Aċd an tan do ṡoillsiġ féile agus gráḋ Dé ar Slánaiġṫeóra do ḋáoiniḃ, Ní do réir na noibriġṫeaḋ ḃfiréunnda do rinneamairne, aċd do réir a ṫrócaire féin do ṡáor sé sinn, tré ionnlaḋ na haiṫġineaṁna, agus tré aṫnúaḋuġaḋ an Spiorad Náoiṁ; Do ḋóirt sé oruinn go saiḋḃir tré Iósa Críosd ar Slanuiġṫeoir. Ionnus ar mbeiṫ ḋúinn air ar sáoraḋ tré na ġrásuiḃsion, go ndeuntáoi oiġreaḋa ḋínn do réir ṁuiniġne na beaṫa marṫannuiġe.