YouVersion Logo
Search Icon

Neaḃruiḋeaċ 1

1
Caibidil I
Go bfuil Iósa Críosd ineísdeaċd ris; ar ḋó ḃeiṫ oscionn ná bfaġ agus na naingeal.
1Dia, noċ do laḃair a nallód go minic agus ar ṁóġuiḃ éugsaṁla ris na haiṫreaċuiḃ tres na faiḋiḃ, 2Do laḃair sé rinne sna laéṫiḃ deiġeanaċasa trés an Mac, do órduiġ sé na oiġre air a niomlán, tré ar ċrúṫuiġ sé fós an dóṁan; 3Noċ ar mbeiṫ ḋo na ḋeallraḋ glóire, agus na ioṁáiġ ḟíre a ṗearsannsan, agus ag congṁáil súas na nuile neiṫeann ré breiṫir a ċúṁaċd féin, ar nglanaḋ ar bpeacuiġne ḋó ṫríd féin, do ṡuiġ sé ar láiṁ ḋeis na Mórġaċda sna hárduiḃ; 4Ar mbeiṫ ḋó ar na ḋéunaṁ ní sa ro óirrḋearca ná na haingil, ar gur ab oirrḋearca an tainm fuáir sé ná íadsan. 5Oír cía do na haingliḃ ré a ndúḃairt sé ríaṁ, As tú mo Ṁac, a niúġ do ġin mé ṫú? Agus a ris, Biáiḋ mé um Aṫair aige, agus biáiḋ seision na Ṁac agumsa? 6Agus a ris, an tan do ḃeir sé a steaċ an ċéidġin don doṁan, a deir sé, Agus tuguid aingil Dé uile onóir ḋó. 7Agus a deir sé a dtáoḃ na naingeal, Do ní sé a ṫeaċdaireaḋa do na sbioraduiḃ, agus a ṁinisdreaḋa don teine lasarrġa. 8Aċd ris an Mac a deir sé, A Ḋía, máiriḋ do ċaṫaóir ríoġasa, go sáoġal na sáoġal: is slat ċóṁṫruim slat do ríoġaċdasa. 9Do gráḋuiġ tú an ḟiréuntaċd, agus do ḟúaṫuiġ tú a néugcóir; uime sin do ung Día, do Ḋía féin ṫú, ré hóla an ġáirdeaċuis ós cionn do ċompánaċ. 10Agus, As tusa, a Ṫíġearna, tug fonndameint ḋaingean don talaṁ ó ṫús: agus a síad na flaiṫeaṁnuis oibreaċa do láṁ. 11Raċuid síadsan as a gcrúṫ; aċd fanuiḋ tusa: agus raċuiḋ uile a gcaiṫeaṁ mar éudaċ; 12Agus fillfiġear ar a ċéile íad mar ḃrát, agus béid siad ar na gcláoċlúġ: aċd as tusa an neaċ céudna, agus ní raċuiḋ críoċ ar do ḃlíaḋnuiḃ. 13Agus cía do na haingliḃ ré a ndúḃairt sé ríaṁ, Suiḋ ar mo ḋeis, nó go gcuiriḋ mé do naiṁde na sdól coa fúd?
14A né naċ sbiorada freasduil íad uile, ċurṫar a maċ ċum miniosdrálaċda ar son na druinge ġeuḃus oiġreaċd an tslánaiġṫe?

Currently Selected:

Neaḃruiḋeaċ 1: BedellG

Highlight

Copy

Compare

Share

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in