Roṁánaċ 3
3
Caibidil III
O ṡaruiġ na Iuduiġe an reaċd, 28 sé creideaṁ is didean dóiḃsi, agus do na Cineaḋaċaiḃ.
1Maseaḋ cred é an bárr atá ag an Iúduiḋe? nó créd é tarḃa an timċeallġearrṫa? 2Is mór é ar gaċ áonċor: a ċéadúair, do ḃríġ gur ríusan do ṫáoḃaḋ ḃríaṫra Dé. 3Oír créd é an ċúis má nár ċreideadar dream áiriġe ḋíoḃ? a ndéuna a neaṁċreideaṁsan fírinne Dé gan eifeaċd? 4Nár léige Día sin: aċd, bíoḋ Día fírinneaċ, agus gaċ uile ḋuine bréugaċ; mar atá sgríoḃṫa, Ar ċor go sáorfuiḋe ṫú ad ḃríaṫruiḃ, agus go mbearṫa buáiḋ an tan ḃeireas tú breiṫ.
5Aċd má neartuiġeann ar néagcóirne cóir De, créd a déaram? An ḃfuil Día éagcóraċ do ní dioġaltus? (mar ḋuine laḃruim.) 6Nár léige Día sin: oir don táoḃ eile cionnas ḃias Día na ḃreiṫeaṁ ar a tsáoġal? 7Oír má ṁéudaiġe fírinne Dé trém ḃréigsi ċum a ġlóiresion; créd fá a ndamantar misi fós mar ṗeacṫaċ? 8Agus créd fá naċ déanámaoid uile, ionnus go dtiocfaḋ maiṫe ḋíoḃ, (do réir mar ṁaslaiġṫear sinne, agus mar a deirid dáoine áiriġe) ar a dtig damnúġaḋ ó ċeart, go nabramáoid?
9Créd eile má seaḋ? an ḃfuilmídne ag breiṫ ḃáirr? Ní ḃfuilmíd, ar éanċor: óir do ṡuiġeamar roiṁe so na Iúduiġe agus na Gréaguiġ uile, do ḃeiṫ fá ṗeacaḋ; 10Mar atá sgríoḃṫa, Ní ḃfuil firéun ann, fós, ní ḃfuil, áonnduine: 11Ní ḃfuil neaċ ann ṫuigeas, ní ḃfuil neaċ íarrus Día. 12Do ċláonadar uile, atáid síad a néinḟeaċd ar na ndéunaṁ míṫarḃaċ; ní ḃfuil neaċ ann do ḋéunaḋ maiṫ, ní ḃfuil, go héinneaċ. 13As uáiṁ osguilte a sgórnaċ; do rinneadar meaḃail lé na dteangṫuiḃ, atá neiṁ na naiṫreaċ neiṁe fa na bposuiḃ: 14Agá ḃfuil a mbéul lán do ṁallaċdaiḃ agus do ṡearḃas: 15Atáid a gcosa lúaṫ ċum fola ḋórtaḋ: 16Agá ḃfuil briseaḋ croíḋe agus anṡóġ ann a sliġṫiḃ: 17Agus nior aiṫniġeadar sliġe na sioṫċána: 18Ní ḃfuil eagla Dé a ḃfiaḋnuisi a súl.
19Agus atá a ḟios aguinne giḋ bé ar biṫ neiṫe a deir an dliġeaḋ, gur ris a ndreim atá fán dliġeaḋ laḃrus sé: ionnus go dtoċdfuiḋ gaċ uile ḃéul, agus go mbeiṫ an doṁan uile cionntaċ do breiṫeaṁnus Dé. 20Ar a naḋḃarsin ní ṡáorfuiḋṫear éinneaċ na ḟíaḋnuisision ó oibriġiḃ an dliġe: óir is trés an dliġeaḋ tig aiṫne an ṗeacuiġ.
21Aċd a nois a néagṁuis a dliġe atá ceart Dé ar na ḋéunaṁ follas, ar na ḋearḃaḋ lé fíaḋnuisi an dliġe agus na ḃfáiḋeaḋ; 22Ceart Dé a deirim tré ċreideaṁ Iósa Críosd dá gaċ áonduine agus ar gaċ áon ċreideas: óir ni ḃfuil eidirḋéaluġaḋ ann: 23Oir do ṗeacaiġ a nuile ḋuine, agus atáid a négṁuis ġlóire Dé; 24Agus atáid ar na sáoraḋ a naisgiḋ ré na ġrásuiḃsean trés an ḃfúasglaḋ do rinneaḋ lé Híosa Críosd: 25Noċ do órduiġ Día na ċeann réiġtiġ tré ċreideaṁ ann a ḟuil, ċom a ḟíréantaċda dfoillsiuġaḋ, tré ṁaiṫṁeaċas na bpeacaḋ do ċuáiḋ ṫaruinn, a ḃfoiġid Dé; 26Ċum a ḟiréantaċda féin dfoillsiuġaḋ ann sa naimsirsi do laṫair ionnus go mbíaḋ sé féin ceart, agus go sáorfaḋ sé an té atá do ċreideaṁ Iósa.
27Ar a naḋḃarsin cáit a ḃfuil an ṁórḋháil? Atá sí ar na cur amaċ. Cía an dliġeaḋ? an tré ḋliġeaḋ na noibreaċa? Ní heaḋ, aċd tré ḋliġeaḋ an ċrediṁ. 28Measamuid ar a naḋḃarsin gur lé creideaṁ ṡáorṫar an duine a néagṁuis oibreaċ an dliġe. 29An leis na Iúdaiġiḃ aṁáin Día? a né naċ leis na Cineaḋaċuiḃ é mar an ccéadna? Go deiṁim a sé Día na Gcineaḋaċ é leis: 30Oír is éin Ndía ṡáorfas an timċeallġearraḋ ó ċreideaṁ, agus an neaṁṫimċeallġearraḋ tré ċreideaṁ. 31Uime sin a ndéunmáoid an dliġeaḋ neaṁṫaḃaċdaċ tré san gcreideaṁ? Nár léige Día sin: aċd fós, neartuiġemíd an dliġeaḋ.
Currently Selected:
Roṁánaċ 3: BedellG
Highlight
Share
Compare
Copy
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.