Ḃfilippiánaċ 2
2
Caibidil II
Impiḋe ċum ionnanus, 8 uṁlaċd; 12 agus slainte an anam do ṡaóṫruġaḋ le diṫċioll.
1Uime sin mar atá cóṁḟurtaċd ar biṫ a Gcríosd, má atá sólas ar biṫ gráḋa, má atá cumann ar biṫ Sbioruide, má atá truáiġe ar biṫ nó trócaire, 2Coiṁlíonuiḋ mo ġáirdeaċasa, ré ḃeiṫ díḃ déininntinn, dáonġráḋ, déuntoil, agus déinḃreiṫeaṁnas. 3Gan éinní tré ċonnsbóid ná tré ġlóir ḋíoṁáoin; aċd a núṁlaċd inntinne measaḋ gaċ áon gur fear neaċ eile na é féin. 4Nár ab íad na neiṫe ḃeanais ris féin ḃéuras gaċ áon dá aire, aċd gaċ áon na neiṫe fós ḃeanas ré dáoiniḃ eile. 5Uime sin bíoḋ a ninntinn ċéudna ionnuiḃ, noċ do ḃí fós a Niósa Críosd: 6Noċ, ar mbeiṫ ḋó a ḃfoirm Dé, nár ṁeas sé na ṡlad ḃeiṫ ḋó coimionnun ré Día: 7Aċd do ċuir sé é féin a neamṡúim, ar ndul dó a rioċd ṡearḃfoġantuiġe, ar na ḋéunaṁ cosṁail ré dáoiniḃ: 8Agus ar na ḟaġáil a ḃfioġair mar ḋuine, do ísliġ sé é féin, ar mbeiṫ ḋó ar ná ḋéunaṁ úṁal gus an mbás eáḋon bás na croiċe. 9Ar a naḋḃarsin do árduiġ Día é go ro árd mar an gcéudna, agus tug sé ainm ḋó ó cionn gaċ uile anma: 10Ionnus go ccromṫaḋ gaċ uile ġlún dainm Iósa, eaḋon glúine na neiṫeann atá ar neaṁ, agus ar talaṁ, agus fáoi an dtalaṁ; 11Agus go naidṁeóċaḋ gaċ uile ṫeanguiḋ gur ab é Iósa Críosd an Tiġearna, ċum glóire Dé Aṫar.
12Uime sin, a ċaired, aṁuil tug siḃ úṁlaċd uáiḃ a goiṁnuiḋe, ní hé aṁáin dom láṫairse, aċd a nois go mórṁór ar mbeiṫ ḋaṁ ḃur ḃféugṁuis, sáoṫruiġe ḃur slánuġaḋ féin maille ré faitċéas agus ré crioṫnuġaḋ. 13Oír a sé Día oibriġeas ionnuiḃ an toil agus an gníoṁ do réir a ḋeaġṫola. 14Déunuiḋ na huile neiṫe gan ṁonḃar agus gan ċallóid: 15Ionnus go mbiáiḋ siḃ neiṁċiontaċ agus neaṁurċóideaċ, ḃur gcloinn neaṁloċduiġ ag Día, a measg ḋroiċċiniḋ ċrosda, eidir a ḃfuil siḃ ag deallruġaḋ mar lóċrannuiḃ soilse sa tsáoġal; 16Ag síneaḋ ḃréiṫre na beaṫa uáiḃ amaċ; ionnus go dtiucfaḋ ḋíomsa mórḋáil do ḋéunaṁ a ló Ċríosd, nár rioṫ mé go díoṁáoin, agus nár ṡáoṫruiḋ mé go díoṁáóin. 17Aċd fós, bíoḋ go ḃfuilim dom íoḋbairt ar muin íoḋbarṫa agus ṡeirḃíse ḃur gcreidiṁse, atá lúaṫġáir oram, agus gáirdeaċas má ráon liḃse uile. 18Ar son a naḋḃair ċéudna déanuiġse fós lúaṫġáir, agus gáirdeaċas má ráon riomsa.
19Agus atá muiniġin agum sa Dtíġearna Iósa ré Timoteus do ċur ċuguiḃ go haiṫġearr, ionnus go mbéinn deiġṁeisniġ, ar ḃfaġáil ḟeasa créud as cor ḋíḃse. 20Oír ní ḃfuil a ċaṁuil agum ar ḟeaḃus a inntinne, noċ ar a mbíaḋ cúram na neiṫeann ḃeanas riḃse go dúṫraċdaċ. 21Oír síad na neiṫe ḃeanas ríu féin íarruid na huile, agus ní híad na neiṫe ḃeanas ré Híosa Críosd. 22Aċd atá fios a ḋearḃṫaċdsan aguiḃse, eaḋon go ndearna sé miniosdrálaċd um ḟoċairse sa tsoisgéul, aṁuil do ḋéunaḋ mac a ḃfoċair a aṫar. 23Uime sin atá súil agum ris a ḃfearsa do ċur ċuguiḃ, cóṁlúaṫ agus ḃías a ḟios agus créud ḃus cor ḋaṁ féin. 24Agus atá muiniġin agum sa Dtíġearna go dtiucfuiḋ mé féin mar an gcéudna ċuguiḃ go haiṫġearr. 25Giḋeaḋ do ṁeas mé gur riaċdanaċ mo ḋearḃráṫair Epaṗroditus, do ċur ċuguiḃ, mo ċoṁoibriġe, agus mo ċoiṁḟior coguiḋ, agus ḃur dteaċdairese, agus an tí do ḟóir oram a nám mo riaċdanuis. 26Oír do ḃí fonn a ċróiḋe ionnuiḃse uile, agus do líonaḋ é do ṫuirse, tré na ċlos dáoiḃse go raiḃ sé lag. 27Agus go deiṁin do ḃí sé lag a ḃfogus don ḃás: giḋeaḋ do rinne Día trócaire air; agus ní hair aṁáin, aċd oramsa mar an gcéudna, ionnus naċ bíaḋ doilġeas ar muin doilġis oram. 28Uime sin bá moide mo ḋúṫraċd fá na ċur ċuguiḃ, ionnus ar na ḟaicsin a rís daóiḃ, go ngéuḃa gáirdeaċas siḃ, agus go maḋ lúġaide mo ḋoilġeassa é. 29Ar a naḋḃarsin gaḃuiḋ ċúguiḃ é sa Dtíġearna maille ris a nuile ġáirdeaċás; agus bíoḋ cion mór aguiḃ ar ṡaṁuilsion: 30Do ḃríġ go dtáinic sé go garr don ḃás ar son oibre Ċríosd, agus nár ċuir suim ann a anam, ionnus go gcoiṁlíonfaḋ sé a nuireasḃaiḋ do ḃí oramsa a dtáoḃ ḃur seirḃísse.
Currently Selected:
Ḃfilippiánaċ 2: BedellG
Highlight
Copy
Compare
Share
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.