Roṁánaċ 4
4
Caibidil IV
Gurab tré Ċreideaṁ aṁain, do ṁeasaḋ gaċ duine, firinneaċ.
1Uime sin créd a déaram, go fuáir Abraham ar naṫair, do réir na feola? 2Oír más ó oibreaċa do sáoraḋ Abraham, atá aḋḃar máoiḋfeaċuis aige; aċd ní a dtáoḃ De. 3Oír créd a deir an sgriobtur? Do ċreid Abraham do Ḋía, agus domeasaḋ sin dó már ḟíréantaċd. 4Aċd don té do ní obuir ní do réir ġrás ṁeasdar túarasdal dó, aċd dó réir ḟíaċ. 5Aċd don té naċ déineann obair aċd ċreideas ann sa ti ṡáorus an duine neaṁḋíaḋa, measdar a ċreideaṁ mar ḟíréantaċd. 6Aṁail a deir Dáiḃí mar an gcéudna, Gur beannuiġe an duine dá measánn Día fíréantaċd gan oibreaċa. 7Ag ráḋ is beannuiġe an dream agá ḃfuil a ndroiċġníoṁarṫa ar na maiṫeaṁ ḋóiḃ, agus agá ḃfuilid a bpeacuiġ ar na ḃfolaċ. 8Is beannuiġe an té ag naċ ccuírfí an Tiġearna peacaḋ na leiṫ.
9Ar a naḋḃarsin an ann sa timċeallġearraḋ aṁáin atá an beannaċdaḋsa, nó fós ann sa neaṁṫinċeallġearraḋ? óir a deirmíd gur measaḋ a ċreideaṁ Dábraham mar ḟiréantaċd. 10Maseaḋ cionnas do measaḋ ḋó é? a né a núair do ḃi sé sa timċeallġearraḋ, nó a núair naċ raiḃ? Ní ann sa timċillġearraḋ, aċd ann sa neaṁṫimċillġearraḋ. 11Agus do ġlac sé coṁarṫa an timċillġearrṫa, séula fíréantaċda an ċreidiṁ do ḃí aige an sa neaṁṫimċeallġearraḋ: ionnus go mbeiṫ sé na aṫair ag gaċ áon do ċreidfeaḋ san neaṁṫimċillġearraḋ; do ċum go measfuiḋe fíréantaċd ḋóiḃsean mar an gcéudna: 12Agus na aṫair an timċillgearrṫa ní hé aṁáin don dreim atá don timċillġearraḋ, aċd mar an gcéudna don dreim leanas lurg ċreidiṁ ar naṫar Abraham, noċ do ḃí aige ann sa neaṁṫimċillġearraḋ.
13Oír ní tré san dliġeaḋ, do rinneaḋ an geallaḋ, Dabraham, nó dbá ṡlioċd, go mbiaḋ sé na oiġre ar an doṁan, aċd tré ḟiréantaċd an ċreidiṁ. 14Oír má atá muinntir an dliġe na noiḋriġiḃ, atá an creideaṁ ar na ḋéunaṁ dioṁáoin, agus an geallaḋ neaṁṫaḃaċdaċ: 15Do ḃríġ go noibriġeann an dliġeaḋ fearg: óir giḋ bé áit naċ ḃfuil dliġeaḋ, ní ḃfuil bríseaḋ dliġe ann sin. 16Uime sin is ó ċreideaṁ, ata a noiḋreaċd, ionnus go mbíaḋ si tré ġrasuiḃ; ċum na geallaṁna do ḃeiṫ diongṁála don tsíol uile; ní hé aṁáin don ċuid atá don dliġeaḋ, aċd mar an gcéudna don ċuid atá do ċreideaṁ Abraham; atá na aṫair aguinne uile. 17(Mar atá sgríoḃṫa, Do órduiġ mé ṫú ad aṫair do ċineaḋaċuiḃ iomḋa,) a ḃfíaḋnuisi Dé, dar ċreid sé, noċ a ḃéoḋuiġeas na mairḃ, agus ġoireas na neiṫe naċ ḃfuil aṁail as do ḃeidis ann. 18Abraham noċ do ċreid fa ḋóṫċus a naġuiḋ dóṫċúis, go mbiaḋ sé na aṫair iomad cineaḋaċ, do réir mar a duḃraḋ, Is mar sin ḃías do ṡíolsa. 19Agus ar mbeiṫ neiṁmeirḃ ḋó a gcreideaṁ, níor ċuir sé íona suim go raiḃ a ċorp féin ċeana gan spracaḋ, ar mbeiṫ ḋó a dtimċeall ċéd blíaḋan, na fós a neiṁmbrioġṁuireaċd ḃronn Ṡára: 20Agus níor ċuir se cunntaḃairt a ngeallaḋ Dé lé míċreideaṁ; aċd do neartuiġeaḋ é a gcreideaṁ, ar dtaḃairt ġlóire do Ḋía; 21Agus do ḃí a láindeiṁin aige, an té ṫug an geallaḋ, gur cúṁaċdaċ é ar ċoiṁlíonaḋ. 22Ar a naḋḃarsin do measaḋ so ḋó mar ḟíreantaċd. 23Giḋeaḋ ní ar a ṡonsan aṁáin do scríoḃaḋ, gur measaḋ so ḋó; 24Aċd már an gcéudna air ar soinne, dá measfuiġear é, ma ċreidmíd ann sa té do ḋúisiġ Iosa ar Dtiġearna ó ṁarḃuiḃ; 25Noċ do ḃásuiġeaḋ air son ar gciontaine, agus do haiṫḃeóḋuiġeaḋ ċum sinne ṡáoraḋ.
Currently Selected:
Roṁánaċ 4: BedellG
Highlight
Share
Compare
Copy
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.