Roṁánaċ 16
16
Caibidil XVI
Tar éis fáiltiuġaḋ do ṁóran, 17 ċuir Pól na bfaireaċ íad a ttáoḃ ḋáoine connsbóideaċ, contrarrḋa.
1Aċd táoḃam riḃ Ṗébe ar ndeirḃṡíur, noċ as searḃḟoġantuiḋe don neagluis atá a Gcenċreá: 2Do ċum go ngaḃa siḃ ría sa Dtiġearna, mar as cuḃaiḋ do náoṁaiḃ, agus cúngnaṁ ría an gaċ aḋḃar iona mbía ḃur riaċdanus uirṫe: oír tug sí áoiḋeaċd do ṁorán, agus dáṁsa féin mar an gcéudna.
3Fáiltiġiḋ do Ṗriscilla agus do Acuila mo luċd cúnganta a Níosa Críosd: 4(Noċ do ċuir a muinéul féin sios ar son manmasa: dá naċ misi aṁáin do ḃeir buiḋeaċus, aċd fós eagluiseaċa na Gineaḋaċ go hiomlán). 5Agus do neagluis atá iona dtiġ. Fáiltiġiḋ do Epénetus as ionṁuin liomsa, agar ab é céudṫoraḋ na Haċaíá a Gcríosd. 6Fáiltiġiḋ do Ṁuire, noċ do rinne sáoṫar ṁór ar dtimċeillne. 7Fáiltiġiḋ do Andronicus agus Iúnia, mo ḋáoine gáoil, agus mo ċumpána príosúin, noċ atá oirḋeirc eidir na habstalaiḃ, noċ fós do ḃí a Gcríosd róṁamsa. 8Fáiltiġiḋ do Amplias mo ḋíoġraiseaċ sa Dtíġearna. 9Fáiltiġiḋ do Urbánus, ar ḃfear caḃarṫa a Gcríosd, agus do Staċis mo ḋearḃraṫair ionṁuin. 10Fáiltiġiḋ do Apelles noċ atá dearḃṫa a Ccríosd. Fáiltiġaiḋ do luċd éntiġe Aristoboluis. 11Fáiltiġiḋ do Heródion mo ḃraṫair. Fáiltiġiḋ do luċ éntiġe Narcissuis, noċ atá sa Dtiġearna. 12Fáiltiġiḋ do Ṫriṗéna agus do Ṫriṗósa, mná ṡáoṫruiġeas sa Dtiġearna. Fáiltiġiḋ do Ṗersis ionṁuin, noċ do rinne móran sáoṫair sa Dtiġearna. 13Fáiltiġiḋ do Ruṗus duine toġṫa sa Dtiġearna, agus da ṁaṫair agus do ṁáṫairse. 14Fáiltiġiḋ do Asincritus, Ṗlegon, Hermas, Ṗatrobas, Hermes, agus do na dearḃraiṫriḃ atá na ḃfarraḋ. 15Fáiltiġiḋ do Ṗilológus, agus do Iulias, do Nereas, agus dá ḋeirḃṡiáir, agus do Olimpas, agus do na náoṁuiḃ uile na ḃfarraḋ. 16Beannaiġe féin dá ċéile maille ré póig náoṁṫa. Cuirid eagluiseaċa Ċríosd beaṫa agus sláinte ċugaiḃ.
17Agus íarruim daṫċuinge oruiḃ, a ḋearḃráiṫreaċ, géurċoiṁéud do ḋéunaṁ ḋáóiḃ ar an muinntir ṫógḃus siosma agus is ciontaċ ré hoilḃeim do ṫaḃairt úaṫa contrarrḋa don teagasg do ḟoġluim siḃ; agus seaċnaiḋ íad. 18Oír an luċd is cosṁuil ríu so, ní don Tiġearna Iósa Críosd do níd síad seirḃís, aċd dá mbolg féin; agus meallaid síad ré briaṫraiḃ millsi agus ré cluain croiḋṫe na ndáoine neaṁurċóideaċ. 19Oir ráinic tuarasgḃáil ḃur núṁlaċdsa na huile ḋáoine. Ar a naḋḃarsin atá gáirdeaċas orum ḃur dtáoḃsa: giḋeaḋ is mían riom ḃeiṫ ḋáoiḃ eagnuiġe a dtáoiḃ na maiṫeasa, agus neaṁurċoideaċ a dtaoḃ a nuilc. 20Agus bruiṫfiḋ Día na síoṫċána Sátan fáoi ḃur gcosaiḃ go haiṫġoird.
Grása ar Dtiġearna Iósa Críosd maille riḃ. Amén.
21Cuiriḋ Timotéus mo ċompánaċ, agus Lúcius, agus Iáson, agus Sosipater, mo ḋáoine gáoil, beaṫa agus sláinte ċugaiḃ. 22Cuirimsi Tertius, noċ do sgríoḃ an eipistilse, beaṫa agus sláinte ċugaiḃ sa Dtiġearna. 23Cuiriḋ Gaius mósdóir féin, agus na heagluisi uile, beaṫa agus sláinte ċugaiḃ. Cuiriḋ Erastus procadóir na caiṫreaċ beaṫa agus sláinte ċugaiḃ, agus an dearḃraṫair Quartus. 24Grása ar Dtiġearna Iósa Críosd maille riḃ uile. Amén.
25Agus a nois don té lér féidir siḃ do ḋaingniuġaḋ do réir mo ṡoisgeilsi, agus ṡeanmóra Iósa Críosd, do réir ḟoillsiġe na seicréide, noċ do congṁaḋ go folaiġeaċ ó ṫús an doṁain, 26Aċd a nois atá ar na noċdaḋ, agus ar na ḟoillsiuġaḋ do na huile ċineaḋaċaiḃ, tré sgríoptúraiḃ na ḃfáiḋeaġ, do réir aiṫne Dé ḃioṫḃúain, ċum úṁlaċda an ċreideiṁ: 27Don náoin Día éagnaiḋe aṁáin, glóir go síorruiḋe tré Iósa Críosd. Amén.
Currently Selected:
Roṁánaċ 16: BedellG
Highlight
Share
Compare
Copy
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.