YouVersion Logo
Search Icon

Roṁánaċ 15

15
Caibidil XV
Ni fuláir don laídir a necreidiṁ, an anbfann do neartuġaḋ, mar ḋearnaḋ le Criosd.
1Ata dfiaċaiḃ orainne an dream atá láidir éugcrúas na ndáoineaḋ meirḃ diomċar, agus gan ar dtoil féin do leanṁuin. 2Uime sin déunaḋ gaċ áon aguinn toil a ċoṁarsan ré maiṫ ċum follamnuiġe. 3Oír ní hí a ṫoil féin do rinne Críosd; aċd, do réir mar atá sgríoḃṫa, Do luiḋ imḋeargaḋ na druinge do imḋearg ṫusa oramsa. 4Oír giḋ bé neiṫe do sgríoḃaḋ roiṁe so is ċum sinne ṫeagusg do sgríoḃaḋ íad, ionnus go mbeiṫ dóṫċas aguinn tré ḟoiġid agus tré ċóṁḟurtaċd na sgríobtúr. 5Agus go dtugaiḋ Día na foiġide agus na cóṁḟurtaċda ḋaóiḃ ḃeiṫ dáoininntin a dtáoḃ a ċéile do réir Iósa Críosd: 6Ionnus go maḋ héidir liḃ go háontaḋaċ ré hén ḃéul aṁáin, Día Aṫair ar Dtiġearna Iósa Críosd do ṁolaḋ.
7Uime sin gaḃaíḋ ċugaiḃ a ċéile, do réir mar do ġaḃ Críosd sinne ċuige ċum glóire Dé. 8Agus a deirim go raiḃ Iósa Críosd na ṁinistir an timċillġearrṫa ar son fírinne Dé, ċum geallaṁnaċ na naiṫreaċ do ḋainniuġaḋ: 9Agus ionnus go molfaḋ na cineaḋaċa Día ar son a ṫrocaire; do réir mar atá sgríoḃṫa, Ar a naḋḃarsa aidṁeoċa mé ṫú a measg na Gcineaḋaċ, agus do ḋéuna mé ceól dod ainm. 10Agus a deir sé a rís, Déunaiḋ gáirdeaċus, a Ċineaḋaċa, maille ré na ṗobal. 11Agus a rís, Molaiḋ an Tiġearna a uile Ċineaḋaċa, agus a ṗuibleaċa uile, molaiḋ é. 12Agus a ris a deir Esaías, Biáiḋ fréaṁ Iesse ann, agus an tí éireoċas ċum na Ccineaḋaċ do sdiúraḋ; cuirfid na Cineaḋaċa a ndóṫċas ann. 13Agus go líonaiḋ Día an dóṫċais siḃse do gaċ uile ġáirdeaċus agus ṡoiṫċáin ó ċreideaṁ ḋáoiḃ, ionnus go maḋ móide ḃur ndóṫċas, tré ċúṁaċdaiḃ an Spiorad Náoiṁ.
14Agus a ḋearḃráiṫreaċa, as dearḃ leamsa féin ḃir dtáoḃsa, go ḃfuilti lán do ṁaiṫ, ar mbeiṫ ḋáoiḃ líonta do ġaċ uile éolas, agus go dtig ḋáoiḃ fós a ċéile do ṫeagusg. 15Giḋeaḋ fós, a ḃráiṫreaċa, do sgríoḃ mé ċugaiḃ a gcáil maille ré ġé ḋánaċda, mar do ḃéinn dá ḃur gcur a gcuiṁne, trés an mgrás tugaḋ ḋaṁ ó Ḋía, 16Ionnus go mbéinn am óglaċ ag Iósa Críosd a measg na Gcineaḋaċ, ag miniosdralaċd soisgéil Dé, do ċum go mbeiṫ gean ar ofrail na Gcineaḋaċ, ar mbeiṫ ḋi náoṁṫa trés an Spiorad Náoṁ. 17Uime sin atá aḋḃar gáirdeaċais agam a Niósa Críosd sna neiṫíḃ úd ata a ttáoḃ Dé. 18Oír ní ḃía mé daná ar éainni do laḃairt nar oibriḋ Críosd ṫríom, ċum úṁlaċda na Gcineaḋaċ, a mbréiṫir agus a ngníoṁ, 19Maille ré cúṁaċd ċóṁarṫaḋ agus ṁíorḃuileaḋ, tré neart Spioraide Dé; ionnus gur ċóiṁlíon mé soisgéil Ċríosd, ó Ierusalem, agus na timċeall go soiṫe Illiricum. 