YouVersion Logo
Search Icon

Ṗilémoin 1

1
Caibidil I
Impiḋe ar Ṗilemoin, maiṫeaṁnas ḟior-ċriosduiġe ṫaḃair dá óglaċ annsa dioġḃail do ḋearnaḋ.
1Pol, priosúnaċ Iósa Críosd, agus an dearḃraṫair Timoteus ċum Ṗilémoín ionṁuin, agus ar ḃfear caḃarṫa, 2Agus ċum Apṗia ġráḋaċ, agus ċum Arċippuis ar gcoiṁḟior coguiḋ, agus ċum ne heaglaisi atá ad ṫiġ: 3Grása maille riḃ, agus síoṫċáin, ó Ḋía ar Naṫair agus ón Dtíġearna Iósa Críosd.
4Beirim buiḋeaċus rém Ḋía, ag sior ċuiṁneaḋ ortsa um urnuiġiḃ, 5(Do ḃriġ go gcluínim iomráḋ do ġráḋasa agus an ċreidim, atá agad a dtáoḃ an Tíġearna Iósa, agus a dtáoḃ na nuile náoṁ;) 6Ionnus go mbíaḋ cumann do ċreidiṁ éifeaċdaċ a nadṁáil na huile ṁaiṫeasa atá ionnuiḃ tré Iósa Críosd. 7Oír is mór an gáirdeaċas agus an solás atá aguinn an do ġráḋsa, do ḃríġ go ḃfúaradar inniġe na náoṁ furtaċd ṫríodsa, a ḋearḃráṫair.
8Uime sin, bíoḋ gur féidir leam ḃeiṫ ro ḋána a Gcriosd ris an ní atá iomċuḃaiḋ dáiṫníuġaḋ ḋíot. 9Giḋeaḋ ċeana tré ġráḋ is usa liom impiḋe ċur ort, ar mbeíṫ ḋaṁ mar Ṗól ḟoirfe, agus a noir fós um ṗríosúnaċ ar son Iósa Críosd. 10Guiḋim ṫu air son mom hic Onesimus, noċ do ġeinmé a ngéiḃeanuiḃ: 11An tí do ḃí ar úairiḃ neaṁṫarḃaċ ḋuit, aċd a nois atá ró-ṫarḃaċ ḋuitse agus daṁsa: 12Noċ do ċuir mé ar a ais: agus gaḃsa ċugad é, mar mo ċroíḋe féin: 13Noċ bá mían riumsa a ċongṁáil um ḟoċair féin, ionnus go ndéunaḋ sé miniosdralaċd daṁ a tionadsa, a gcuiḃriġiḃ an tsoisgéil: 14Giḋeaḋ níor áontuiġ mé éinní ḋéunaṁ gan do ṫoilse; ionnus naċ bíaḋ do ṁaiṫse aṁuil tré éigean, aċd do réir do ṫola féin. 15As dóiġ gur ab uime dimṫiġ sé ar feaḋ tamuill, ionnus go nglacfá é go síorruiḋe; 16Ní mar ṡearḃḟoġantuiġe feasda, aċd ós cionn ṡearḃḟoġantuiġe, na ḋearḃráṫair ġráḋaċ, go háiriġe ḋaṁsa, a né naċ mo ná sin duitse, sa gcoluinn agus sa Dtíġearna? 17Uime sin má atá cumann eadrad agus misi, gaḃ ċugad é mar mé féin. 18Agus má rinne sé dioġḃáil air biṫ ḋuit nó má ḋliġeann tú éinní ḋe, bíoḋ sé um leiṫse; 19Misi Pól do sgríoḃ so rém láiṁ féin, do ḃéur díoluiḋeaċd uáim: bíoḋ naċ abruim riot, go ndliġim ṫú féin fós ós a ċeann sin díot. 20A seaḋ, a ḋearḃráṫair, faġuim gáirdeaċas uáid sa Dtíġearna: cóṁfurtuiġ mo ċroíḋe sa Dtíġearna.
21Do sgríoḃ mé ċugad, ar mbeiṫ ḋaṁ muniġneaċ as húṁlaċd, ar mbeiṫ a ḟeasa agam go ndéuna tú ní sa ṁó ná mar a deirim. 22Agus maille ris sin ullṁuiġ lóisdín daṁ: óir atá muiniġin agum go bpronnfuiġear ḋíḃ me tré ḃur nurnuiġíḃ.
23Cuiriḋ Epaṗras (mo ċóṁṗriosúnaċ a Niósa Críosd,) 24Marcus, Airistarċus, Démas, agus Lúcas, mo ċóṁluċd cáḃarṫa, mbeannaċd ċugad.
25Grása ar Dtíġearna Iósa Críosd ré ḃur sbioruid. Amen.

Currently Selected:

Ṗilémoin 1: BedellG

Highlight

Copy

Compare

Share

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in