle fichead fear. 12San naoú háit, i gcomhair an naoú mí, bhí Aibíeizir ó Anatót, an Biniáimineach. Bhí sé i gceannas roinne de cheithre mhíle fichead fear. 13Sa deichiú háit, i gcomhair an deichiú mí, bhí Maharai ó Natófá, Zearachach. Bhí sé i gceannas roinne de cheithre mhíle fichead fear. 14San aonú háit déag i gcomhair an aonú mí déag, bhí Banáiá ó Phiorátón, de chlann Eafráim. Bhí sé i gceannas roinne de cheithre mhíle fichead fear. 15Sa dara háit déag i gcomhair an dara mí déag, bhí Healdai ó Natófá, de shliocht Oitníéil. Bhí sé i gceannas roinne de cheithre mhíle fichead fear.
16Uachtaráin ar threibheanna Iosrael: Eilíeizir mac Zicrí an príomhoifigeach ag na Reúbaenaigh; Seafaitiá mac Mhácá do na Simeonaigh. 17Haisibiá mac Chamuéil do na Léivítigh; Zádóc do na hÁrónaigh; 18Eilíhiú, deartháir le Dáiví, do na Iúdaigh; Omraí mac Mhíocáéil do na hÍosácáraigh. 19Ismeá mac Obaidiá do na Zabúlunaigh; Irímeot mac Aizríéil do na Naftáilígh. 20Hóiseá mac Azaiziá do na hEafráimigh. Ióéil mac Phadáiá do leaththreibh Mhanaise. 21Ideo mac Zacairiá do leath-threibh Mhanaise i nGileád. Iasaíéil mac Aibnéar do Bhiniáimin. 22Azarael mac Iarochám do Dhán. Ba iadsan uachtaráin threibheanna Iosrael. 23Níor áirigh Dáiví an mhuintir a bhí faoi fiche bliain dʼaois, mar gur gheall an Tiarna go ndéanfadh sé Iosrael chomh líonmhar le réaltaí na spéire. 24Chuir Ióáb mac Zarúá tús le daonáireamh, ach níor thug sé chun críche é. Tháinig fraoch feirge ar Iosrael dá bharrsan agus níor shroich an t‑áireamh an líon atá le fáil in Annála Dháiví rí.
25Bhí Azmávat mac Aidiéil ina mhaor ar thaiscí an rí; bhí Iónátán mac Uiziá ina mhaor ar na taiscí faoin tuath, sna cathracha, sna bailte, agus sna caisil; 26bhí Eizrí mac Chalúb ina mhaor ar lucht saothraithe na talún ag obair sna goirt; 27bhí Simeí ó Rámá ina mhaor ar na fíonghoirt; bhí Zaibdí ó Sheafam ina mhaor ar an muintir sna fíonghoirt a bhí i bhfeighil na siléar; 28bhí Bál Hánán ó Gheadaer ina mhaor ar na crainn olóige agus siceamair, ar na hísleáin; bhí Ióáis ina mhaor ar na stórais ola; 29bhí Sitrai ó Sheárón ina mhaor ar na táinte ar féarach i Seárón; bhí Seáfát mac Adlái ina mhaor ar na tréada sna gleannta; 30bhí Óibíl an tÍsméileach ina mhaor ar na camaill; bhí Ichdeiá ó Mhaeranót ina mhaor ar na hasail; 31bhí Iázoíz an Hagrach ina mhaor ar na tréada. Ba mhaoir ar mhaoin Dháiví iad sin go léir.
32Ba chomhairleoir é Iónátán uncail Dháiví, fear stuama agus scríobhaí. Bhí sé féin agus Ichíéil mac Hacmónaí i bhfeighil mhic an rí. 33Ba é Aichítifeil comhairleoir an rí, agus ba é Huiseá an tArcach cara an rí. 34Tháinig Iahóideá mac Bhanáiá agus Aibíátár in áit Aichítifeil. Bhí Ióáb i gceannas ar arm an rí.
Currently Selected:
1 Croinicí 27: ABN
Highlight
Copy
Compare
Share
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
© An Sagart 1981
Úsáidtear le cead. Used by permission.