20Agus mar sin do ċoiṁéigniḋ mé mé féin ċum an tsoisgéil do ṡeanmóruġaḋ, ní sa nionad ionar hainmniġeaḋ Críosd, deagla mobair do ṫogḃáil daṁ ar ḟunndameint ḋuine eile: 21Aċd do réir mar atá sgrioḃṫa, Do ċifid, an dream naċ ḃfuáir a ṫuarasgḃáil é: agus an drong naċ ccúalaíḋ tuigfid síad.
22Ar a naḋḃarsin fós do cuireaḋ toirmeasg oram go minic fá ṫeaċd ċugaiḃse. 23Aċd a nois ó naċ ḃfuil ionad ní sá ṁó agam sna críoċuiḃse, agus ro ḟonn oram ré mórán bliaḋann teaċd ċugaiḃse. 24An ran ṫríallfus mé don Sbáinn, tiocfaḋ mé ċugaiḃ: óir atá súil agum ré siḃse dfaicsin ag gaḃail seaċa ḋíḃ, agus siḃse do ṫeaċd riom dom ṡeólaḋ don nionad sin, aċd go raiḃ mé saiṫeaċ a gcáíl da ḃur gcuideaċdasa. 25Aċd a noise atáim ag dul go Híarusalém do ḋéanaṁ miniosdrálaċda do na náoṁaiḃ. 26Oir do ḃádar luċd Ṁacedónia agus Aċaia fonnṁar ar ċóṁruinn do ḋéanaṁ ris na náoṁaiḃ boċd atá a Niarusalém. 27Oir bá roṫoil ríu é; agus atáid siádsan na ḃféiṫeaṁnuiḃ aca. Oír má roinneaḋ ris na Cineaḋaċaiḃ a neiṫe sbioradáltasan, atá dfiaċaiḃ orrṫasan mar an gcéudna miniosdrálaċd do ḋéanaṁ ḋóiḃsion sna neiṫiḃ ḃeanus ris an gcolainn. 28Uime sin ar na ċríoċnuġaḋ so ḋaṁ, agus ar gcur ṡéila ḋaṁ ar an toraḋsa ḋóiḃ, géuḃaiḋ mé ré ḃur dtáoḃsa don Sbainn. 29Agus as deiṁin leam, ar dteaċd ḋaṁ ċugaiḃse, go dtiocfaiḋ mé maille ré beannaċdaḋ líonṁarṡoisgéil Ċriosd.
30Agus íarruim daṫċuinġe oraiḃ, a ḋearḃraiṫreaċa, tré ar Dtiġearna Iósa Críosd, agus ar son ġráḋa na Spioraide, ḃur ndiṫċeall do ḋéunaṁ, ma ráon riom a nurnaiġiḃ ċum Dé ar mo ṡon; 31Ċum mo ṡáorṫa ón druing atá easúṁal a dtír Iúdaiġe; agus ċum go mbíaḋ mo ṡeirḃís taitneaṁaċ ag na náoiṁ a Níarusalém; 32Ionnus go maḋ héidir leam teaċd ċugaiḃse maille ré gáirdeaċus do ṫoil Dé, agus furtaċd dfaġáil ḋaṁ má ráon riḃ. 33Agus Día na sioṫċána maille riḃ uile. Amen.

Currently Selected:

Roṁánaċ 15: BedellG

Highlight

Share

Compare

Copy

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in