YouVersion Logo
Search Icon

1 Croinicí 26

26
Lucht Faire na nGeataí
1Maidir le rangú lucht faire na ngeataí: De na Corachaigh: Misilimiá mac Chórae, duine de chlann mhac [Eibi]ásáf. 2Bhí clann mhac ag Misilimiá: Zacairiá an chéadghin, Idíael an dara mac, Zabaidiá an tríú, Iaitníéil an ceathrú, 3Éalám an cúigiú, Iahóchánán an séú, Eiliohóaenaí an seachtú. 4Bhí clann mhac ag Óbaed Eadóm: Seamaiá an chéadghin, Iahózábád an dara mac, Ióách an tríú mac, Sácár an ceathrú, Natanael an cúigiú, 5Aimíéil an séú, Íosácár an seachtú, Peulataí an t‑ochtú; chuir Dia an rath air go dearfa. 6Rugadh clann mhac dá mhac Seamaiá freisin a bhí i gceannas ar a bhfiní mar ba ghaiscígh chumasacha iad. 7Clann mhac Sheamaiá: Oitní, Rafael, Óbaed, Ealzábád agus a [bhráithre] Eilíhiú agus Samaicíá, gaiscígh thréana. 8Ba chlann mhac le hObaed Eadóm iadsan go léir. Bhíodarsan agus a gclann mhac agus a mbráithre cumasach tréan, oilte dá gcúram. Beirt agus trí fichid dʼÓbaed Eadóm.
9Bhí clann mhac agus bráithre ag Misilimiá; ochtar déag gaiscíoch. 10Bhí clann mhac ag Hosá–duine de chlann Mharáraí; Simrí an chéad duine, mar, cé nárbh é an chéadghin é, rinne a athair taoiseach de. 11Hilcíá an dara duine, Tabailiá an tríú duine, Zacairiá an ceathrú duine. Bhí triúr déag ar fad de chlann mhac agus de bhráithre ag Hosá. 12Bhí a ndualgais féin ar na ranna seo de lucht faire na ngeataí, ag freagairt do na dualgais a bhí ar a ngaolta a bhí i seirbhís Theampall an Tiarna. 13Cuireadh gach geata ar cranna dóibh, idir fhiní sinsearacha agus fhiní sóisearacha. 14Thit an crann don gheata thoir ar Shilimiá; ba chomhairleoir críonna é a mhac Zacairiá: nuair a cuireadh ar cranna é, thit an crann don taobh thuaidh airsean. 15Thit an crann don taobh theas ar Óbaed Eadóm, agus don stóras ar a chlann mhac. 16Thit an crann don iarthar agus do Gheata an Chip ar Lár ar an mbóthar thuaidh, ar Shiuipím agus ar Hosá. Bhí an faire ar uanaíocht: 17ar an taobh thoir, seisear [sa lá]; ar an taobh thuaidh, ceathrar sa lá; ar an taobh theas, ceathrar sa lá; ag an stóras, beirt ar gach taobh; 18don Pharbár: ceathrar ag an mbóthar, beirt ag an bParbár. 19Ba iadsan ranna lucht faire na ngeataí i measc na gCorachach agus na Maráraíoch.
Dualgais Eile
20Bhí na Léivítigh, [a ngaolta], i gceannas ar an muintir a bhí i bhfeighil cistí Theampall an Tiarna agus i bhfeighil stór na n‑ofrálacha deonacha. 21Clann mhac Ladán, clann Ghéirseon ó thaobh Ladán, bhí na hIchíéiligh mar chinn finí acu, ar fhiní Ladán an Géirseonach. 22Bhí na hIchíéiligh, Zeátám agus Ióéil a dheartháir, i bhfeighil cistí Theampall an Tiarna. 23Maidir leis na hAmrámaigh, na hIzeáraigh, na Heabrónaigh, na hUizíéiligh: 24ba é Seabúéil mac Ghéirseom, mac Mhaois, an príomhfheidhmeannach a bhí i gceannas na gcístí. 25Ba iad a ghaolta ó thaobh Eilíeizir: Rachaibiá a mhac; Íseáia a mhacsan; Iórám a mhacsan; Zicrí a mhacsan; Sealomót a mhacsan. 26Bhí an Sealomót céanna agus a ghaolta i bhfeighil cistí na n‑ofrálacha a thíolaic Dáiví rí, agus na cinn fine, agus na ceannairí míle agus na ceannairí céad, agus na hoifigigh shinsearacha eile. 27(Rinneadar cuid den chreach chogaidh a thíolacadh le teach an Tiarna a mhaisiú.) 28Bhíodar freisin i bhfeighil gach ar thíolaic Samúéil fáidh, agus Sól mac Chís, Aibnéar mac Néar, agus Ióáb mac Zarúá. Bhí Sealomót agus a ghaolta i bhfeighil gach ar tíolacadh.
29Maidir leis na hIzeáraigh: Ceapadh Canainiá agus a chlann mhac i mbun dualgas seachtrach dʼIosrael, mar oifigigh, agus mar bhreithiúna. 30Agus leis na Heabrónaigh: Ceapadh Haisibiá agus a ghaolta, míle seacht gcéad fear cumasach, le hIosrael a chosaint laistiar den Iordáin chomh fada agus a bhain le fónamh don Tiarna agus le seirbhís don rí. 31Agus leis na Heabrónaigh: Iríá an taoiseach. Sa daicheadú bliain de réimeas Dháiví, rinneadh iniúchadh ar ghinealach na bhfiní Heabrónach, agus aimsíodh fir chumasacha leo ag Iazaer i nGileád. 32Cheap Dáiví rí dhá mhíle seacht gcéad fear cogaidh, gaolta le hIríá agus cinn finí, mar mhaoir ar na Reúbaenaigh, na Gádaigh agus leaththreibh Mhanaise, i gcúraimí uile Dé agus an rí.

Currently Selected:

1 Croinicí 26: ABN

Highlight

Copy

Compare

Share

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in