YouVersion Logo
Search Icon

Roṁánaċ 10

10
Caibidil X
Gu bfuil fireactaċt an dliġe, sa nduine, agus a Nisrael aṁain: aċd fireactaċt an ċreidiṁ, a Ccriosd, ag roċtain na nuile ċineaḋ.
1A Ḃraiṫre, go deiṁin atá deaġṫoil mo ċroiḋe agus murnuiġe ċum Dé ar son Isráel, ċum a slánniġṫe. 2Oír do ním dfiaḋnuisi ḋóiḃ go ḃfuil teas ġráḋa Dé aca, aċd ní do réir éoluis. 3Oir ar mbeiṫ ainḃfeasaċ ḋóiḃ a ḃfiréantaċd Dé, agus ag íarruiḋ a ḃfireantaċd féin do ṡeasaḋ, níor ísliġeadar íad féin dfiréantaċd Dé. 4Oír a sé Críosd foirċeann an reaċda ċum fíreantaċda dá gaċ áon a ċreideas. 5Oír sgríoḃuiḋ Máoise ar an ḃfíreantaċd ṫig ón reaċd, Giḋ bé duine ḋéanus íad mairfiḋ sé tríoṫa. 6Aċd an ḟíréantaċd ṫig ó ċreideaṁ is mar so a deir sí, Na haḃair ann do ċróiḋe féin, Cía raċas súas ar neaṁ? is ionann sin, agus Críosd do ṫaḃairt a núas: 7Nó, Cía raċas síos don duḃaigén? is ionann sin, agus Críosd do ṫaḃairt a rís ó ṁarḃuiḃ. 8Aċd créd a deir sí? Atá an ḃríaṫar a ngar ḋuit, ann do ḃéul, agus an do ċroiḋe: a sí so, bríaṫar an ċreidiṁ, do nimíd do ṡeanmóir; 9Eaḋon dá nadṁa tú ód ḃéol an Tiġearna Iósa, agus dá gcreide tú ad ċróiḋe gur ṫóg Día é ó ṁarḃuiḃ, sláinéoċṫar ṫú. 10Oír is ris an gcróiḋe ċreidṫear ċum fíréantaċda; agus leis an mbéul do níṫear adṁáil ċum slánaiġe. 11Oír a deir an sgríoptúr, Giḋ bé ċreideas annsan ní ḃfuiġe sé náire. 12Oír ní ḃfuil diṫfir ar biṫ eidir an Iúduiḋe agus an Gréugaċ ann: óir is éin Tiġearna ḋóiḃ uile atá saiḋḃir dá gaċ uile ḋuine ġuiḋeas é. 13Oír giḋ bé duine ġuiḋfeas ainm an Tiġearna, sláinéoċṫar é. 14Aċd cionnas ġuiḋfid síad an té ann nar ċreideadar? agus cionnas ċreidfid síad ann sa té naċ ccúaladar teaċd ṫairis? Agus cionnas ċluinfid síad gan seanmóntuiġ? 15Agus cionus do ḋéanuid siad seanmóir, muna ċuirtear ċuige íad? Mar atá sgríoḃṫa, O créd é bréaġaċd ċos na muinntire ṡoisgéulas an tsioṫċain, ṡoisgéulas neiṫe maiṫe!
16Aċd níor úṁluiġeadar uile don tsoisgéul. Oir a deir Esaías, A Ṫiġearna, cía ċreid dar seanmóirne? 17Uime sin is tré éisdeaċd ṫig an creideaṁ, agus an téisdeaċd tré ḃréiṫir Dé. 18Aċd a deirimse, A né naċ ccúaladar? Do ċuáiḋ a ḃfuáim go deiṁin fá gaċ uile ṫalaṁ, agus a mbríaṫra go leiṫimeal an doṁain. 19Aċd a deirim, A né náċ raiḃ a ḟios ag Israél? A deir Máoisi ar tús, Cuirfiḋ mé tnúṫ oruiḃ lé cineaḋ naċ ḃfuil na ċineaḋ, le cineaḋ míoṫuigseaċ cuirfiḋ mé fearg oruiḃ. 20Agus atá Esaías dána, agus a deir sé Fríṫ mé leis a ndréim naċ ar íarr mé; Do rinneaḋ follus mé don dreim nár íarr mo ṫúarasgḃáil.
21Aċd a deir sé a naġuiḋ Israél, Do ṡín mé amaċ mo láṁa feaḋ an láoi ċum pobuil easúṁuil laḃrus am aġaiḋ.

Currently Selected:

Roṁánaċ 10: BedellG

Highlight

Share

Compare

Copy

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in