YouVersion Logo
Search Icon

Roṁánaċ 8

8
Caibidil VIII
Saóirse agus fíor ḋóċas na ndaóine ṁaireas fa reaċd na Spioruide.
1Ar a naḋḃarsin ní ḃfuil damnuġaḋ ar biṫ a nois don dreim atá a Niósa Críosd, naċ sioḃlann do réir na féola aċd do réir na Spioruide. 2Oír do ṡáor dliġeaḋ Spioruide na beaṫa a Níosa Críosd misi ó dliġeaḋ an ṗeacaiḋ agus an ḃáis. 3Oír an ní nár ḃéidir don dliġeaḋ do ḋéunaṁ, ar mbeiṫ ḋó anḃfann trés an ḃfeól, ar gcur a Ṁic féin do Ḋía ag cosaṁlaċd ċolla an ṗeacuiġ, agus ar son peacaiġ, do ḋamnuiġe sé an peacaḋ sa ccoluinn: 4Ionnus go gcoiṁlionfuiḋe ceart an dliġe ionnuine, naċ sioḃlann do réir na colla, aċd do réir na Spioruide. 5Oír an dream atá do réir na féola smuáintiġid síad neiṫe ḃeanas ris an ḃfeóil; aċd an dream atá do réir na Spioruide na neiṫe ḃeanas ris an Spioruid. 6Oír is bás gliocas na feóla; aċd is beaṫa agus sioṫċáin gliocas na Spioruide. 7Oir is náṁadus a naġuiḋ Dé gliocas na féola: óir ní úṁluiġeann sé do ḋliġeaḋ Dé, agus fós ní héidir leis. 8Ar a naḋḃarsin an dream atá do réir na féola ní héidir leó toil Dé do ḋéunaṁ. 9Aċd ní ḃfuiltísi do réir na féola, aċd do réir na Spioruide, má atá Spiorad Dé na coṁnuiḋe ionnuiḃ. Aċd giḋ bé naċ a ḃfuil Spiorad Ċríosd aige, ní lé Críosd an duine sin. 10Agus má atá Críosd ionnuiḃ, atá an corp go deiṁin marḃ do ṫaóiḃ an ṗeacuiġ; aċd is beaṫa an Spiorad tré ḟiréantaċd. 11Aċd má ċoṁnuiġeann ionnuiḃ Spiorad an té do ḋúisiġ Iósa ó ṁarḃuiḃ, an té do ḋúisiġ Críosd ó ṁarḃuiḃ béoḋaċaiġ sé ḃar gcuirp ṡó ṁarḃṫaċasa mar an gcéudna tré na Spioruidsion ċoṁnuiġeas ionnuiḃ. 12Uime sin, a bráiṫreaċa, ní don ḟeóil, atámaóid ar ḃféiṫeaṁnuiḃ, ar ċor go gcaiṫfeaḋmaóis ar mbeaṫa do réir na féola. 13Oír más do réir na féola ċaiṫfiḋe ḃar mbeaṫa, do ġéubṫaói bás: aċd má ṁarḃṫaói gníoṁarṫa na colla leis an Spioruid, do ġeuḃṫaói beaṫa.
14Oír an ṁéid ṫréoruiġṫear lé Spiorud Dé, a síad clann Dé íad. 15Oír níor ġaḃaḃair ċugaiḃ Spiorad na seirḃíse a rís ċum eagla; aċd do ġaḃaḃair ċugaiḃ Spiorad aṫarġaḋ na cloinne, tré ngoirmíd, Abba, a Aṫair. 16Do ní an Spioradsa fíaḋnuisi lé ar spioriodne, gur clann do Ḋía sinn: 17Agus más clann, is oiḋriġe fós sinn; óiḋriġe gan aṁaras do Ḋía, agus coṁóiḋriġe do Ċríosd; má ḟuilngmíd a néinḟeaċd ris, ionnus go mbemís a ccóṁġlóir ris.
