Ḃfilippiánaċ 3
3
Caibidil III
Bíoḋ gur ċoiṁed Pól an dliġe tar ċáċ, nior ṫáoḃ sé ris; aċd ṁeasaḋ na ḋioġḃuil é, agus gaċ éinní eile arson Ċríosd do ṫarḃuġaḋ.
1Tuilleaḋ eile, a ḋearḃraiṫre, déunuiḋ gáirdeaċas sa Dtíġearna. Go deiṁin ní léisg leam na neiṫer céudna do sgríoḃaḋ ċuguiḃ, agus as ní saḃálta ḋíḃse é.
2Coiṁéuduiġ siḃ féin ar ṁadruiġiḃ, coiṁéuduiġ siḃ féin ar ḋroċluċd oibre, coiṁéuduiġ siḃ féin ar an gcoiṁġearraḋ. 3Oír as sinne an timċillġearraḋ, noċ do ní seirḃís do Ḋía a sbíoruid, agus do ní gáirdeaċas a Níosa Críosd, agus naċ ccuireann ar muiniġin sa ḃfeóil.
4Bíoḋ gur féidir leamsa fós ḃeiṫ muiniġineaċ as an ḃfeóil. Má ṡaóileann éinneaċ eile go ḃféudann sé muiniġin do ċur sa ḃfeóil, as mó ná sin ḟéudaimsa: 5Ar mbeiṫ ḋaṁ timċillġearrṫa an toċdṁaḋ lá, do ċineaḋ Isráel, do ṫreiḃ Ḃeniamin, am Eaḃraiḋe do na Heaḃruiġiḃ, am Ḟairísineaċ, do réir an reaċda; 6Ré hiomad gráḋa, do rinne mé gérleanṁuin air a neagluid; do réir an ċeirt atá sa réaċd, do ḃí mé neiṁċiontaċ. 7Aċd na neiṫe do ḃí na néudáil agam, do ṁeas mé gur ḋioġḃáil íad ar son Ċríosd. 8Agus fós go deiṁin, measuim gur dioġḃáil na huile neiṫe, ar son éolais ro oirḋeirc Iósa Críosd mo Ṫiġearna: agar léig mé ḋíom na huile neiṫe ar a ṡon, agus measuim naċ ḃfuil ionnta aċd aóileaċ, ionnus go ngnoḋaċuinn Críosd, 9Agus go ḃfuiġṫí annsan mé, gan ḃeiṫ dom ḟiréunntaċd féin, ṫig ón reaċd agám, aċd a nḟiréuntaċd ṫig tré ċréideaṁ Ċriosd, an ḟíréuntaċd atá ó Ḋía tré ċreideaṁ: 10Ionnus go mbíaḋ aiṫne agum airsion, agus ar ċúṁaċd a eiséirġe, agus ar ċumann a ṗeannuiḋe, ar mbeiṫ ḋaṁ dom ċur a gcosaṁlaċd ċroṫa ré na ḃás; 11Dá ḟéuċain an dtiucfaḋ ḋíom ar éunċor roċdain go heiséirġe na marḃ. 12Ní hé go ráinic mé ċeana, nó go ḃfuilim fos ar dteaċd ċum críċe: aċd atáim ag rioṫ, dféuċain an dtiucfaḋ ḋíom fós breiṫ uirrṫe do ḃríġ go rugaḋ oram ċeana ré Iósa Críosd. 13A ḋearḃráiṫre, ní ṁeasuim gur rug mé fós uirrṫe: aċd do ním éinní aṁáín, ar mbeiṫ ḋaṁ ag dearmad na neiṫeann atá arm o ċúl, agus ag déunaṁ mo ḋíṫċill ċum na neiṫeann atá roṁam, 14Rioṫuim go díán ċum an ċoṁarṫa do ṁían luáíḋéaċda árdġárma Dé a Níosa Críosd. 15Uíme sin, an ṁéid ḋínn atá diongṁalta, bioḋ a ninntinnse aguinn: aċd má tá siḃ ar aṫarraċ inntinne, foillséoċuiḋ Día a ní céudna ḋíḃ. 16Giḋeaḋ, siuḃlam air ar naḋuiġ sa ní ċum a dtangamar, do réir áon ríaġla aṁáin, agus bímid déininntinn.
17A ḋearḃráiṫre, bíġiḋ ré ċéile ḃur luċd leanṁana agumsa, agus taḃruiḋ aire don druing ṡiúḃlas do réir na heasumplára do ḃeirmídne ḋíḃ. 18Oír atáid mórán ag siúḃal, fár laḃair mé riḃ go mici, agus fá a ḃfuilim ag gul a nois dá innisin díḃ, gur naiṁde íad do ċroiċ Ċríosd: 19Agár ab damnuġaḋ a gcríoċ ḋeiġeanaċ, agus agar ab é a Ndía a mbolg, agus agá dtéid an ġlóir a náire ḋóiḃ, noċ smuáineas ar neiṫiḃ talṁuiḋe. 20Aċd as ar neaṁ atá ar gcoinḃearsáidne; an tionad as a ḃfuil súil aguinn fós ré teaċd an Tslánaiġṫéora, an Tíġearna Iósa Críosd: 21Noċ ċuirfeas an gcorp truáilliġe a náṫarraċ cróṫa, ċum a ḋéunta cóṁċosṁuil ré na ċorp glórṁar féin, tres a noibriuġaḋ lér féidir leis na huile neiṫe fós do ċur faói féin.
Currently Selected:
Ḃfilippiánaċ 3: BedellG
Highlight
Copy
Compare
Share
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.