YouVersion Logo
Search Icon

Roṁánaċ 14

14
Caibidil XIV
Gan oilḃeim ṫaḃairt don aiṫearraċ, ni neiṫiḃ, eidir-ṁeaḋonaċ.
1Gaḃaiḋ ċugaiḃ an tí atá éagcruáiḋ sa gcreideaṁ, aċd ní ċum ímreasan diosbóireaċda. 2Creidiḋ neaċ gur féidir gaċ uile ḃíaḋ díṫe: agus iṫiḋ neaċ eile, ḃíos éugcruáiḋ, luiḃeanna. 3Ná tugaḋ an té iṫeas tárcuisne ar an tí naċ iṫeann; agus ná beireaḋ an tí naċ iṫeann breaṫ ar an tí iṫeas: oír do ġaḃ Día leis. 4Cía ṫusa ḃeireas breiṫ ar ṡearḃḟoġtuiḋe ḋuine eile? As dá Tiġearna féin ṡeasus nó ṫuiteas sé. Agus coingéuḃṫar súas é: oír is éidir lé Día a ċongṁáil na ṡeasaṁ. 5Bí cion ag neaċ ar lá tar lá eile: agus bí cion ag neaċ eile ar gaċ lá mar a ċéile. Bíoḋ gaċ éunduine laindearḃṫa ann a inntinn féin. 6An tí ċongṁas an lá, as don Tiġearna ċongṁas sé é; agus an tí naċ ccongṁann an lá, as don Tiġearna naċ ccongṁann sé é. An té iṫeas, as don Tiġearna iṫeas sé óir beiriḋ sé buiḋeaċus ré Día; agus an té náċ iṫeann, as don Tiġearna naċ iṫean sé, agus beiriḋ a ḃuiḋe ré Día. 7Oír ní ḋó féin ṁaireas éunduine aguinn, agus ní dó féin do ġeiḃ éunduine aguinn bás. 8Oír más béo ḋuinn, as don Tiġearna atámáid beó; agus más marḃ ḋúinn, as don Tiġearna atámáoid marḃ: uime sin más beó nó marḃ ḋúinn, as leis an Tiġearna sinn. 9Oir is ċuige so fuáir Críosd bás, agus do eiséiriġe sé, agus do aiṫḃeóḋaiḋ se, ċum ḃeiṫ na Ṫiġearna ḋó ar ḃeoḋaiḃ agus ar ṁarḃaiḃ. 10Aċ créd fá mbeireann tusa breaṫ ar do ḋearḃráṫair? nó fós créud fa dtarcuisniġeann tú do ḋearḃraṫáir? Óir séasfum uile a ḃfiaḋnuise ċaiṫreaċ ḃreiṫeaṁnuis Ċríosd. 11Oír atá sgríoḃṫa, Mairimse, a deir an Tiġearna, agus sléaċdfuiḋ gaċ uile ġlún daṁ, agus do ḋéana gaċ uile ṫeangaiḋ adṁáil do Ḋía. 12Ar a naḋḃarsin do ḃéura gaċ áon dínn cunntus ar a ṡon féin do Ḋía.
13Uime sin ná bímid ní sa ṁó ag breiṫ ḃreiṫe ar a ċéile: aċd go maḋ mó ḋéanus siḃ bréiṫeaṁnus air so, eaḋon gan aḋḃar oilḃéime na tuitme do ṫaḃairt da ḃur ndearḃraṫair. 14Atá a ḟios agum, agus is dearḃ leam tré san Dtiġearna Iósa, naċ ḃfuil éainni neaṁġlan úaḋa féin: aċd on tí ṁeasas éinni do ḃeiṫ neaṁġlan, atá sé ḋó sin neaṁġlan. 15Giḋeaḋ dá raiḃ doilġeas ar do ḋearḃraṫair ar son an ḃíḋ, ní ṡiuḃlann tú a nois do réir ġráḋa. Ná cuir ammúġa réd ḃiáḋ, an té agá ḃfuáir Ċríosd bás ar a ṡon. 16Ar a naḋḃarsin na tugaiḋ fá deara ḃur maiṫ do ṁasluġaḋ: 17Oír ní bíaḋ na deoċ rioġaċd Dé; aċd fireantaċd, agus sioṫċáin, agus gáirdeaċus san Spiorad Náoṁ. 18Oír giḋ bé ar biṫ do ní seirḃís do Ċríosd ann sna neiṫiḃsi atá gean ag Día air, agus is dearḃṫa re dáoiniḃ é. 19Uime sin leanum na neiṫe ḃeanus ré soiṫċáin, agus na neiṫe ḃeanus ré follamnuġaḋ a ċéile. 20Ná cuir amúġa obair Dé ar son biḋ. Go deiṁin atá a nuile ḃiaḋ glan; aċd teid a ndoċar don tí iṫeas maille ré hoilḃéim. 21As indéunta gan feóil diṫe, ná fíon diḃe, na éainni tré ḃfuiġe do ḋearḃráṫair tuisleaḋ, nó oilḃéim, nó tré a ndéantáoi éugcruáiḋ é. 22Ata creideaṁ agadsa, bíoḋ sé agad leaċd féin a ḃfíaḋnuise Dé. As beannaiġe an ti naċ damnuiġeann é féin fá an ní ré dtig sé. 23Aċd an tí ar a mbí aṁrus dá niṫiḋ sé atá se damanta, do ḃríġ naċ ó ċreideaṁ iṫeas se: óir gaċ ní naċ ḃfuil ó ċreideaṁ is peacaḋ é.

Currently Selected:

Roṁánaċ 14: BedellG

Highlight

Share

Compare

Copy

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in