18Oír measuim naċ fíu ná neiṫe ḟuilgemíd sa naimsirse a láṫair an ġlóir ḟoillséoċṫar ḋúinn. 19Oír atá feiṫeaṁ díṫċeallaċ gaċ creatúir ag fuireaċ ré foillsiuġaḋ ċloinne Dé. 20Oír atá an creatúir fá ṁursántaċd an dioṁaóimis, ní ḋá ṫoil féin, aċd ar son an té dó ċuir fá ṁursántaċd é, 21A muiniġin go sáorfuiḋe an creatúir féin ó ṡeirḃís na truáilliḋeaċda go sáoirsi ġlóire ċloinne Dé. 22Oír atá a ḟios aguinn go ḃfuil a nuile ċreatúir ag osnaiġe agus a bpéin mar ṁnaói ré cloinn má ráon rinne gus a nuáirse. 23Agus ní hiadsan aṁáin, aċd sinne féin, agá ḃfuilid céadṫórṫa na Spioruide, bímíd ag osnaiġe ionnuinn féin, ag feiṫeaṁ re aṫargaḋ na cloinne, fúasglaḋ ar gcuirp. 24Oír as lé dóiġ atámaóid saḃalta: aċd má ċíṫear an dóiġ ní dóiġ í: oír créd fá a mbíaḋ dóiġ ag neaċ, ris an ní do ċí sé? 25Aċd má ḃíonn súil aguinn ris an ní naċ ḃfaicmíd, do nimíd fuireaċ tre ḟoiġid.
26Agus is mar an gcéadna ḟóireas an Spiorad ar néagcrúasne: oír ní ḃfuil a ḟios aguinn créd do íarrfaḋmaóis a nurnuiġe mar buḋ cóir: aċd do ní an Spiorad féin urnuiġe air ar son lé hosnaiḋiḃ dó-innse. 27Aċd atá a ḟíos ag sgrúdaiġeóir na gcroiḋeaḋ cred é toil na Spioruide, óir is do réir ṫola Dé ġuiḋeas sé ar son na náoṁ. 28Agus atá a ḟios aguinn go gcoṁoibriġeann gaċ uile ní ċum maiṫeasa do na daóiniḃ ġráduiġeas Día, noċ atá ar na ngairm do reir a órduiġesion. 29Oír an dream do réuṁaiṫin sé, do réuṁórduiġ sé a mbeiṫ coṁċosṁuil díoṁaiġ a Ṁic féin, a ċor go mbeiṫ seisean na ċédġein éidir ṁórán dearḃraṫar. 30Agus an dream do ṫoġ sé roiṁ láiṁ, do ġoir sé íad mar an gcédna: agus an dream do ġoir sé, do ṡáor sé íad mar an gcéudna: agus an dream do ṡáor sé, tug sé glóir ḋóiḃ mar an gcéudna.
31Uime sin créd a déaram fa na neiṫiḃsi? Ma atá Día linn, cia ḟéadus ḃeiṫ ar naġuiḋ? 32An té nár ċoigill a Ṁac díleas féin, aċd tug air ar soinne uile é, cionnas naċ ttioḋluicfeaḋ sé ḋúinn gaċ uile ní maille ris? 33Cía ċuirfeas coirṫe a naġuiḋ ḋáoine toġṫa Dé? A sé Día ṡáoras. 34Cía ḋaimeónas? Críosd fúair bás, agus fós, do rinne a neiséiriġe, noċ atá ar deis Dé, agus fós ġuiḋeas air ar soinne. 35Cía ḋealóċus sinn ó ġráḋ Ċríosd? Trioblóid, nó aṁgar, nó díbeirt, nó gorta, nó lomnoċduiġe, nó peiríacuil, nó cloiḋeaṁ? 36(Mar atá sgrioḃṫa, Is ar do ṡonsa ṁarḃṫar sinn ar feaḋ an láoi; atámáoid air ar meas mar ċáorċa ré huċd a marḃṫa.)
37Aċd, buáiḋemíd ionnta so uile trés an té do ġráḋuiġ sinn. 38Oír atá a ḋeirḃḟios agam, naċ búḋ héidir lé bás, na lé beaṫa, na lé haingliḃ, ná lé húaċdaranaċuiḃ, ná lé cúṁaċduiḃ, ná leis na neiṫiḃ atá do láṫair, ná leis na neiṫiḃ atá ċum teaċda, 39Ná lé hairde, ná lé doiṁne, ná lé creatúr ar biṫ eile, sinne ḋéaluġaḋ ó ġráḋ Dé, atá a Niósa Críosd ar Dtiġearna.

Currently Selected:

Roṁánaċ 8: BedellG

Highlight

Share

Compare

Copy

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in